An Nollaig a Bhí
Ba nós liom Oíche Nollag
cuairt a thabhairt abhaile
Go mothóinn draíocht na féile
ins an teaichín úd mar a chleacht mé.
Mo mháthair ag an doras romham
Ag fáiltiú romham le barróg
Is meangadh caoin deas m’athar
Ag fadú gríosach ar an teallach
B’aoibhinn liom an choinneal mhór
Is crann na soilse daite
An mainséar ins an bhfuinneog
Is coinnle geala i dtithe an bhaile.
Thagadh claochlú orm tamaillín
is bhínn arís i mo leanbh
Is mé ag dréim leis an bhfear mór údan
A bheadh ar cuairt againn roimh mhaidin.
B’ait liom an cáca rísíní
Is an blogam tae ina theannta
Cuairt shuáilceach na gcomharsan
Is deoch na Nollag lena mbeannacht.
Cuimhní cinn ár sinsir
Is ár muintir i bhfad ó bhaile
Is súil le Dia go mbeadh an Nollaig romhainn
Níos fearr ná an ceann a bhí caite.
Sheasainn ins an doras úd
Ag airdeall i chaon aird
Soilse neimhe is saolta
Go lonrach diamhrach i gcomhpháirt.
Tá an doras dúinte is na soilse múchta
Ní fheicfear coinnle Nollag feasta
Ach tá lóchrann síorgheal i mo chroí
Don dís a bhí agus atá ar marthain.
*D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht cnuasach filíochta le Máire Uí Ráinne i mí na Nollag 2025, Cumraíocht
Fág freagra ar '‘An Nollaig a Bhí’ le Máire Uí Ráinne an dán deireanach againn inár sraith bheag dánta i gcomhair na Nollag'