10 gcinn de sheoda ón dtaobh tuathail…

Sula dtugtar aghaidh ar bhliain eile cheoil, is fiú seal a chaitheamh leis na seoda seo ón mbliain seo caite

10 gcinn de sheoda ón dtaobh tuathail…

The Jimmy Cake – Tough Love Part 1

D’eisigh an banna The Jimmy Cake ón ardchathair a séú halbam i mbliana, albam a bhfuil dhá rian fada ar dhá thaobh an cheirnín. Tá an port seo, a mhaireann 20 nóiméad, cruthaithe as stíleanna éagsúla ceoil,  ó cheol aimbiach a thugann chun cuimhne leithéidí Aphex Twin nó A Silver Mt Zion, le gnéithe de cheol post-punk, ceol kosmiche na Gearmáine agus fiú amháin teicneo.

 

Mount Eerie – Forest Fire

D’éag bean chéile Phil Eleverum anuraidh is tar éis a báis, chum sé albam mar gheall ar a laethanta deireanacha ar an saol is ar an gcumha a bhraitheann sé dá ceal. Níor chuala éagnairc chomh corraitheach leis seo ó thugas cluas le héisteacht d’albam deireanach Sufjan Stevens.

 




Jean-Michel Blais & CFCF – Hypocrite

Ní rabhas cinnte ar thaitin an ceann seo liom nó nár thaitin ar an gcéad éisteacht.  Ag a thús, cloisimid Jean-Michel Blais ar an bpianó is de réir a chéile cuireann an léiritheoir CFCF fuaim an phianó san as a riocht, le hobair léirithe rímhilis ná beadh as áit ar phort EDM.  Níor chuala aon cheoltóirí ná léiritheoirí ag freastal ar an dá thrá ceoil dhifriúil seo ar bhealach chomh samhlaíoch riamh cheana.

 

Shan & Gerd Janson – Surrender

Ba é seo an ceirnín ba ríméadaí a chualas-sa sna clubanna i mbliana.  Cruthaithe as seancheirnín dioscó as Nua-Eabhrac na n-ochtóidí luatha, dhein na léiritheoirí an fhoinse cheoil a athmhúnlú as an nua, le héifeachtaí stiúideo comhaimseartha a spreag na mílte againn na maidí rámha a scaoileadh le sruth ar urláir rince na cruinne le cúpla ráithe anuas.

 

Yves Tumor – E Eternal

Tá sé mar nós ag an gcumadóir seo an bhéim a leagan ar lúb ghearr cheoil agus í a chasadh arís is arís eile go dtí go gcuireann sí mearbhall ar an éisteoir.  Sa chás seo, méadaíonn éifeachtaí hiopnóiseacha an phoirt nuair a thugann sé isteach fuaimeanna ná beadh as áit i rang do ghrúpa machnaimh: bíodh san ina shiosarnach téipe, tine ar lasadh nó cór ag canadh amhrán cráifeach.

 

David Ruffin – Walk Away From Love (John Morales M+M Mix)

Tháinig an bunleagan den amhrán seo amach ar Motown sa bhliain 1975 agus ba é Van McCoy (a bhain cáil as ‘The Hustle’ a chumadh) a dhein an obair léirithe air.  Seans maith go n-aithníonn tú glór David Ruffin,  bhíodh sé ar dhuine de phríomh-amhránaithe an ghrúpa The Temptations tráth. 
I mbliana, fuair David Morales greim ar na buntaifid, is tá sé tar éis a chló féin a leagan anuas air seo. Faoi threoir an léiritheora, tá síneadh curtha aige leis an amhrán is an bhéim leagtha aige ar na gnéithe is cumhachtaí de.

 

Ryuichi Sakamoto – andata

Bhain a choimhlint phearsanta in éadan na hailse is bás a dhlúthchara creathadh as an gcumadóir aitheanta Seapánach, is tá scáth an bháis is fonn an té a mhair a scéal a insint le mothú go tréan ina albam úr Aynsc, ach go háirithe ar an bport tarchéimniúil seo.

 

Peter Gordon & Love Of Life Orchestra – Condo

Seo ceirnín a tháinig amach ar dtús sa bhliain 1981, ach bhí sé deacair greim a fháil air go dtí gur eisigh lipéad nótálta Foom arís  mbliana é.  Tá meas ar an gcumadóir clúiteach ceoil, Peter Gordon ó Nua-Eabhrac, as ceol a chumadh i dteannta leithéidí Arthur Russell, Laurie Anderson agus The Flying Lizards. Ach sceith sé liom ar Twitter le gairid, gur dhein sé an ceann seo a chumadh is é i nDún Chaoin uair (as Baile ’n Fheirtéaraigh dá bhean chéile).  Cé gur fada ó condos a tógadh mé, ar éigean a chuala píosa ceoil chomh taibhsiúil leis i mbliana.

 

Somadrone – The Howling Infinite (feat Margie Lewis)

Seo é an chéad bhlaiseadh atá curtha ar fáil ag Neil O’Connor ón ardchathair óna shéú halbam ‘Wellpark Avenue’ a bheidh chugainn san Earrach ar lipéad Scintilla. Amhrán tarraingteach é ‘The Howling Infinite’, canta ag Margie Lewis, a ghríosaíonn an tsamhlaíocht, amhrán a lúbann is a chasann trí stíleanna éagsúla, faoi mar a bheadh baill den bhanna Broadcast is lipéad Ghost Box ag súgradh le foinn dhiamhaire Future Sound Of London ó na nóchaidí luatha.

 

Ariel Pink – Dedicated To Bobby Jameson

Fear é Ariel Pink, snag breac phopcheol na linne,  atá in ann mórán stíleanna ceoil a thabhairt le chéile is pop-amhrán ríméadach a fháisceadh astu.  Ar an gceann seo, cloisim giotaí de cheol The Stranglers, The Doors, na Beach Boys is na Ramones fite fuaite lena chéile, gan trácht ar cheann de churfánna na bliana.
‘He was a Tinseltown Tranny
And the mayor of the Sunset Strip,
A Tinseltown Tranny
And the mayor of the Hollywood Hills.’

Fág freagra ar '10 gcinn de sheoda ón dtaobh tuathail…'