Pádraic Ó Conaire, Liam Ó Flaithearta agus ‘The Agony of The World’

Déanfar comóradh an deireadh seachtaine seo chugainn ar an gcairdeas a bhí idir Liam Ó Flaithearta agus Pádraic Ó Conaire

Pádraic Ó Conaire, Liam Ó Flaithearta agus ‘The Agony of The World’

Dé Domhnaigh seo chugainn Tí Joe Mac i gCill Rónáin, Árainn, déanfar comóradh ar an gcairdeas a bhí idir Liam Ó Flaithearta agus Pádraic Ó Conaire. Bhí ardmheas acu ar a chéile.

Ní hé amháin gur scríbhneoirí a bhí iontu beirt ach Sóisialaithe dílse ab ea iad freisin.

Rinne Ó Flaithearta cur síos uair amháin ar an am a raibh Ó Conaire ag fanacht sa teach aige agus gur mhol an Conaireach dhó scríobh i nGaeilge. Seo mar a dúirt Liam:

Leag mé féin orm. Scríobh mé dráma i dtrí lá agus shac mé isteach chuig Gearóid Ó Lochlainn é. (Ba é Gearóid Ó Lochlainn a bhí i gceannas ar an gComhar Drámaíochta). Shac mé an oiread seo gearrscéalta chuig Pádraic Ó Domhnalláin le haghaidh An Claidheamh Soluis. Ar feadh an ama sin chaith Padraic an chuid is mó den lá ina shuí cois an teallaigh agus an píopa sáite isteach sa mant mór siúd a bhí ina dhrad íochtarach. Diabhal focal a scríobh sé; ach é ag déanamh léirmheasa ar gach ar scríobh mé féin agus ag coinneáil cainte liom.

Dúirt an Flaitheartach gur ‘tréan’ an cainteoir ab ea an Conaireach agus nach raibh ‘aon chailleadh aimsire riamh ar an té a bhí ag éisteacht leis’.

Ach tháinig olc air féin faoi dheireadh.

‘Cén fáth sa diabhal nach gcuireann tú píosa as do chraiceann?’ a dúirt sé leis an gConaireach maidin amháin. ‘Gheall tú dráma dom agus cá bhfuil an scéal sin faoi d’uncail?’.

Tharraing Pádraic an píopa as a bhéal agus thóg sé marc orm idir an dá shúil leis. Bhí leathshúil caochta aige, go díreach mar a bheadh sé ag brath ar urchar a scaoileadh fúm. Ach go raibh an créatúr ag meangadh gáire mar bhíodh sé mórán i gcónaí; sórt meanga beag fuar dobrónach.

Labhair Ó Conaire faoi dheireadh.

‘Cogar, Liam,’ a dúirt sé, ‘níor scríobh tú aon cheo riamh do pháistí scoile?’

‘Páistí scoile?’ a dúirt an Flaitheartach..

‘Is ea’, a deir Pádraic. ‘Páistí scoile. Is iad a mharaigh féith na scríbhneoireachta ionam.’

Dúirt sé gurbh éigean dó a bheith ag scríobh ‘rudaí seafóideacha’ don Roinn Oideachais le maireachtaint ‘cé go bhfuil a fhios ag Dia gur maireachtaint shuarach atáim a dhéanamh’.

Thug an Flaitheartach cuntas truamhéalach freisin ar an am ar fhág Ó Conaire slán aige agus é ar a bhealach go Baile Átha Cliath go dtí fód a bháis. Bhí carr beag ag an bhFlaitheartach agus thairg sé é a thabhairt ann.

‘Is fearr liom siúl cos,’ a dúirt Ó Conaire.

‘Dhá fhichead míle?’ a dúirt an Flaitheartach.

‘Is é an t-aon rud ar an saol,’ a dúirt an Conaireach, ‘a thug sólás i gcónaí dom: siúl aonraic ar bhóthar sléibhe.”

‘D’imigh sé ansin,’ arsa an Flaitheartach, ‘agus chonaic mé ag gabháil soir é go righin: hata dubh air agus maide draighin ina láimh: an lámh eile ag coinneáil an phíopa sa mant mór siúd a bhí ina dhrad íochtarach.’

Mar bhuille scoir, is fiú aird a tharraingt ar an ngearrscéal le Pádraic a d’aistrigh Liam go Béarla.

Thug sé cead dó a rogha saothair dá chuid a aistriú le haghaidh irise a bhí ag Middleton Murray agus Catherine Mansfield. D’aistrigh sé ‘Croí-Bhrughadh na Cruinne’ agus ‘thaitin sé go han-mhór le gach ar léigh é san Adelphi’.

Chuir Middleton Murray dhá ghine mar luach saothair chuige agus shín sé chuig Pádraic an seic agus iad ina suí cois teallaigh.

‘Céard é seo?’ a dúirt Pádraic.

‘Tá fios maith agat céard é,’ a dúirt Liam.

‘Céard tá le déanamh leis?’ a dúirt Pádraic.

‘Do rogha rud,’ dúirt Liam.

Las Pádraic a phíopa leis an seic.

‘The Agony of The World’ a thug an Flaitheartach ar an aistriúchán a rinne sé ar ‘Croí-Bhrughadh na Cruinne’. Léifear an dá leagan Tí Joe Mac Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Pádraic Ó Conaire, Liam Ó Flaithearta agus ‘The Agony of The World’'