Tuilleadh diabhail agaibh, a deir Rialtas na Breataine, Jim Allister agus Jamie Bryson

Tá muid i bhfoisceacht cúig seachtaine de thoghcháin a mbeidh cúrsaí imirce agus tearmainn lárnach iontu

Tuilleadh diabhail agaibh, a deir Rialtas na Breataine, Jim Allister agus Jamie Bryson

Díol iontais a bhí ann roinnt seachtainí ó shin agus a rialtas nua á fhógairt ag Simon Harris gur fágadh Helen McEntee sa Roinn Dlí agus Cirt. Bhí tuairimíocht go leor sna laethanta roimh cheapadh na n-airí nua go mbeadh athrú sa Roinn sin. Níor tharla sin agus tuairiscíodh go forleathan ag an am gurb í an t-iarThánaiste Frances Fitzgerald a chuir ina luí ar an Taoiseach nua gan aire Dlí agus cirt nua a cheapadh.

Sna seachtainí ó shin, seachas faoiseamh a fháil ó na deacrachtaí, is amhlaidh atá brú leanúnach go leor ar Helen McEntee. Tar éis na conspóide ar fad faoi gan freastal ar chomhdháil Chumann Ionadaíoch an Gharda Síochána tháinig an phraiseach ina bhfuil cúrsaí imirce sa mullach uirthi.

Chuaigh sí os comhair Coiste Oireachtais le ceisteanna a fhreagairt agus, bunaithe ar fhreagraí an aire, d’éirigh le cuid de na Teachtaí Dála, Michael McNamara as contae an Chláir go háirithe, a mhí-eagraithe agus atá an córas tearmainn sa tír seo a thabhairt chun solais.

Is ag an gcruinniú sin a fuair muid freagra ón Aire McEntee den chéad uair faoi cá as a dtagann tromlach na n-iarrthóirí tearmainn sa stát seo. 80% a bhíonn ag teacht aduaidh thar an teorainn, a dúirt sí. Tá lúb ar lár ann faoi láthair, a dúirt sí, a chiallaíonn nach féidir iad a chur ar ais chun na Ríochta Aontaithe. Cuirfidh muid é sin ina cheart, a dúirt sí agus rinne sí amhlaidh ag an gcruinniú rialtais Dé Máirt le reachtaíocht nua.

Ní dhéanfaidh ná é, a deir rialtas na Breataine. Ní ghlacfaidh muid leo, a deir Rishi Sunak. Nach tráthúil go bhfuil an teorainn oscailte a bhí uaibh ar oileán na hÉireann ag cothú deacrachtaí anois daoibh? Tuilleadh diabhail agaibh, a deir Jim Allister agus Jamie Bryson.

Tharraing an éiginnteacht faoin líon iarrthóirí tearmainn a thagann thar teorainn agus an méid a thagann as an mBreatain aird in athuair ar na campaí ar Shráid an Mhóta.

Ní inniu ná inné a cuireadh suas na campaí sin ar dtús. Rinneadh iarracht iad a athrú ón láthair roimhe seo ach tháinig na hiarrthóirí tearmainn ar ais arís go lár na cathrach. Ní cheadófar a leithéid de champaí níos mó, a dúirt Simon Harris.  Agus ní thabharfar cead do rialtas na Breataine dlí na tíre seo a chur as a riocht. Bhí cuid de na hiarrthóirí tearmainn ar ais ar Shráid an Mhóta lá arna mhárach. Ba dhíol suntais nach mórán a bhí á rá go poiblí ag an Aire Lánpháirtíochta atá freagrach as lonnú teifeach agus iarrthóirí tearmainn.

Ba dhóigh leat go bhfuil an rialtas ag seasamh leis an mbeirt airí, Helen McEntee agus Roderic O’Gorman, a bhfuil ualach na bpolasaithe leagtha orthu. Ansin chuala muid tuairiscí ag an deireadh seachtaine faoi chaint ó Airí anaithnide go bhfuil siad cáinteach ar an Aire McEntee mar nach bhfuil éirithe léi dul i ngleic leis na fadhbanna seo.

Ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil san oíche Dé Céadaoin, dúirt an Teachta Dála James O’Connor, as dáilcheantar Chorcaí Thoir, go bhfuil na h-airí, Helen McEntee agus Roderic O’Gorman, ag déanamh dochair don chomhrialtas. Seo é an Teachta Dála céanna a bhfuil cáineadh rialta déanta aige ar an Tánaiste ag cruinnithe an pháirtí faoi na geallúintí nach bhfuil comhlíonta ag an rialtas. Tá muid i bhfoisceacht cúig seachtaine de thoghcháin a mbeidh cúrsaí imirce agus tearmainn lárnach iontu. Ní taobh le James O’Connor a bheidh an brú a bheas á chur as seo go ceann míosa ar Helen McEntee agus Roderic O’Gorman faoin láimhseáil atá á déanamh acu ar ábhar seo.

Fág freagra ar 'Tuilleadh diabhail agaibh, a deir Rialtas na Breataine, Jim Allister agus Jamie Bryson'

  • JP

    ‘tuilleadh diabhail agaibh’ adeir siad! An bhfuil na Sasanaigh ag cuimhneamh, b’fhéidir, ar na cimí is measa agus is táire sa tír a ligean amach as na príosúin agus iad a sheoladh chugainn siar?
    Ag tagairt do na daoine deasa sin a scaoil an tUasal Churchill chugainn atáim……..na Dubhchrónaigh!