Ní cuimhin liom an lá ar fógraíodh Comhaontú Aoine an Chéasta.
Cáisc na bliana 1998, bhí mé 13 bliana d’aois agus ag saothrú mo chéad phingineacha.
Bhí jab agam le cara liom i ndiaidh am scoile ag seachadadh The Belfast Telegraph ar thithe ar na sráideanna thart fá Candahar, an tsráid inar tógadh mé, agus ar na Annadale Flats i ndeisceart Bhéal Feirste.
Ceantar dílseach míchlúiteach a bhí sna blocanna árasán ar Annadale, a bhí díreach buailte le Sráid Candahar ar Bhóthar Ormeau.
‘No-go zone’ a bhí ann.
Bhí strus ag baint leis an jab ar dhá chúis. Ní raibh barúil ag mo mháthair go raibh orainn na nuachtáin a thabhairt linn go hAnnadale gach lá agus bhíodh eagla orainn ag tabhairt faoin chúram.
Áit scanrúil a bhí inti, a raibh múrphictiúir ghránna ar thaobh na n-árasán d’fhir le gunnaí agus balaclávaí. Bhí sé breac le bratacha an UFF mar gur chónaigh Joe Bratty, ceannaire de chuid an UFF i ndeisceart Bhéal Feirste, i gceann de na hárasáin ar feadh seala. Dúradh gur tháinig Bratty slán ó ocht n-iarracht a rinne an tIRA é a mharú sular éirigh leo sa deireadh i 1994. Cé nach raibh mórán eolais agam faoi Bratty ag an am sin, bhí a fhios agam nach áit shábháilte a bhí in Annandale do Chaitlicigh ná do náisiúnaithe óga mar muidne.
Fiú ag an aois sin, bhí mé i mo náisiúnach agus Caitliceach bródúil. Ní ghlacfainn riamh le duine ag rá gur as ‘Tuaisceart Éireann’ mé agus ba chuma nach ndeachaigh mé ar aifreann go rialta. Sheinn mé an fhidil, bhí Gaeilge agam, chuaigh mé chun na Gaeltachta ar laethanta saoire agus chinntigh mo dheartháir go raibh an litir ‘h’ á rá agam mar a déarfadh Caitliceach maith é. Bhí an ghráin agam ar shaighdiúirí, ar dhílseoirí, ar fhir bhuí agus ar achan rud gorm, bán agus dearg.
Chothaigh mé fuath ar leith do na saighdiúirí i ndiaidh eachtra a tharla ar Dhroichead Ormeau agus mé ag siúl abhaile ón áit a bhfágadh bus na bunscoile mé.
Bhí veain de chuid an airm ag na soilse dearga agus saighdiúirí ina suí sa chúl. Bhí an doras cúil ar oscailt agus dhírigh saighdiúir amháin a ghunna orm agus lean sé air á dhíriú orm a fhad is a bhí mé ag siúl trasna an droichid. Agus iad ag tiomáint ar shiúl scairt sé ‘pop’ amach.
Is cuimhin liom mo mháthair a bheith ar buile faoi. Ó chúlra Preispitéireach a tháinig sí agus bhí sí páirteach sna hiarrachtaí a bhí ar bun sa cheantar páistí ón dá chúlra a thabhairt le chéile. Chuaigh muid chuig club óige darbh ainm ‘Woodcraft’, a bhíodh á reáchtáil ag tuismitheoirí sa cheantar, rud a d’fhág go raibh cairde agam ó theaghlaigh mheasctha.
Ach ar an tsráid féin, sheachain mé dílseoirí óga agus páistí a d ’fhreastail ar scoileanna Protastúnacha agus sheachain siadsan mise.
Ba cheantar ‘measctha’ é Bóthar Ormeau sa mhéid is go raibh Caitlicigh agus Protastúnaigh ina gcónaí ann ach bhí sráideanna áirithe ina ngeiteonna dílseacha agus náisiúnacha agus is amhlaidh atá go dtí an lá inniu.
Corrtheaghlach Caitliceach a bhí ar shráid s’againne an t-am sin agus ní raibh aon fhadhb againne. Is cuimhin liom a bheith ag dul thart le mo liathróid chispheile agus culaith scoile ‘Bunscoil Phobal Feirste’ orm. Bhíodh mo dheartháir mar a chéile, amuigh ar an tsráid ag imirt lena liathróid pheile agus a gheansaí ‘CLG an Dúin’ air.
Ach is cuimhin liom teaghlach Caitliceach a tháinig chun cónaí ar Shráid Candahar agus gur dódh an teach s’acu go talamh. Tháinig siad slán ach d’fhág siad an ceantar agus bhí an teach folamh ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
Is cuimhin liom rabhadh buama i lár na hoíche agus go raibh orainn dul chuig teach comharsan ar an taobh eile den tsráid agus na pitseámaí orainn. Is cuimhin liom rabhadh buama eile nuair a bhí mé sa mheánscoil. Ceann bréagach an iarraidh seo agus fuair muid lá saor ón scoil.
Maraíodh fear, Caitliceach, ina theach ag barr na sráide. Mí Eanáir 1994 a bhí ann agus is cuimhin liom an teach agus an tsráid a bheith ar an nuacht. Scór bliain ina dhiaidh sin, bhí mé ag cóisireacht sa teach sin mar go raibh seomra ar cíos ag cara liom ón Bhriotáin a tháinig go Béal Feirste le bheith páirteach sna seisiúin cheoil sa chathair.
Leis an chomhaontú, tháinig saoirse, saoirse a bhain le bheith sna déaga ach saoirse a bhain le bheith i do chónaí ar shráid nach raibh saighdiúirí ar patról ann a thuilleadh agus gan héileacaptair a bheith le cluinstin is tú sa leaba.
Áit í anois a mbíonn daoine, macasamhail mo chara ón Bhriotáin, sásta teacht chun cónaí ann mar go mbíonn scoth an cheoil sa chathair.
Fág freagra ar '13 bliain a bhí mé, ag dáileadh an Belfast Telegraph i ‘No-go zone’'