1,167 cás nua den choróinvíreas fógartha, triúr eile básaithe

Beagnach 2,500 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 629 duine ó thuaidh agus 1,868 ó dheas

1,167 cás nua den choróinvíreas fógartha, triúr eile básaithe

Tá 1,167 cás nua den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Triúr eile atá básaithe de dheasca an víris.

Bhí 142 de chásanna an lae inniu i gcontae na Mí agus 137 cás a bhí i gCorcaigh.

71 cás nua a bhí i nGaillimh, 48 cás a bhí i nDún na nGall, 36 cás a bhí i Maigh Eo, 29 cás a bhí i gCiarraí agus seacht gcás a bhí i bPort Láirge.

263 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

Tá 314 duine a bhfuil an Covid-19 orthu sna hospidéil agus tá 34 duine díobh in aonad dianchúraim.

291 in aghaidh gach 100,000 duine ráta an ghalair sa phobal. 653 an ráta anois i gcontae na Mí, an dara ráta is airde sa stát, i ndiaidh chontae an Chabháin mar a bhfuil an ráta ag 1013 in aghaidh gach 100,000 duine.

335.6 atá i gCorcaigh, 327.8 atá i nGaillimh agus 320.4 an ráta i nDún na nGall.

264 an ráta in aghaidh gach 100,000 duine i gCiarraí, 207.7 an ráta i Maigh Eo agus 160.1 atá i bPort Láirge.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go raibh dóchas ann go gcuirfí an víreas faoi chois arís.

“Is mór an dúshlán atá romhainn, ach thugamar aghaidh ar an dúshlán seo cheana, agus mar sin tá a fhios againn conas an víreas seo a chur faoi chois – cloí go docht leis an gcomhairle sláinte phoiblí i ngach rud a dhéanaimid.”

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh 1,039 cás nua deimhnithe acu agus go raibh cúigear eile tar éis bháis de dheasca an Covid-19.

Tá 289 duine a bhfuil an Covid-19 orthu sna hospidéil ó thuaidh den teorainn agus tá 32 duine díobh in aonad dianchúraim.

82,248 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 29,992 cás ó thuaidh den teorainn agus 52,256 cás ó dheas di.

2,497 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 629 duine ó thuaidh agus 1,868 ó dheas.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil inniu nach raibh sé ar an eolas faoin scéala go raibh cinneadh déanta ag an HSE iarraidh ar dhaoine a raibh toradh deimhneach ar an tástáil don Covid-19 faighte acu a gcuardach teagmhálaithe féin a dhéanamh.

Dúirt an Taoiseach gur nuair a cuireadh nasc chuige go dtí scéal san Irish Times a fuair sé amach mar gheall air. Dúirt an HSE nach raibh aon rogha acu ach iarraidh ar 2,000 duine a fuair amach ag an deireadh seachtaine go raibh an galar orthu scéala a chur ag a ngartheagmhálaithe féin le rá leo fanacht glan ar dhaoine eile agus labhairt lena ndochtúir láithreach faoi thástáil a fháil.

Dúirt an HSE gur tharla seo mar gheall ar an líon ard cásanna a deimhníodh le linn an deireadh seachtaine, an líon is mó riamh.

Cinneadh gan cuardach teagmhála a dhéanamh do na daoine sin agus díriú ar na daoine a fuair toradh deimhneach ar thástáil an Luain.

Ní tharlódh a leithéid arís, a dúirt an HSE. Dúirt an Taoiseach go raibh sé “míshásta” agus “an-díomá” air faoin scéala go raibh oiread sin brú ar an gcóras gur theip air déileáil le líon na gcásanna.

Dúirt sé go raibh a gcóras á leasú ag an HSE ionas go mbeifí ábalta cuardach teagmhálaithe a dhéanamh do 1,500 duine sa lá. Dúirt sé go raibh 400 cuardaitheoir teagmhálaithe fostaithe agus go raibh 220 duine eile le fostú an tseachtain seo chugainn.

Idir an dá linn, tá brúisc faoi líon na gcásanna Covid-19 ar fud na hEorpa. Sa Pholainn 100,000 cás a bhí deimhnithe faoin 4 Deireadh Fómhair ach os cionn 200,000 anois ann.

Le roinnt laethanta anuas, thángthas ar níos mó cásanna den ghalar ná aon lá roimhe seo san Ísiltír agus i bPoblacht na Seice. 8,500 cás a deimhníodh san Ísiltír inné agus 11,984 a deimhníodh i bPoblacht na Seice.

San Úcráin tuairiscíodh go raibh 141 duine eile básaithe, níos mó básanna ná mar a fógraíodh aon lá eile ó thús na paindéime. Tá nach mór 6,000 básaithe de dheasca an Covid-19 san Úcráin mar a bhfuil 300,000 cás den ghalar deimhnithe go dtí seo.

Fág freagra ar '1,167 cás nua den choróinvíreas fógartha, triúr eile básaithe'