De réir mar a thagann torthaí na dtoghchán isteach feicfimid cén tionchar atá ag fadhb na hinimirce ar pholaitíocht na tíre i ndáiríre. Ach bíodh tionchar beag nó mór i gceist, is féidir a rá go gcuireann an cheist sin isteach ar Shinn Féin níos mó ná ar aon pháirtí eile.
Ar an gcéad dul síos, is léir le tamall go bhfuil míshástacht an phobail leis an inimirce ceangailte le géarchéim na tithíochta. Cuireann sé fearg ar dhaoine nuair a cheapann siad go bhfuil an pobal dúchais á fhágáil ar leataobh le freastal ar riachtanais na dteifeach is eile.
Tá níos mó Éireannach ná riamh gan áit chónaithe bhuan acu, agus ní fheiceann an pobal aon deifir ar an rialtas tabhairt faoin gcruachás.
Go bunúsach, dá mbeadh dóthain tithe ar fáil don phobal dúchais ní dóigh liom go gcuirfeadh scéal na dteifeach isteach an oiread sin ar dhaoine is a chuireann faoi láthair. Beidh lucht an chiníochais i gcónaí ann, cinnte, ach ní dóigh liom go mbeadh an glacadh céanna lena gcuid argóintí, más féidir argóintí a thabhairt ar an manglam fuatha is bréaga a chothaíonn siad.
Ar ndóigh, is mar gheall ar cheist na tithíochta is mó a mheall Sinn Féin a gcuid tacaíochta i measc an phobail. Cén fáth mar sin gurb iadsan an páirtí is mó atá thíos le ceist na hinimirce?
Ceapaim go bhfuil sé soiléir gur dhírigh fórsaí na heite deise i bhfad amach a nimh is a bhfuinneamh i gcoinne Shinn Féin thar aon pháirtí eile.
Ní rud ait é sin. Má bhreathnaíonn muid siar ar na tríochaidí sa nGearmáin dhírigh na Naitsithe a gcuid nimhe i gcoinne na heite clé, na cumannaigh go háirithe. Labhair siad go fórsúil faoi chúrsaí dífhostaíochta is easpa dídine. Ach níor chuir siad an milleán maidir leis na fadhbanna sin ar lucht an rachmais ach ar na Giúdaigh, na cumannaigh is na ceardchumannaithe.
Bhain an faisisteachas leas as míshástacht an phobail ar mhaithe leo siúd a d’athródh an scéal a dhíbirt.
Mar an gcéanna in Éirinn.
Níl Sinn Féin i gcumhacht agus is iad páirtithe an rialtais – Fine Gael, Fianna Fáil is Comhaontas Glas – atá freagrach as teip an pholasaí tithíochta agus as teip an pholasaí inimirce. Ach díríonn an eite dheis i bhfad amach a bhfearg ar Shinn Féin is ar pháirtithe eile ar an eite chlé.
Mar sin féin, tá scéal na tithíochta níos measa ná riamh, ach b’fhéidir go bhfuil Sinn Féin ag seinm an phoirt chéanna rófhada. Tá siad ag caint an oiread sin faoi athrú go bhfuil cuid dá lucht tacaíochta ag éirí bréan den teachtaireacht, b’fhéidir.
Ag an am céanna tá sé ag éirí níos soiléire ná riamh nach féidir fadhb na tithíochta a réiteach leis na polasaithe atá ann faoi láthair – go deimhin sin é a dúirt an Coimisiún Tithíochta féin.
Tá leithscéalta áirithe ann don teip, ach ar deireadh thiar ceapaim go bhfuil sé soiléir nach féidir fadhb na tithíochta a réiteach le huirlis an mhargaidh. Agus sin é polasaí an rialtais: an earnáil phríobháideach a mhealladh le tithe a thógáil trí airgead stáit a thabhairt dóibh.
Ach is ar mhaithe le brabús a dhéanann an earnáil phríobháideach gnó, ní ar mhaithe le carthanacht a léiriú dóibh siúd atá gan dídean.
Go stairiúil freisin, faoi rialtais de chuid Fhianna Fáil den chuid is mó mar a tharlaíonn, is é an stát a réitigh an fhadhb. Thug an stát airgead do na comhairlí contae le tithe sóisialta a thógáil, is d’éirigh thar cionn leis an bpolasaí sin.
Ach fágadh an polasaí sin ar leataobh ag deireadh na n-ochtóidí. Thit líon na dtithe sóisialta a thóg na comhairlí áitiúla faoi 66% sa tréimhse sin. Ansin ag tús an chéid seo filleadh ar thithe sóisialta a thógáil. Ach arís in 2008 gearradh an caiteachas air sin ó €1.7 billiún go dtí €680 milliún, gearradh siar 60%.
Agus tá ag teip ar an rialtas go leanúnach na spriocanna reatha faoi thithe sóisialta a bhaint amach.
Ní de thimpiste a tharlaíonn sé seo, ach de réir idé-eolaíocht na bpáirtithe rialtais a thugann tús áite i gcónaí don mhargadh, fiú nuair is léir nach n-oireann an margadh do riachtanais an phobail.
Go fírinneach mar sin baineann conspóid na dteifeach ón bhfócas is cóir a chur ar an rialtas maidir le tithíocht.
Ach ní hin atá ón eite dheis i bhfad amach ach an eite chlé a chloí.
Beidh le feiceáil sna torthaí cé chomh maith is a éireoidh leo san iarracht sin, nó cén straitéis a bheidh ag Sinn Féin le buachan orthu.
Fág freagra ar 'Fadhb na tithíochta agus fadhb na hinimirce – sin dís a théann le chéile'