Vóta caite i bParlaimint na Catalóine ar son neamhspleáchas a fhógairt

Caitheadh vóta an lae inniu ar son an neamhspleáchais agus rialtas na Spáinne ar tí an riail dhíreach a chur i bhfeidhm ar an gCatalóin

Vóta caite i bParlaimint na Catalóine ar son neamhspleáchas a fhógairt

Tá vóta caite ag baill Pharlaimint na Catalóine ar son neamhspleáchas na Catalóine a fhógairt. Vótáil na feisirí ar son “Poblacht na Catalóine” a chruthú a bheadh ina “stát neamhspleách, flaitheasach”.

Caitheadh vóta an lae inniu agus rialtas na Spáinne ar tí an riail dhíreach a chur i bhfeidhm ar an gCatalóin. Vótáil 70 feisire ar son an rúin agus deichniúr a vótáil ina aghaidh. Rinne feisirí an fhreasúra, atá in aghaidh an neamhspleáchais, baghcat ar vóta an lae inniu.

Shiúil baill an PSC, Páirtí Sóisialach na Catalóine, baill an Ciutadans agus baill an pháirtí chaomhaigh, amach as an bParlaimint sular caitheadh na vótaí.

Dúirt Príomh-Aire na Spáinne, Mariano Rajoy, níos luaithe inniu gur theastaigh an riail dhíreach leis an “dlí, an daonlathas agus an tseasmhacht” a thabhairt ar ais sa Chatalóin.

Vótáil muintir na Catalóine ar son an neamhspleáchais níos luaithe an mhí seo i reifreann a ndearna rialtas na Spáinne iarracht é a chur faoi chois. Dúirt rialtas na Catalóine gur vótáil 90% den 43% den toghlach a ghlac páirt sa reifreann ar son an neamhspleáchais. Rialaigh Cúirt Bhunreachtúil na Spáinne, áfach, gur reifreann “mídhleathach” a bhí ann.

Bhí díospóireacht le bheith i bParlaimint na Catalóine faoi chinneadh rialtas Madrid uachtarán na Catalóine, Carles Puigdemont, a bhriseadh óna phost ach chuir feisirí atá ar son an neamhspleáchais rún faoin ábhar chun cinn.

Dúirt Carlos Carrizosa, feisire de chuid Ciutadans, gur “drochlá agus  buille don daonlathas” a bhí i vóta an lae inniu. Dúirt sé leis an Uachtarán Puigdemont go raibh sé á iompar féin “mar a bheadh dia ann, beag beann ar an dlí”.

“Cén chaoi ar féidir leat a cheapadh go gcuirfidh tú an neamhspleáchas seo i bhfeidhm gan tromlach na ndaoine a bheith ar a son, agus leis an reifreann bréagach seo? Ní chuimhneofar ar Puigdemont mar gheall ar an gCatalóin a scriosadh ach mar gheall ar an gCatalóin agus an Spáinn a dheighilt,” a dúirt sé.

“Lá sona”, áfach, a thug Carles Riera, feisire de chuid an CUP, ar an lá, agus dúirt sé go raibh an bealach leagtha amach anois ag an bParlaimint don neamhspleáchas a dhéanfadh athrú chun feabhais ar shaol chosmhuintir na Catalóine.

Chuir Puigdemont fógra oifigiúil neamhspleáchais na Catalóine ar athló níos luaithe an mhí seo ar mhaithe le tuilleadh cainte agus comhrá le rialtas Madrid faoi phróiseas síochánta leis an neamhspleáchas a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Vóta caite i bParlaimint na Catalóine ar son neamhspleáchas a fhógairt'