100 bliain ó shin labhair an Piarsach ón gcroí amach faoi cheist na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta…

Cothrom an ama seo 100 bliain ó shin labhair an Piarsach ag cruinniú de chuid Chonradh na Gaeilge agus mhaígh a rún oideachais ‘studiously moderate’

 

Print

Cothrom na seachtaine seo céad bliain ó shin, fuair Pádraig Mac Piarais locht ar pholasaí oideachais Chonradh na Gaeilge toisc go raibh sé “studiously moderate” agus mhol nach gcloisfí aon Bhéarla i scoileanna Gaeltachta ach amháin nuair a bheadh an Béarla á mhúineadh mar ábhar.

Ba ar an Luan, an 1 Samhain 1915, ag cruinniú a reáchtáil Conradh na Gaeilge i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath, a bhí an Piarasach ag caint.

Tuairiscíodh sa Claidheamh Soluis ar an 6 Samhain 2015 go raibh an t-ardán ag an gcruinniú “filled with members of all the public bodies of Dublin and representatives of many of the educational and industrial organistations, and a large number of clergy”.

Dúradh go raibh an halla féin “packed to overflowing by the citizens of Dublin, who came to hear the gospel of the Gaelic League expounded”.

Ba é Eoin Mac Néill an Cathaoirleach ar an gcruinniú ar pléadh ceithre rún ann.

Moladh sa chéad rún go léireofaí ‘tacaíocht an náisiúin’ do Chonradh na Gaeilge agus bhain an dara rún leis an ngá le hearraí Éireannacha a cheannach. Moladh i rún eile go ndéanfaí baghcat ar na nuachtáin náisiúnta nach raibh colúin i nGaeilge á bhfoilsiú acu.

Ba é an rún a bhain le ceist mhúineadh na Gaeilge, áfach, is mó a spreag caint.

Dúradh sa rún sin nárbh fhéidir brath ar an National Board [An Bord Oideachais] chun an teanga a chur chun cinn toisc nach raibh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach sna coláistí oiliúna agus toisc go raibh cigirí scoile á gceapadh a bhí aineolach ar an nGaeilge.

Mar chuid den rún céanna, iarradh ar scoileanna uile Bhaile Átha Cliath an Ghaeilge a mhúineadh “so that no child shall pass through their schools without acquiring a fair knowledge of the langauge”.

Iarradh chomh maith go mbeadh an stádas céanna ag an nGaeilge sa chóras meánteiste is a bhí ag an Laidin agus an Ghréigis agus go gcuirfí scrúdú Gaeilge roghnach ar fáil do dhaoine a raibh fonn orthu dul ag obair sa tseirbhís phoiblí, go háirithe sna ranna sin a raibh plé mór acu leis an nGaeltacht.

Nuair a labhair an Piarsach ag an gcruinniú, mhaígh sé nach raibh an rún a bhain le cúrsaí oideachais láidir a dhóthain.

B’iad na focail ar bhain sé earraíocht astu chun cur síos a dhéanamh ar mholtaí oideachais an Chonartha ná “studiously moderate”.

Ba chóir polasaí oideachais níos beaichte a bheith ag an eagraíocht, a dúirt sé.

Mhol an Piarsach go gcuirfí leis an rún an t-éileamh go mbeadh an Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta mar “the foundation of education with English as a subject of instruction”. Mhol sé go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach i scoileanna na gceantar Béarla.

Dúirt sé go raibh aithne aige ar roinnt scoileanna a raibh an Ghaeilge mar theanga theagaisc iontu agus go raibh an teanga chomh mór sa treis i gceantair na scoileanna sin is a bhí 20 bliain roimhe.

“The language movement in the country was not reaping the benefits of the bilingual programme in the Irish-speaking districts that it ought to have reaped,” a d’áitigh an Piarsach, de réir na tuairisce ar an gClaidheamh.

Agus é ráite aige go raibh rún oideachais an chruinnithe ‘studiously moderate’, ba í an chuid de chaint an Phiarsaigh is mó a thuill bualadh bos ón slua ná an chuid sin a phléigh cad is ‘moderate’ ann agus cad is ‘extremist’ ann.

“A man was said to be advanced if he said his country should be free (Loud applause). And an Irishman was said to be advanced if he said Ireland should speak Irish (applause). If they were to claim that Ireland in addtion to being free should own about a fifth of the entire globe they might be called extremists. Then, if in addition to an Irish speaking Ireland, they said half the world should speak Irish, then again they might be called extremists. But we do not hold these things, because we are not bitten with the insantiy of imperialism. We confine ourselves in the strictly moderate position that this land of Ireland should be an Irish-speaking land, and that the education system of this country should be based on the obvious fact that this is Ireland and not England.”

