Teachtaireacht i mbuidéal ó Ghaeltacht Dhún na nGall tagtha i dtír san Iorua tar éis ocht mbliana

Caitheadh buidéil ó bhád iascaigh 50km amach ó chósta Árainn Mhór i mí Feabhra 2009 mar chuid d’imeacht tiomsaithe airgid don bhád tarrthála de chuid an RNLI atá lonnaithe ar Árainn Mhór

Teachtaireacht i mbuidéal ó Ghaeltacht Dhún na nGall tagtha i dtír san Iorua tar éis ocht mbliana

Bhí Aileen Proctor i measc an leathchéad duine a sheol teachtaireachtaí i mbuidéil ón oileán Gaeltachta, Árainn Mhór i nDún na nGall. Cé gur tháinig a bhformhór acu sin i dtír sna seachtainí i ndiaidh a seolta, ar chóstaí Dhún na nGall, Shligigh agus na hAlban, níor aimsigh buidéal Proctor talamh tirim go dtí an Cháisc seo caite.

Caitheadh na buidéil ó bhád iascaigh 50km amach ó chósta Árainn Mhór mí Feabhra 2009 mar chuid d’imeacht tiomsaithe airgid do bhád tarrthála an RNLI atá lonnaithe in Árainn Mhór.

Chuaigh buidéal Proctor, a raibh teachtaireacht thíos ann faoi obair an bháid tarrthála chomh maith le heolas faoin áit agus an dáta ar caitheadh i bhfarraige an buidéal.

Ba é Peter Lefstad Dalsbø a d’aimsigh an buidéal san Iorua, gar dá theach saoire in Hustadvika in iarthar na tíre, aimsir na Cásca i mbliana, os cionn ocht mbliana ó seoladh é. Lean Dalsbø na treoracha a bhí thíos ann agus chuir an buidéal ‘abhaile’ chuig stáisiún an RNLI in Árainn Mhór.

Is minic a thugann an fharraige teachtaireachtaí anonn is anall ó Thír Chonaill go háiteanna i bhfad i gcéin as Éirinn. Anuraidh tháinig buidéal i dtír ar an gCarraig Fhinn sa Ghaeltacht. Chaith daltaí scoile ón Rancocas Friends School in New Jersey sna Stáit Aontaithe buidéal an duine isteach san Atlantach agus teachtaireacht phearsanta i ngach aon cheann acu.

Margaret Gillespie a d’aimsigh ceann acu agus a sheol freagra ar ais tar éis di teacht ar an mbuidéal ag deireadh mhí Iúil anuraidh.

An samhradh roimhe sin arís, tháinig an ‘Red Storm’, báidín beag a sheol daltaí scoile i Maine i Meiriceá i dtír in Árainn Mhór. Mánas Ó Luathairí agus a dheartháir Conall a d’aimsigh an bád.

Bhí an bheirt deartháireacha ag obair i gColáiste Árainn Mhór ar an oileán Gaeltachta agus grúpa Gaeilgeoirí amuigh leo nuair a tháinig siad uirthi.

Cuireadh an bád chun farraige ag Georges Bank i Maine sna Stáit Aontaithe ar an 6 Feabhra 2015. Mar chuid de thogra scoile a cuireadh chun farraige í agus ar bord bhí méaróg chuimhne agus rianaire a choinnigh cuntas ar aistear an bháid. Tháinig sí i dtír in Éirinn an 31 Iúil 2015.

Fág freagra ar 'Teachtaireacht i mbuidéal ó Ghaeltacht Dhún na nGall tagtha i dtír san Iorua tar éis ocht mbliana'