32 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn faoin tráth seo agus triúr eile caillte ó thuaidh

34 cás nua a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna agus 2,094 cás atá anois in Éirinn

32 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn faoin tráth seo agus triúr eile caillte ó thuaidh

32 duine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo agus triúr eile básaithe sa Tuaisceart. 13 ar fad atá caillte anois ó thuaidh den teorainn agus 19 atá básaithe ó dheas.

34 cás nua a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna agus 275 cás ar fad atá deimhnithe.

2,094 cás atá anois in Éirinn, thuaidh agus theas.

168 bás eile a tuairiscíodh i Sasana inniu, an lá céanna gur fógraíodh go raibh Covid-19  tolgtha ag Príomh-Aire agus rúnaí sláinte na Breataine, Boris Johnson agus Matt Hancock. 689 líon iomlán na mbásanna i Sasana faoin tráth seo. D’fhógair an NHS gur 789 duine a bhí básaithe den ghalar sa Ríocht Aontaithe faoin tráth seo agus gur le lá anuas a tharla an t-ardú is mó go dtí seo in aon lá amháin – 181 duine.

Tá 1,819 cás de Covid-19 deimhnithe ó dheas den teorainn agus d’fhógair an Roinn Sláinte aréir go raibh deichniúr eile a bhí buailte ag an víreas básaithe. Seachtar fear agus triúr ban a bhásaigh. San oirthear a bhí naonúr acu agus sa deisceart a bhí an duine eile. De réir na bhfigiúirí nua, den chéad uair scaipeadh sa phobal ba chúis le hos cionn leath de na cásanna.

255 cás nua den ghalar a deimhníodh ó dheas aréir agus is ionann an 19 duine a fuair bás go dtí seo agus 1% de líon iomlán na gcásanna.

“Nílimid ach i dtús an chuair,” a dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, agus na figiúirí is déanaí á bhfógairt tráthnóna aige.

Maidir leis an 19 duine atá básaithe ó dheas, ba í an mheánaois a bhí i gceist ná 79 bliain d’aois. Fir a bhí i 68% de na daoine sin agus mná ab ea 32%.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas, 47 duine a bhí in aonaid dianchúraim de dheasca Covid-19 faoi mheán oíche Dé Máirt seo caite. B’ionann sin agus 3.4% de na cásanna go léir a bhí deimhnithe.

Maidir leis na figiúirí is déanaí sin ón Roinn Sláinte:

  • Fir a bhí i gceist le 55% de na cásanna agus mná iad 45%
  • Bhí 66 braisle i gceist ar bhain 295 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 46 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 340 duine, nó 25%
  • As na daoine sin, cuireadh 47 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 321 cás, nó 23%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 774 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 154 cás, nó 11%
  • 45 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe, 38 a bhí i gcontae Chiarraí, 12 cás bhí i nDún na nGall, 22 cás a bhí i bPort Láirge agus 27 cás a bhí i gcontae na Mí
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 51% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 22% agus taisteal thar lear ba chúis le 27%

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson buailte ag an gcoróinvíreas.

D’fhógair aire sláinte na Breataine Matt Hancock chomh maith inniu go raibh an galar tolgtha aige.

Dúirt Johnson ar maidin go leanfadh sé air “mar cheannaire” ar fheachtas a Rialtais i gcoinne an víris.

Dúirt Johnson go raibh teocht ard aige agus nach raibh stopadh air ach ag casacht.

Fógraíodh ar maidin go raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh ar Johnson do Covid-19, an víreas a bhfuil an saol curtha bunoscionn aige ar fud an domhain.

Dúirt urlabhraí ó Shráid Downing go raibh siomptóim éadroma inné ar Phríomh-Aire na Breataine agus gur cuireadh tástáil air ina dhiaidh sin don choróinvíreas “ar chomhairle phearsanta” Phríomh-Oifigeach Leighis Shasana, an tOllamh  Chris Whitty.

Rinne baill foirne den NHS an tástáil ag Uimh. 10 agus bhí toradh dearfach uirthi.

Dúirt aire sláinte na Breataine Matt Hancock gur siomptóim éadroma a bhí air sin chomh maith agus go raibh sé ag fanacht amach ó dhaoine eile agus ag obair ón mbaile.

De réir na dtreoracha, tá an Príomh-Aire á choinneáil féin amach ó dhaoine i Sráid Downing.

Fág freagra ar '32 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn faoin tráth seo agus triúr eile caillte ó thuaidh'