‘This is an English-speaking business’ – oibrí beáir éirithe as a phost i gCorcaigh tar éis rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt

Deir Finbarr O’Shea, úinéir The Flying Enterprise, go bhfuil ‘language code’ i bhfeidhm sa teach tábhairne aige ‘because it is a hospitality business’

‘This is an English-speaking business’ – oibrí beáir éirithe as a phost i gCorcaigh tar éis rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt

Pictiúr: @saolodheas (Twitter)

D’éirigh oibrí beáir i dteach tábhairne mór le rá i gcathair Chorcaí as a phost tar éis dó rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt agus é ar dualgas.

De réir scéala a tháinig chun solais ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, tharla easaontas idir Cormac Ó Bruic, ó Chorca Dhuibhne, agus úinéirí teach tábhairne an Flying Enterprise mar gheall ar nós an fhir óig a theanga dhúchais a labhairt agus é i mbun oibre.

I litir a sheol úinéir The Flying Enterprise, Finbarr O’Shea go dtí Ó Bruic ar an 11 Lúnasa, cuireadh in iúl don oibrí beáir go raibh a P45 á fháil aige toisc nár fhill sé ar an obair nuair a d’éirigh idir é féin agus a bhainisteoir faoi cheist labhairt na Gaeilge.

Dúradh gur tugadh rabhadh do Ó Bruic ar an 5 Lúnasa gur ‘English-speaking business’ a bhí sa teach tábhairne agus nár cheadmhach dó Gaeilge a labhairt. Nuair a cuireadh in iúl don fhear óg Gaeltachta nach mbeadh cead aige feasta Gaeilge a labhairt agus é ar dualgas, dhiúltaigh sé tús a chur lena sheal laistiar den bhéar agus d’fhág sé an láthair oibre.

“Níor thuigeas é agus ní thuigim fós é. Ní fhéadfainn dul ag obair san áit san arís,” a dúirt Ó Bruic le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúradh le Ó Bruic go raibh gearáin faighte ó chustaiméirí a bhraith “uncomfortable” toisc Gaeilge a bheith á labhairt sa bheár aige. Ba bhéas le Ó Bruic a theanga dhúchais a labhairt le Duibhneach óg eile a bhí ag obair in The Flying Enterprise agus le beirt nó triúr eile den fhoireann oibre a raibh Gaeilge acu.

Ba nós leis chomh maith Gaeilge a labhairt le haon chustaiméir a raibh an teanga acu.

Ag labhairt dó ar An Saol ó Dheas inniu, dúirt sé gur deacair dó a shamhlú go raibh custaiméirí ag gearán faoin nGaeilge. Dúirt sé gur minic a dúirt custaiméirí leis go raibh sé “go haoibhinn” an Ghaeilge a chloisteáil sa bheár.

Dúradh sa litir a chuir Finbarr O’Shea go dtí Ó Bruic go raibh foireann ‘ilnáisiúnta’ ag obair sa bhéar agus bialann i gcathair Chorcaí agus dá dtabharfaí cead don uile dhuine acu a ‘máthairtheanga’ féin a labhairt “the business couldn’t operate”.

Dúirt Finbarr O’Shea, úinéir The Flying Enterprise, le Helen Ní Shé ó An Saol Ó Dheas inniu go raibh ar dhaoine “teanga áirithe” a labhairt ag an obair ar an gcuma chéanna go raibh orthu “éadaí áirithe” a chaitheamh.

Bhí “language code” i bhfeidhm sa teach tábhairne aige “because it is a hospitality business”.

Nuair a cuireadh ar a shúile dó gurb í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann, dúirt O’Shea “we’re all Europeans”.

Fág freagra ar '‘This is an English-speaking business’ – oibrí beáir éirithe as a phost i gCorcaigh tar éis rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt'

  • Grudaire

    Ní bheidh tír eile le Béarla fágtha san Eoraip go luath :) #Sasamach

  • Seán Ó Buachalla
  • Galway Irish Events

    boycott started

  • Darragh Ó Caoimh

    Bulaí fir go raibh sé de mhisneach aige éirí as ar an bpointe boise. Ní chóir d’éinne glacadh lena leithéid d’éagóir! Mo náire sibh, a Flying Enterprise.

