221 an líon iomlán daoine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn agus os cionn 6,000 cás deimhnithe

221 duine atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 158 ó dheas agus 63 ó thuaidh, 21 bás eile agus 390 cás nua a deimhníodh ó dheas anocht...

221 an líon iomlán daoine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn agus os cionn 6,000 cás deimhnithe

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá 21 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe ó dheas.

221 duine atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 158 ó dheas agus 63 ó thuaidh.

6,083 cás atá deimhnithe den choróinvíreas faoin tráth seo, 4,994 ó dheas agus 1,089 ó thuaidh.

390 cás nua a deimhníodh ó dheas inniu agus 91 cás nua a deimhníodh ó thuaidh.

Maidir leis an 21 bás eile a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, naonúr ban agus dháréag fear a bhí i gceist. San oirthear a bhí seachtar déag de na daoine a bhásaigh, bhí beirt in iarthar na tíre, i ndeisceart na tíre a bhí an bheirt eile. 81 an mheánaois a bhí acu agus bhí fadhbanna sláinte eile ag cúigear déag acu.

Deimhníodh níos túisce inniu go raibh seachtar eile básaithe sa Tuaisceart.

8,486 duine a tástáladh go n-uige seo ó thuaidh den teorainn agus 37,000 duine a tástáladh ó dheas.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 4,443 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé hAoine seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 47% de na cásanna agus mná iad 53%
  • 236 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 903 cás leo san iomlán
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,203 duine, 27%
  • As na daoine sin, cuireadh 165 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 1,163  cás, nó 26%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 2,490 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 343 cás, nó 8%
  • 108 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.4%), 85 a bhí i gcontae Chiarraí (1.9%), 81 cás a bhí i nDún na nGall (1.8%), 78 cás a bhí i Maigh Eo (1.8%), 46 cás a bhí i bPort Láirge (1%) agus 106 cás a bhí i gcontae na Mí (2.4%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 63% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 24% agus taisteal thar lear ba chúis le 13%

Tá súil ag an HSE go mbeidh 4,500 tástáil sa lá á ndéanamh do Covid-19 an tseachtain seo chugainn.

Beidh líon na dtástálacha ag brath áfach ar theacht a bheith ag na saotharlanna ar a dhóthain den imoibrí atá riachtanach chun na samplaí a thástáil.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris ar an 19 Márta gur mheas sé go mbeifí tosaithe ar 15,000 tástáil a dhéanamh in aghaidh an lae roinnt laethanta ina dhiaidh sin.

Is amhlaidh go bhfuil 2,000-2,500 tástáil sa lá á ndéanamh le cúpla lá anuas ach thit an figiúir sin go dtí 1,500 an tseachtain seo caite, tráth ar dúnadh roinnt ionad toisc gan dóthain ábhar tástála a bheith ar fáil.

Dúirt príomh-oifigeach oibríochtaí an HSE Áine O’Connor  gur 37,000 tástáil ar fad a bhí curtha ar dhaoine anois. 30,213 an figiúr a tugadh Dé Máirt seo caite.

Thug O’Connor le fios gur 142 othar le Covid-19 a bhí in aonaid dianchúraim an stáit agus go raibh 794 duine eile sna hospidéil géarmhíochaine.

Thug príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid le fios inniu go raibh scagadh á dhéanamh sa Ghearmáin gach lá ar 2,000 tástáil atá a ndéanamh in Éirinn.

Theastódh socruithe dá leithéid, a dúirt sé, nó go mbeadh dóthain den imoibrí, a bhfuil ganntanas de ar fud an domhain, ar fáil.

Maidir leis an scéala go raibh cuid den trealamh cosanta pearsanta a tháinig anseo ón tSín lochtach nó gan mhaith, dúirt Reid nach bhféadfaí 20% den lastas a úsáid ar chor ar bith.

Dúirt Reid go raibh 25 aerálaí nua tagtha agus curtha go dtí Ospidéal San Séamas agus Ospidéal an Mater agus go mbeadh 225 aerálaí eile ag teacht an tseachtain seo chugainn. Bheadh 1,300 aerálaí faighte faoi lár mhí Aibreáin, a dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE. Ba é an dúshlán ba mhó a bhain leis an ngéarchéim ná a chinntiú go mbeadh dóthain áiteanna sna haonaid dianchúraim, a dúirt sé.

Thuairiscigh an Irish Times tráthnóna go raibh an Taoiseach Leo Varadkar cláraithe mar dhochtúir arís agus go bhfuil sé i gceist aige seal amháin a chur isteach in aghaidh na seachtaine le linn na géarchéime.

Idir an dá linn, bhí ábhar dóchais eile san Iodáil inniu agus líon na mbásanna a fógraíodh níos lú ná mar a fógraíodh aon lá eile ón 19 Márta i leith.

Tháinig laghdú chomh maith don dara lá as a chéile ar líon na n-othar a raibh dianchúram sna hospidéil ag teastáil uathu.

Fógraíodh bás 525 duine eile san Iodáil tráthnóna agus 15,887 duine ar fad atá básaithe sa tír is measa ar domhan atá buailte ag an bpaindéim.

Thit líon na gcásanna nua den choróinvíreas sa Spáinn don tríú lá as chéile, comhartha, meastar, go bhfuil ag éirí leis an srianta agus an scoitheadh sóisialta sa tír sin chomh maith.

6,023 cás nua a fógraíodh inniu sa Spáinn i gcomparáid le 7,026 cás nua inné agus 7,472 cás nua Dé hAoine.

Thit líon na mbásanna sa Spáinn don dara lá as a chéile – 674 bás a fógraíodh inniu i gcomparáid le 809 inné.

621 bás eile a fógraíodh inniu sa Ríocht Aontaithe agus 4,934 bás atá anois ann.

Dhein an rúnaí sláinte Matt Hancock diancháineadh ar dhaoine a dhein neamhaird den scoitheadh sóisialta an deireadh seachtaine seo. “Tá sibh ag cur bhur mbeatha féin agus beatha daoine eile i mbaol,” a dúirt sé.

Tá os cionn 320,000 cás den choróinvíreas deimhnithe anois i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tír is mó sa domhan ina bhfuil cásanna deimhnithe.

Thug Uachtarán Mheiriceá Donald Trump rabhadh don phobal go raibh “an tseachtain is uafásaí fós” amach rompu agus go mbeadh “go leor básanna ann, faraor”.

Dúirt Gobharnóir Nua-Eabhrac Andrew Cuomo go raibh laghdú tagtha den chéad uair le cúpla lá anuas ar líon na mbásanna agus líon na ndaoine ar theastaigh cúram ospidéil uathu. Dúirt sé, áfach, go raibh sé róluath a rá cén fáth é sin. 4,159 duine a bhí buailte le Covid-19 atá básaithe i Nua-Eabhrac.

De réir an áirimh atá á dhéanamh ag Ollscoil Johns Hopkins tá os cionn 1.25 milliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan agus tá os cionn 65,000 duine le Covid-19 básaithe.

Fág freagra ar '221 an líon iomlán daoine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn agus os cionn 6,000 cás deimhnithe'