14 Feisire Eorpach agus 949 Comhairleoir le toghadh ag vótóirí

Beidh vótáil ar siúl inniu i 6,500 stáisiún ar fud na tíre sna toghcháin áitiúla, Eorpacha agus le Méara a thoghadh i Luimneach

14 Feisire Eorpach agus 949 Comhairleoir le toghadh ag vótóirí

Beidh deis ag muintir na tíre seo inniu 14 Feisire Eorpach a thoghadh le seasamh ar ár son i bParlaimint na hEorpa agus 949 duine a roghnú le suíocháin a líonadh ar chomhairlí contae agus cathrach.

Beidh na bothanna vótála ar oscailt óna 7am go dtí a 10pm i ngach ceann den 6,500 stáisiún vótála.

Is é seo an chéad uair riamh a mbeidh deis ag daoine i gcontae agus i gcathair Luimnigh atá cláraithe le vótáil Méara a thoghadh. Tá muintir Luimnigh ar thús cadhnaíochta agus beidh súil ghéar ag pobail eile ar fud na tíre ar an rath a bheidh ar an Méara tofa.

Inné san Ísiltír a cuireadh tús leis an vótáil i mballstáit an Aontais Eorpaigh mar a dtoghfaidh pobal an 27 stát 720 Feisire Eorpach chun ionadaíocht a dhéanamh orthu i bParlaimint na hEorpa.

Tá cead vótála ag breis is 400 milliún saoránach de chuid an Aontais. I 1979 a reáchtáladh an chéad toghchán don Pharlaimint agus bhí deich dtoghchán Eorpach againn ó shin, an ceann deireanach mí na Bealtaine 2019.

Beidh tionchar díreach ag toghchán na seachtaine seo ar bhallraíocht an Choimisiúin Eorpaigh sa gcéad téarma eile. Is é an Coimisiún brainse feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh agus is é a ainmneoidh an chéad uachtarán eile ar an gComhairle Eorpach.

Toghfar ceathrar déag Feisirí Eorpacha i dtoghcháin Eorpacha an lae inniu as an 73 iarrthóir atá san iomaíocht.

Toghfar ceathrar feisirí i dtoghlach Bhaile Átha Cliath agus gan sa toghlach sin ach contae iomlán Bhaile Átha Cliath.

Cúigear feisirí a thoghfar i dtoghlach fairsing an Lár Tíre -an Iarthuaiscirt, a chlúdaíonn na contaetha seo uile – Cill Dara, Laois, Uíbh Fhailí, Liatroim, Longfort, Lú, Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Ros Comáin, an Mhí, agus an Iarmhí.

Cúigear feisirí eile a thoghfar i dtoghlach an Deiscirt chun ionadaíocht a dhéanamh ar  dheich gcontae: Ceatharlach, an Clár, Corcaigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Luimneach, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman agus Cill Mhantáin.

949 suíochán atá le líonadh ar na comhairlí contae agus cathrach sa 166 toghroinn áitiúil sa tír. Tá 31 údarás rialtais áitiúil againn agus breis is 2,100 iarrthóir ag fiach ar shuíochán ar cheann acu.

Maidin amárach, Dé Sathairn, an 8 Meitheamh, a chuirfear tús leis an gcomhaireamh vótaí sna toghcháin áitiúla, an chéad toghchán a chomhairfear, ach a mbeidh na vótaí scartha agus eagar curtha orthu.

Meastar go mbeidh na chéad suíocháin áitiúla líonta faoi thráthnóna ach is maith an seans go mbeidh cúpla lá fada comhairimh ann sula mbeidh an ceann deiridh dearbhaithe.

Ag a 9.00am maidin Dé Domhnaigh a thosófar ag comhaireamh vótaí thoghchán na hEorpa.

Maidin Dé Luain a thabharfar faoi vótaí Mhéara Luimnigh a chomhaireamh.

Fág freagra ar '14 Feisire Eorpach agus 949 Comhairleoir le toghadh ag vótóirí'