  • Pádraig

    B’fhéidir gur cheart dóibh ainm an teach tábhairne a athrú…
    ‘West Brits Lounge & Restaurant’

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Ní féidir é seo a chreidsiúint agus Cathair na Gaillimhe chomh Gaelach cairdiúil!

  • Charline De Faoite

    Bhuel, tá sé sin náireach. Déanfaidh mé deimhin de gan dul ann riamh.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Ó! Tá brón orm – ní Cathair na Gallimhe atá i gceist agam seach Cathair Chorcaí!

  • Seán Mistéil

    B’fhéidir nach fada eile a mhairfidh an “fiontar” seo ag “eitilit” má leantar le meon cúng mar seo…

  • Micheál Ó Tnúthail

    Céard a déarfadh na Corcaíochaigh Micheál Ó Coileáin, Tomás De Barra, agus a lán eile nach iad faoin laoch seo O’Shea?

  • Artúr de Bastábla

    Dúirt sé, we’re all Europeans”, níl béarla amháin á labhairt in aon tír san Eoraip anois mar gheall ar breathimeacht. tá na Sasanaigh imithe as Éirinn agus san Eoraip anois, a bhuachaill

  • sam millar

    Could you imagine the outrage in England if someone tried to prevent a Brit from talking english in a pub over there! There’d be fecking riots. (apologies for not posting this in Gaelic).

  • padraig

    An bhfuil an fear cróga miotalach neamhspleách seo ag lorg fostaíochta i mbeár éigint eile agus an dtabharfar dó é? Is mithid do Ghaelgeoirí Chorcaí a mbeár féin a oscailt, cad atá ar bun faoi Pharáid na Díge, tigh breá atá á ligean chun sithléige? Is eol dom fear amháin a bheadh breá sásta dul i mbun oibre ann!

  • JOanne Collins

    Nach scáfar é! Is scéal dona é sin! Ní maith liom é in aon chor!
    Ba mhaith liom níos mó a chloisint faoi. Maith an fear Cormac!
    Gaelige abú!

  • Eileen Clear

    Chuir an scéal seo déistean orm nuair a chuala mé inné é ar Liveline. Is breá liom an Ghaeilge a labhairt agus tá mé bróduil as ár dteanga dúchais. Bheadh sé go h-iontach dá mbéadh sí mar gnáth-theanga na tíre ach, ar a laghad, go mbeadh omós ag daoine do éinne gur mhaith leo í a labhairt. Bail ó Dhia ar Chormac – agus go n-éirí leat!

  • Richard Swaby

    Dochreidteach. Ach amhain in Eireann. Chomh naireach atá an sceal seo.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An bhfuil ceisteanna le freagairt ag earnáil na turasóireachta anseo? Caidé’n cineál poiblíocht atá tionscal an fháilteachais a’ tabhairt don tír seo agus an bhfuil aitheantas ar bith á thabhairt don Ghaeilg?? Faic aitheantais i mo thuairimse!

    Cá mhéad cúrsa oiliúna Gaeilge a bhíonn ag earnáil na turasóireachta agus cá mhéad cúrsa a dhéanann tagairt ar bith don Ghaeilg?? Ó b’fhéidir go bhfuil modúil nó dhó ar siúl sa Ghaeltacht ach caidé fá na lathair turasóireachta eile ar fud na tíre??

    Nuair a bhíonn óstáin agus gnóanna turasóireachta ag cuardú fáilteoirí/freastalaithe/treoraithe/oibrithe le teangacha iasachta an luaitear an Ghaeilg am ar bith?? Má shiúlann tú isteach in óstán i mBaile Átha Cliath agus tosaíonn tú ag labhairt na Gaeilge le fáilteoir, is beag sásamh a gheobhaidh tú.

    Caidé go díreach atá Fáilte Ireland, Tourism Ireland, Discover Ireland srl ag déanamh le tús áite a thabhairt don Ghaeilg? Agus nár cheart daofa siúd bheith ar cuir achan ‘hospitality business’ ar an eolas fá tábhacht na Gaeilge ina dtír dhúchais féin???