Seaimpíní na hÉireann cloíte, an bua ag Gaillimh ar Áth Cliath sa gcraobh den chéad uair le 90 bliain

Níor tugadh mórán seans do Ghaillimh roimh chluiche an lae inniu ach tá foireann Pádraic Joyce ar ais i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann

Seaimpíní na hÉireann cloíte, an bua ag Gaillimh ar Áth Cliath sa gcraobh den chéad uair le 90 bliain

Na Gaillimhigh ag ceiilúradh agus an ceann is fear faighte acu ar Bhaile Átha Cliath i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Tá áit i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann bainte amach ag peileadóirí na Gaillimhe tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh, an chéad bhua ag na Gaillimhigh ar fhir na príomhchathrach sa gcraobh le 90 bliain.

Aon phointe amháin a bhí idir na foirne nuair a shéid an réiteoir Seán Hurson an fheadóg dheireanach, 0-17 in aghaidh 0-16, agus taispeántas dochreidte tugtha ag foireann Pádraic Joyce chun seaimpíní na hÉireann a chloí.

Measadh roimh ré go gcaithfeadh gach rud dul ceart do Ghaillimh chun an cluiche a bhuachan, ach d’éirigh leo in ainneoin buillí móra a bheith buailte orthu. Bhí ar chaptaen na foirne Seán Kelly, an pháirc a fhágáil gan ach 20 nóiméad imeartha agus is go bacach a chuaigh Shane Walsh, a d’aimsigh seacht bpointe, i dtreo na taobhlíne nuair a bhí an choimhlint idir dhá cheann na meá. Nuair a chuirtear san áireamh freisin gur beag tionchar a bhí ag Damien Comer agus Rob Finnerty ar an gcluiche, chuaigh go leor i gcoinne na nGaillimheach ach d’fhág taispeántas iontach ag cosantóirí na foirne agus cúnamh na bhfear ionaid, a d’aimsigh trí cinn de na cheithre phointe deireanach ag Gaillimh, gur thug foireann Joyce na cosa leo.

Beidh díomá mór ar Áth Cliath leis an taispeántas a thugadar, go háirithe sa dara leath. Is í seo an chéad uair ó 2009 nach bhfuil babhtaí leathcheannais na hÉireann bainte amach acu agus tá ceist ann an bhfeicfear leithéidí Stephen Cluxton, Michael Fitzsimons agus James McCarthy arís, triúr a bhfuil naoi mbonn uile-Éireann an duine acu.

Chuir Dessie Farrell na réalta móra uile chun páirce ón tús sa chluiche agus thosaigh McCarthy, Jack McCaffrey agus Paul Mannion. Níor éirigh le Mannion ná McCarthy dul i bhfeidhm ar an imirt mórán, fiú nuair a bhí an lámh in uachtar ag Áth Cliath.

Bhreathnaigh sé sa chéad leath go mbeadh bua éasca go maith ag Áth Cliath agus iad 0-6 in aghaidh 0-2 chun tosaigh agus gan ach ceathrú uaire imeartha ach d’fheabhsaigh na Gaillimhigh ina dhiaidh sin agus fuair Shane Walsh, a raibh amhras faoi roimh an gcluiche agus gortú rúitín ag cur as dó, cúpla scór álainn.

Bhí Áth Cliath fós ceithre phointe chun cinn ag leath ama, 0-11 in aghaidh 0-7, ach chuir Gaillimh tús maith leis an dara leath le hiarracht bhreá ó Cillian McDaid, a chiceáil trí scór tábhachtach sa dara leath. Bhí an obair a rinne Dylan McHugh agus fear Árann, Seán Mulkerrin, chomh tábhachtach céanna sa dara leath agus an bheirt ina bhfathaigh i gcosaint na Gaillimhe.

Niall Scully agus Seán Mulkerrin ©INPHO/Leah Scholes

Bhí na scóranna ag teacht níos éasca ag Gaillimh sa dara leath agus d’fhág trí cinn as a chéile in achar cúig nóiméad go raibh siad ar ais ar comhscór, 0-14 an taobh, agus 64 nóiméad imeartha.

Bhí ar Phádraic Joyce Shane Walsh a bhaint den pháirc díreach ina dhiaidh sin, áfach, agus nuair a chuir an t-ionadaí Ross McGarry Áth Cliath chun tosaigh go gairid, bhí imní ar lucht leanta na Gaillimhe go raibh an deis imithe.

Ní raibh ná baol air, áfach. Scóráil Dylan McHugh, Johnny Heaney agus Tomo Culhane trí phointe as a chéile chun Gaillimh a chur dhá phointe chun cinn ag druidim i dtreo am cúitimh. D’aimsigh Con O’Callaghan pointe amháin d’Áth Cliath chun an bhearna a laghdú agus bhí deis iontach aige ar cheann eile chun na foirne a thabhairt cothrom ach thit sí ar chlé agus ar fóraoil agus na Gaillimhigh anois atá ag prapáil do chluiche leathcheannais faoi cheann coicíse.

Beidh Ard Mhacha leo sa chéad bhabhta eile tar éis d’fhoireann Kieran McGeeney an ceann is fearr a fháil ar Ros Comáin, 2-12 i gcoinne 0-12, sa chéad chluiche a imríodh tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh.

Conor Turbitt ©INPHO/James Crombie

Beidh na hUltaigh sásta agus a gcéad chluiche leathcheannais ó 2005 rompu, ach beidh feabhas mór ag teastáil agus an bua sa choimhlint seo nach mór bronnta orthu ag Ros Comáin. Ach mharaigh míchruinneas damanta aon seans a bhí ag foireann Davy Burke an cluiche seo a bhaint agus d’fhág na cúil, ceann ag Barry McCambridge sa chéad leath agus ceann eile ag Conor Turbitt sa dara leath, go mbeidh Ard Mhacha ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh uair amháin eile ar a laghad i mbliana.

Fág freagra ar 'Seaimpíní na hÉireann cloíte, an bua ag Gaillimh ar Áth Cliath sa gcraobh den chéad uair le 90 bliain'

  • Seosaimhin ni Bheaglaoich

    Mo ghrá go deo iad!!

  • Kerry Blue

    Comhghairdeachas le Gaillimh as an rith searraigh seo. Bainíg ceol as idir an dá linn.