18 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 349 cás nua deimhnithe

D’fhógair Céad-Aire Stormont, Arlene Foster, inniu roinnt de na srianta atá le scaoileadh sa Tuaisceart an mhí seo chugainn

18 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 349 cás nua deimhnithe

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 18 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

Bhain 17 de na básanna le mí an Mhárta agus bhásaigh an duine eile an mhí seo caite.

349 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 355 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 88 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim. Cuireadh 36 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 451,589 duine agus an dara dáileog faighte ag 164,345 duine.

Bhain 23 de chásanna an lae inniu le contae na Mí, 19 cás a bhí i nDún na nGall, 14 cás a bhí i nGaillimh agus 14 cás a bhí i gCorcaigh.

Ocht gcás a bhí i bPort Láirge, cúig chás a bhí i gCiarraí agus níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo.

Meánráta 148 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an ráta i gcontae na Mí (215) agus i nDún na nGall (152) níos airde ná an meánráta náisiúnta i láthair na huaire.

Ráta 113 atá i nGaillimh, 103 atá i Maigh Eo agus 103 atá i bPort Láirge. Ráta 54 atá i gCiarraí agus 52 atá i gCorcaigh, an tríú ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile a raibh an Covid-19 tolgtha aige básaithe. Deimhníodh 164 cás nua den ghalar. 176 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 18 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Go “stuama réidh” a scaoilfear na srianta i dTuaisceart Éireann a deir an Chéad-Aire Arlene Foster. Dúirt sí go raibh an Feidhmeannas “cúramach ach dóchasach”.

An Luan seo chugainn an 22 Márta a fhillfidh daltaí iarbhunscoile bhlianta 12 go 14 agus daltaí bunscoile P4-P7 ar a gcuid seomraí ranga. An 12 Aibreán a fhillfidh an chuid eile de na daltaí iarbhunscoile. 

Dúirt Foster gur theastaigh ón bhFeidhmeannas go scaoilfí na srianta ”go stuama réidh”. 

Ach faomhadh an Fheidhmeannais a fháil, ón 12 Aibreán beidh cead ag deichniúr ó dhá líon tí casadh le chéile amuigh faoin aer le spórt a imirt agus beidh cead ag daoine stuif a ordú ar líne agus an t-ordú a bhailiú ó ionaid gharraíodóireachta. 

Beidh clubanna spóirt atá ceangailte le boird rialaithe aitheanta ábalta teacht le chéile ag traenáil faoin aer i ngrúpaí beaga nach mbeidh níos mó ná 15 duine ach ní bheidh áiseanna laistigh oscailte.

Beidh cead ag na scothspóirt comórtais gan aon lucht féachana a eagrú agus beidh cead ag foireann Thuaisceart Éireann dhá chluiche cáilithe do Chorn an Domhain a imirt ar an 25 agus an 31 Márta mar aon le cluiche cairdiúil leis na Stáit Aontaithe.

6,652 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,100 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,552 duine ó dheas di.

342,844 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 227,663 cás ó dheas den teorainn agus 115,181 cás ó thuaidh di.

Fógraíodh níos luaithe inniu go bhfaighidh Éire 110,000 dáileog sa mbreis de vacsaín BioNTech-Pfizer sna trí mhí seo chugainn.

Mhol an Coimisiún Eorpach inniu go gcuirfí dlús leis an vacsaíniú. 

Bhí sé ráite ag an Rialtas roimhe seo go bhfaigheadh an tír seo os cionn dhá mhilliún dáileog de vacsaín BioNTech-Pfizer sna trí mhí – Aibreán,  Bealtaine, agus Meitheamh. 

Táthar ag súil go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) cead a gcinn arís Déardaoin do dhochtúirí vacsaín AstraZeneca a thabhairt don phobal. Tá fiosrúchán ar bun ag an EMA lena fháil amach an bhfuil aon chontúirt téachtadh fola ag gabháil leis an vacsaín sin. 

Tá an tsnáthaid sin ar fionraí in Éirinn agus i mbreis is dháréag tír eile go dtí go bhfaighidh sí beannacht an EMA arís. 

Fág freagra ar '18 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 349 cás nua deimhnithe'