‘We are no angels either!’ – táthar éirithe muiníneach i gConamara…

Seachas a bheith ag fuarchaoineachán faoi sháiteáin sheafóideacha faoin nGaeilge agus faoi Chonamara, tá imreoirí Gaeltachta an lae inniu ar comhchéim ina gcuid imeartha agus ina ndearcadh

‘We are no angels either!’ – táthar éirithe muiníneach i gConamara…

Bhíothas ag labhairt le Seán i bhfianaise na conspóide a bhaineann le horduithe an réiteora i gcás cúrsaí teanga ag cluiche idir Na Piarsaigh (Ros Muc/Camus) agus foireann chathrach le gairid.  Tá sé curtha i leith an réiteora gur ordaigh sé do bhall de Chumann na bPiarsach gan a bheith ag labhairt Ghaeilge. 

Tá fiosrúchán curtha ar bun ag Bord an Chontae sa Ghaillimh faoin scéal agus is ceart go ndéanfaí sin. 

Ar ndóigh, caithfear cothrom na féinne a thabhairt do chuile thaobh sa gcás seo agus glacfar leis go ndéanfar fiosrúchán cothrom agus neamhspleách faoin ábhar. 

Ach, ní miste an méid seo a rá: ba cheart go bhfaigheadh réiteoirí agus daoine a bhfuil stádas maoirseachta acu sa gCumann Lúthchleas Gael i nGaillimh treoir go dtabharfaí ómós don Ghaeilge agus d’fhoirne Gaeltachta.  Shílfeá nach mbeadh gá leis sin sa lá atá inniu ann – ach chuile sheans go bhfuil. 

Ceist níos leithne a cuireadh ar Sheán Ó Domhnaill as an gCeathrú Rua a bhí i measc na laochra ar fhoirne na Gaillimhe a bhuaigh craobhacha na hÉireann i 1998 agus 2001.   

An cheist sin? An bhfuil foirne as taobh thoir de Ghaillimh ag déanamh beagán den Ghaeilge agus de Chonamara agus iad ag séideadh faoi fhoirne Gaeltachta ar pháirc na himeartha? 

Ghlac Seán leis go mbíonn cuid de sin ann – ‘go back to Connemara’ mar shampla.  Is dóigh go gcloisfí ‘yerselves and yer Irish’ mar eireaball leis sin, scaití.  Fir óga nach bhfuil cuimhne acu ar spailpíní as Conamara ná ar an bhfoireann ‘3-in-a row’ féin, a chaitheadh na spallaí sin le leaids Chonamara – sin nó b’fhéidir cuid den lucht tacaíochta ar an taobhlíne a mbeadh an léithe ina gceann agus cuimhne níos faide acu ar an saol. 

Ar ndóigh, tá na spallaí a chaití ag éirí as an dearcadh a bhí ag cuid mhaith daoine – agus ní in oirthear na Gaillimhe amháin é – sin go raibh idir bhochtanas agus fiántas i gConamara. 

Daoine faoi mhíbhuntáiste a thugtar ar dhaoine bochta anois.  Pé acu téarma é, bhí neart míbhuntáistí i gConamara, an ‘poor relation’ mar a d’fheictí muid i gcodanna eile den chontae.  Ní raibh aon neart ag pobal Chonamara air sin.

Ar ndóigh, ní gá gur aingil a bhí ionainne ach an oiread agus is dóigh gur cuireadh branda na troda agus an fhiántais orainn san aimsir a caitheadh agus cuid de tuillte againn. Lig muid linn féin ar an gcaoi sin i Sasana go háirithe – cuid againn, pé scéal é.  ‘We are no angels either’.

Lorg na staire sin a thagann go barr uisce scaití san spídiúlacht teanga a tharlaíonn ar pháirc na himeartha anois agus arís.

Maidir le bheith ag báireoireacht, cén chaoi a mbeifeá ag súil go mbeadh leaid as Conamara in ann cic ceart a bhualadh ar liathróid?  B’in cuid den dearcadh taobh thoir den Choirib, ach bíodh muid féaráilte freisin,.Ní raibh an dearcadh sin ag an dream thoir uilig. 

Chloisinn Ciarán Ó Fátharta as cumann Leitir Móir ag rá gur chinntigh Johnny Geraghty, iar-chúl báire na Gaillimhe, gur caitheadh go maith leis féin agus le Pádraic Ó Conaire nuair a roghnaíodh iad ar fhoireann chumasach mhionúir na Gaillimhe i lár na 1970óidí.  Bhí meas ag Geraghty ar a gcuid Gaeilge agus an cultúr agus an cúlra a bhain leo.  Sin cúpla scór bliain ó shin agus ba mhó sáiteáin a bhíodh ag teacht anoir i dtreo fhoirne Chonamara an uair sin ná atá anois.

Bhí an stádas a bhain Seán de Paor agus Seán Ó Domhnaill amach ar fhoireann chumasach shinsir na Gaillimhe ocht mbliana déag ó shin ar cheann de na cúiseanna móra gur tháinig maolú ar an dearcadh i leith pheileadóirí Chonamara ar an Achréidh. 

Is cuimhin liom an lá tar éis bua mór 1998 istigh ag cruinniú de Chomhairleoirí Contae na Gaillimhe agus cuid de na Comhairleoirí as taobh thoir ag teacht chugainn agus iad ag rá linn go raibh againn a bheith bródúil as an ngaisce a bhí déanta ag leaids Chonamara. 

Shilfeá go raibh iontas ar chuid acu go bhféadfadh fir Chonamara a bheith chomh maith sin – ach ní le drochmheas é sin ach lorg na staire a bheith fanta san intinn.   

Ar ndóigh, ba as taobh thiar den Choirib freisin iad Kevin Walsh, Gary agus Richie Fahey agus Paul Clancy as Maigh Cuilinn sna blianta sin.    

Táim cinnte gur chuala Seán Ó Domhnaill cuid den mhagadh as taobh thoir scaití agus é ar fhoireann na Gaillimhe, agus má chuala féin gur ghearr a bheadh sé dá gciúnú!   Bhí an t-am ann nuair nach raibh muid chomh treallúsach sin i gConamara.  ’Sé an rud is mó a thugann ardú croí do dhuine sa gcineál seo díospóireachta ná gur léir gur beag a ghoilleann na sáiteáin faoi Chonamara ar leithéid Sheáin Uí Dhomhnaill – agus tuilleadh de lucht na peile mar é – ar na saolta seo.   Táthar éirithe muiníneach i gConamara agus mar a deir Seán ‘we are no angels either’. 

Seachas a bheith ag fuarchaoineachán faoi sháiteáin sheafóideacha faoin nGaeilge agus faoi Chonamara, tá imreoirí Gaeltachta an lae inniu ar comhchéim ina gcuid imeartha agus ina ndearcadh.  Níl drogall ná leisce orthu na sáiteáin a thabhairt ar ais agus teannadh leo.