Ba iad na “moderates” a bhí “extreme in their methods”, a dúirt an Piarsach.

Bhain sé gáire as an slua nuair a dúirt sé go mbíonn cruinnithe leamha ag ‘extreme politicians’ ach go mba dheacair fiú a shamhlú cé chomh leamh is a bhíonn na cruinnithe ag “moderate politicians”.

Thagair an Piarsach chomh maith don ndeacracht a bhain le cainteoirí Gaeilge a aimsiú don tseirbhís phoiblí. Ba ar éigean, a dúirt sé, go raibh teacht ar chainteoirí líofa chun druileanna a dhéanamh i nGaeilge do na hÓglaigh.

Ba é Peadar Mac Fhionnlaoich, an scríbhneoir agus Conraitheoir, a labhair roimh an bPiarsach.

D’admhaigh Mac Fhionnlaoich go raibh ag teip ar an eagraíocht a n-aidhmeanna a bhaint amach toisc nár éirigh leo dul i bhfeidhm ar an bpobal ná iad a spreagadh chun seasamh leis an teanga in aghaidh na bhfórsaí a bhí ina coinne.

Labhair sé faoin “anglicising effect” a bhí ag oifigigh phoiblí, ina measc státseirbhísigh, dochtúirí agus altraí, a bhí ar dualgas sa Ghaeltacht ach gan aon Ghaeilge acu.

Cháin Mac Fhionnlaoich chomh maith na sagairt Ghaeltachta nach raibh ar a gcumas aifrinn i nGaeilge a rá agus na sagairt sin a raibh Gaeilge acu ach nár bhac lena húsáid. Is in olcas, a bhí cás na teanga ag dul, dar leis.

“It is not improving things are, but getting worse. The law presumes that no Irish exists in the country, as it once presumed that no Irishman existed in the country,” a dúirt sé, agus tuairiscíodh go bhfuair an ráiteas áirithe sin bualadh bos mór.

Ní éireodh le Conradh na Gaeilge “to even stay the decay of the language” sa Ghaeltacht gan tacaíocht an phobail. Bhí ag teip chomh maith ar an athbheochan i mBaile Átha Cliath “by reason of the attitude of schools”.

Bhí 325 scoil náisiúnta i mBaile Átha Cliath agus astu san ní raibh an Ghaeilge á múineadh ach i 50 scoil. Fiú sa 50 scoil sin ní raibh an Ghaeilge á múineadh ach don deichiú cuid de dhaltaí a raibh táille á híoc acu chuige.

Dúirt Mac Fhionnlaoich gurbh é claonadh na scoileanna dátheangacha Gaeltachta ná an Béarla amháin a mhúineadh.

Chuir an chuid is mó den mhilleán ar an National Board.

“What they are there for is to Anglicise us, and keep us Angliscised and until they are overthrown we cannot hope to have a sound, healthy system of Irish education.”

Ní hé nach bhféadfaí cúrsa a athrú, a dúirt sé, agus labhair sé ar na mná rialta i scoil mhór i mBéal Feirste “who were sending out processions of Irish-speaking children”.

Bhí ceist ansin don slua aige.

“Would Servia, Bulgaria or Denmark give up their own lagnuages. Would they do it?”

‘No!’ an freagra a thug an slua air, a tuairiscíodh ar an gClaideamh.

“Will you do it?” a d’iarr Mac Fhionnlaioch, agus “No!” an freagra a tugadh arís ar a cheist.

Fág freagra ar '100 bliain ó shin labhair an Piarsach ón gcroí amach faoi cheist na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta…'

  • sean@hotmail.com

    A Thiarcais, t’réis dom an méid sin a léamh déanaim amach gur geall le míorúilt é go bhfuil Gaeilge á labhairt sa tiring bheag shuaite seo againnn fós!
    Bíodh go bhfuil a ‘droim le haill aici’ anois nó riamh……….. toisc gur sclábhaithe is ea an t-aos óg.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Maith iad na daoine a sheas an fód ar son ár dteangaigh dúchais le céad bliain anuas. Ach go b’é iad, ní bheadh a leithéid de theangaigh ann inniu.. Mar sin féin, caidé go díreach atá déanta ag rialtais leanúnach na tíre seo chun aitheantas cheart a thabhairt don Ghaeilge le go mbeadh sí mar theangaigh oibre chomh maith le teangaigh pobail againn?

    An bhfuil sé rómhall coinníoll Gaeilge a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht?

  • Lillis Ó Laoire

    I Laidin a bhíodh na hAifrinn ar fad an t-am sin.