LÁITHREACH BONN: Tá an daonlathas baiste go maith againn sa nGaeilge –  flaitheas na ndaoine 

Ní hé gur theip ar an daonlathas, ná baol air, ach nár baineadh triail iomlán as go fóill

LÁITHREACH BONN: Tá an daonlathas baiste go maith againn sa nGaeilge –  flaitheas na ndaoine 

Céard is daonlathas ann? Bhuel, is gearr ó chonaic muid i mbun oibre é, más fíor. 

Ar an gcúigiú lá den mhí seo, chuaigh 873,787 duine ag triall ar ionaid ar fud na Sé Chontae. Tugadh páipéar dóibh, chuireadar in iúl air na daoine ab áil leo a bheith i dtionól Stormont, agus toghadh comhaltaí dá réir. Chuile sheans nach dtiocfaidh na comhaltaí úd ar aon réiteach, ar ndóigh, ach bhí deis vótála ag an bpobal. Sin agat an daonlathas.

Níor cheart a bheag a dhéanamh ariamh den cheart seo an dream a bheas sa rialtas nó nach mbeidh a roghnú. Ní beag ach oiread an ceart cur in aghaidh an rialtais, a theacht le chéile agus labhairt amach gan fuacht gan faitíos ar son malairt polasaí. 

Feiceann muid an ceart sin dá shéanadh go brúidiúil ar mhuintir na hÚcráine ag impiriúlachas na Rúise i láthair na huaire. Mara bhfuil sé chomh feiceálach céanna, séantar ar mhuintir na Palaistíne freisin é, séantar sa tSín, san Araib Shádach agus i neart tíortha eile é.

Ní hann don daonlathas gan an ceart seo. Ach ní hionann é agus an daonlathas. Tá sé baiste go maith againn sa nGaeilge: flaitheas na ndaoine is ea an daonlathas, ceannas an phobail. Agus tá i bhfad níos mó i gceist leis sin ná toghchán anois is aríst.

Ar an gcéad dul síos, téann na hionadaithe ó smacht orainn a thúisce a thoghtar iad. A chead acu tine chnámh a dhéanamh den dréimire a thug i gcumhacht iad ansin, meirg a ligean ar a gcuid geallúintí, cumasc leo siúd a cháineadar an tseachtain roimhe. Ní bhíonn breith againn orthu go ceann cúig bliana eile. Ní leor lá daonlathais sna naoi nairde. Toghcháin níos rialta is gá, agus ceart againn ionadaithe atá faillíoch nó fealltach a aisghairm.

Éilíonn an daonlathas go mbeidh teacht againn ar an eolas is gá le fadhbanna a thuiscint, agus na réitigh éagsúla orthu a chuirtear chun cinn. Ach is fada ó bheith cothrom í an pháirc imeartha seo. I bpóca ollghnólachtaí atá nuachtáin, stáisiúin raidió is teilifíse, chomh maith le meáin shóisialta. Agus is dream iad siúd nach ndéanann infheistíocht ariamh gan a sochar féin a bhaint aisti.

Cúnamh an dreoilín don fharraige atá sna meáin phoiblí atá fágtha, agus nósanna is luachanna na gcomhlachtaí atá in iomaíocht leo dá gcur i gcion orthu sin féin. Greim ar dhrioball eascainne atá ag meáin scríofa na Gaeilge, foras stáit ag breathnú thar a ngualainn agus rian na húsáide ar an tua úd taobh thiar dá dhroim.

Ach is é a laghad an locht mór ar an daonlathas. Tá teorainn chrua nach gceadaítear dó a shárú. Cé go bhfuil cead againn polaiteoirí a thoghadh gach cúig bliana, ní bhíonn vótáil ar bith ar rudaí cinniúnacha a théann go croí ár saoil. 

