200 coir sceimhlitheoireachta admhaithe ag ‘ollbhrathadóir’ ón UVF i mBéal Feirste

D’admhaigh Haggarty, atá faoi choinneáil chosanta ag an PSNI i láthair na huaire, gur mharaigh sé cúigear agus go ndearna sé iarracht cúigear eile a dhúnmharú freisin, oifigigh de chuid na bpóilíní ina measc

200 coir sceimhlitheoireachta admhaithe ag ‘ollbhrathadóir’ ón UVF i mBéal Feirste

Tá admhaithe ag Gary Haggarty, iarcheannaire an UVF i dtuaisceart Bhéal Feirste agus ollbhrathadóir, gur dhúnmharaigh sé cúigear agus gur ghlac sé páirt in 200 ionsaí sceimhlitheoireachta eile.

D’admhaigh Haggarty, atá faoi choinneáil chosanta ag an PSNI i láthair na huaire, go ndearna sé iarracht cúigear eile a dhúnmharú freisin, oifigigh de chuid na bpóilíní ina measc.

I measc an 200 coir sceimhlitheoireachta a d’admhaigh Haggarty baint a bheith aige leo i gCúirt na Corónach i mBéal Feirste ar maidin, bhí 25 cás comhcheilg um dhúnmharú agus ceithre choir a bhain le stiúradh sceimhlitheoireachta.

Gearrfar cúig phianbhreith saoil air as na dúnmharuithe, ach laghdófar go mór na pianbhreitheanna sin mar gheall ar an ról a bhí aige mar bhrathadóir faoin Acht um Choiriúlacht Thromchúiseach agus Póilíneachta.

Mharaigh sé gach duine den chúigear agus é ag obair mar bhrathadóir don tseirbhís phóilíneachta ó thuaidh. Ba iad na daoine a mharaigh sé John Harbinson, a bascadh chun báis i 1997 i Mount Vernon, Seán McParland, a caitheadh agus é ag tabhairt aire dá gharchlann i dteach a iníne i 1994, Éamon Fox agus Gary Convie ar scaoileadh leo agus iad i gcarr ar Shráid Thuaidh na Banríona i 1994, agus Seán McDermott, ar scaoileadh leis ina charr gar do bhaile Aontroma i 1994.

D’admhaigh Haggarty freisin go raibh baint aige le dúnmharú Peter

McTansey i 1991.

Bhí an fiosrúchán faoi Gary Haggarty ar bun le seacht mbliana anuas, agus é ar cheann de na fiosrúcháin is mó riamh a rinne an PSNI ó bunaíodh an tseirbhís.

Tá sé ina chónaí in áit rúnda i Sasana ó thairg sé eolas don tseirbhís phóilíneachta faoina chomhghleacaithe sa UVF. Is é an duine is sinsearaí riamh san eagraíocht sceimhlitheoireachta a thug eolas don tseirbhís phóilíneachta, agus bhí sé ina cheannaire ar an UVF i dtuaisceart Bhéal Feirste agus in oirdheisceart Aontroma.

Thug sé eolas freisin faoi roinnt póilíní, ar bhaill den RUC iad, a mhaígh sé a bheith ag obair as lámha a chéile le dílseoirí ó thuaidh agus iad i mbun sceimhlitheoireachta. Tá fiosrúchán eile ar bun faoi na líomhaintí sin i láthair na huaire.

Táthar ag súil go ngearrfar pianbhreith ar Haggarty níos deireanaí i mbliana ach go mbeidh an phianbhreith sin laghdaithe go mór mar gheall ar an mbrathadóireacht. Tá trí bliana caite sa phríosún aige cheana féin.

Fág freagra ar '200 coir sceimhlitheoireachta admhaithe ag ‘ollbhrathadóir’ ón UVF i mBéal Feirste'