Fogha aorach faoin gciníochas téaltaitheach caolchúiseach sa láthair oibre

Ábhar sollúnta atá idir chamáin sa tsraith ‘The Other Black Girl’, ach ní i gcónaí a aimsíonn sé an sprioc

Fogha aorach faoin gciníochas téaltaitheach caolchúiseach sa láthair oibre

Nuair a thagann an cúntóir eagarthóireachta Nella (Sinclair Daniel) chun na hoibre sa chomhlacht foilsitheoireachta Wagner,, gach lá bíonn uirthi siúl thairis “the wall of white people”. Sin an teideal aorach atá baiste ar an bhfalla ar a bhfuil pictiúirí d’eagarthóirí agus iar-eagarthóirí an chomhlachta crochta. Dhá dhuine dhéag acu san iomlán; naonúr fear bán, beirt bhan bhána agus bean ghorm amháin. Buille ord ar inneoin.

In iardhearcadh ag tosach ­an chéad ghála den tsraith deich gclár The Other Black Girl (Disney+) címid an t-eagarthóir gorm úd, Kendra Rae Philips (Cassie Maddox) ag teitheadh lena hanam ón oifig i Nua-Eabhrac i 1988. Níor fhill sí riamh. Cuirtear abhaile orainn go bhfuil rud éigin gránna tar éis tarlú.

Sa lá atá inniu sí Nella an t-aon duine gorm san oifig agus ní nach ionadh tá Philips mar laoch aici. Bean chumasach, éirimiúil í atá tiomanta dá cuid oibre. Caitheann sí an lá ag obair go dúthrachtach agus ag tindeáil ar an óinseach de bhas atá aici.

Sa dá ghála atá feicthe agam go dtí seo tagann ciníochas caolchúiseach chun cinn go luath agus go minic. Nella thíos leis an ‘white ignorance”, an cumaliomachas, uaillmhian agus pribhléid na ndaoine bána timpeall uirthi.

Drochshúil ó sheanbhean san ardaitheoir mar ná taitníonn léi gur féidir léi ábhar den cheol ó chluasáin Nella a chloisint agus lóis Nella ag cur as don bhas. Tagann liúdramán eile, atá ag iarraidh a bheith geanúil, chuici le labhairt léi faoi alt a sheol sí chuici. Teideal an ailt – ‘The Token in the Corporate Machine: Being Black in a White Workplace.’ Ligeann Nella osna frustrachais, is mó osna a ligeann sí.

Údar misnigh di nuair a thosnaíonn bean ghorm eile, Hazel-May (Ashleigh Murray), san oifig. Í geanúil, cuileachtúil, tuisceanach.

Tosnaíonn rudaí ag imeacht ar bóiléagar, áfach. An bhean nua mar chrann taca agus ag déanamh feall ar iontaoibh ar a seal. Nuair a cháineann Nella carachtar i leabhar nua le húdar mór le rá tá sí in umar na haimléise. I rith an ama bíonn Kendra á samhlú do Nella, rud atá á ciapadh. Is cinnte go ndéanfar cinniúint Kendra a mhíniú a thuilleadh sna gálaí atá le teacht.

Tá an saothar aorach seo bunaithe ar leabhar mór-ráchairte le Zakiya Dalila. Fogha fíochmhar faoin gciníochas téaltaitheach atá anseo. Neamhthuiscint agus pribhléid mar mháithreacha leis. Ní hé gach duine a gheobhaidh blas ar an léiriú a dhéantar ar dhaoine geala mar liúdramáin chiníocha gan téagar. Sin pointe an aoir is dócha. Tá taispeántais bhreátha síos tríd cé gurb í Daniel a dhéanann an saothar a iompar agus í i ngach radharc. Déanann sí a cúram go slachtmhar.

Tá ábhar sollúnta idir chamáin sa saothar seo. Déantar é a chíoradh go cáiréiseach go minic ach ag amanna áirithe, áfach, tá blas an scigdhráma, na geamaireachta agus na háiféise ar chúrsaí.

Sraith thábhachtach ina slí féin í The Other Black Girl ach ní i gcónaí a aimsíonn sé an sprioc.

Fág freagra ar 'Fogha aorach faoin gciníochas téaltaitheach caolchúiseach sa láthair oibre'