Cé a thogh ceannairí na gcomhlachtaí móra? Cé a vótáil dóibh an chumhacht mhór mhillteach atá acu? Cé a shocraíonn ar cheart monarcha a dhúnadh nó a choinneáil ag obair? Ní faoi bhreith an phobail a fhágtar ceisteanna mar sin. An dornán beag a dhéanann na cinntí seo, níor vótáil muid isteach iad ná níl aon chaoi againn ar a vótáil amach. Tá cead a gcinn acu na mílte a fhágáil ar an ngannchuid más áil leo, gan oiread na fríde de dhaonlathas ag baint leis an scéal.

Agus níl ansin ach an ceart, dar leo. Cé gur fíor-annamh a cheistítear a dtiarnas, déarfaidís gur dóibh is dual cúrsaí eacnamaíochta a riaradh. Gur acu atá an t-airgead, an taithí, an scil sna cúrsaí seo. Tá an mórphobal i bhfad ró-aineolach lena leithéid a thuiscint, agus praiseach a dhéanfadh muid dá mba fúinne é.

Is é sin le rá go bhfuil siad i dtuilleamaí na gclaontuairimí ceannann céanna a cheil cead vótála ar ár sinsir le blianta fada. Bhí an daoscarshlua ródhúr leis an bpolaitíocht a thuiscint, a deirtí, agus thitfeadh an tsibhialtacht as a chéile dá mba i ndán is go ligfí dóibh rialtóirí a thoghadh. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí vóta a ligean ach le dream ar leith, daoine a raibh airgead acu féin nó a muintir.

Is fada an cath sin caillte acu ar fud tromlach an domhain, agus ní mór dóibh cur suas anois le toghcháin ó am go chéile. Ach tá an tuathlathas eacnamaíochta beo beathaíoch i gcónaí. Sin Bastille atá fós le leagan, réabhlóid dhaonlathach atá fós le cur i gcrích.

Ag gabháil i neart atá an tuathlathas seo, go deimhin. Tá síorchúngú dá dhéanamh ar fhearann an daonlathais, agus síorleathnú ar fhearann an mhargaidh. Is lú a shocraítear de réir toil an phobail, agus is mó a shocraítear de réir toil na pingine is airde.

Tá a shliocht ar an éigeandáil tithíochta, cuir i gcás. Ba mhinic an stát ó dheas beo bocht, gan falach a thóna féin air: sna 1930idí, sna 1950idí, sna 1980idí. Ach níorbh ann sna tréimhsí sin don chruachás tithíochta atá gaibhte in ainseal orainn le glúin anuas, más thuas nó thíos don gheilleagar. 

Bhíodh foireann bhuan ag chuile Chomhairle ag tógáil is ag cothabháil tithe agus iad dá ligean le daoine de réir mar ba ghá. Bhí an tithíocht ina cúram poiblí ag údaráis thofa, cuid d’fhearann an daonlathais. Anois tá sí aistrithe chuig fearann an mhargaidh, agus glactar leis gur cúram príobháideach é áiteacha cónaithe a thógáil. 

Ba dheacair cuimhneamh ar dhiomailt ba mhí-éifeachtaí ná seo, mar ní thógann comhlacht príobháideach teach ar bith gan 10-15% de bhrabach a chur leis an gcostas ar mhaithe leis féin. Beidh samhlaíocht agus misneach ag teastáil leis an mbunriachtanas seo a athghabháil don daonlathas, agus dá n-uireasa sin leanfaidh an tubaiste léi.

Má tá géarchéim daonlathais anuas orainn, is é an chaoi a loiceann an daonlathas roimh na cúrsaí eacnamaíochta a shocraíonn ár mbeatha is cúis léi. Daonlathas is leithne agus is doimhne a theastaíonn, daonlathas go smior. Ní hé gur theip ar an daonlathas, ná baol air, ach nár baineadh triail iomlán as go fóill.

Staraí agus údar é Aindrias Ó Cathasaigh. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Tá an daonlathas baiste go maith againn sa nGaeilge –  flaitheas na ndaoine '

  • Gabriel Rosenstock

    Aontaím.