Tástáil curtha ar chúrsa Gaeilge Duolingo

LÉIRMHEAS: Tá os cionn 143,000 ag foghlaim na Gaeilge ar Duo-lingo a bhfuil cúrsa Gaeilge saor in aisce curtha ar fáil anois mar aip acu. Ach an bhfuil aon mhaitheas ann?

17410698_1

Tá cúrsa foghlama Gaeilge anois ar fáil ar aip ag Duolingo, ceann de na hardáin foghlama teanga is aitheanta ar an ngréasán domhanda.

Go dtí seo, ní raibh teacht ar an gcúrsa Gaeilge ach ar shuíomh idirlín Duolingo amháin.

Dar le Duolingo, tá 143,000 duine cláraithe leis an gcúrsa Gaeilge cheana féin.

Tá an-rath go deo ar an gcúrsa Duolingo ó seoladh dhá bhliain ó shin é.

D’ainmnigh Apple mar Aip na Bliana é agus is é sméar mullaigh an choráis Android é, dar le Google.

Tá 39 dteanga ar fáil faoi láthair ar Duolingo agus 11 eile le teacht.

Scéal mór é cinnte go bhfuil an Ghaeilge anois ag Duolingo, ach an bhfuil aon mhaitheas ann?

Rinne Tuairisc.ie tástáil air.

Is cluiche é Duolingo a bhriseann an teanga síos ina codanna beaga.

Foghlaimeoir nua:taithíCuirtear tús leis an gcluiche foghlama le ‘scrúdú iontrála’ a dhéanamh a mheasann cumas an fhoghlaimeora.

Tá an leagan amach mealltach agus éasca le húsáid; fearacht cluichí eile ríomhaireachta, tugtar luach saothair ar éachtaí agus cailltear ‘saol’ (sa chás seo, ceann de na croíthe beaga a bhronntar ort ag tús na himeartha) nuair a dhéantar botún.

Ar an gcaoi sin, is furasta éirí tugtha do Duolingo mar beifear i gcónaí ag iarraidh an scór a ardú agus na dúshláin a shárú.

Moltar é seo mar spreagann sé an foghlaimeoir. Spreagtar freisin thú le nótaí a sheoltar chugat ar ríomhphost gach lá le meabhrú duit nach bhfuil cleachtadh an lae déanta go fóill agat.

Mura leor sin mar ghríosadh bíonn cairt bheag ar an scáileán a léiríonn an dul chun cinn atá déanta agat go dtí seo.

Tá corrlocht ar an bhfeidhmchlár, áfach.

An bealach is fearr le teanga a fhoghlaim ná dul i muinín na gcainteoirí dúchais is fearr, éisteacht leo agus aithris a dhéanamh orthu.

Is lárchuid de na ceachtanna iad na taifid fuaime, áit a gcloistear abairtí á rá os ard, ach, ar chúis éigin, bheartaigh Duolingo gan cainteoirí dúchais nó cainteoirí ar ardchaighdeán a úsáid le haghaidh an chuid seo dá dtáirge agus is laige an cúrsa dá bharr.

Tá na taifid fuaime breac le botúin, idir shéimhiú fánach, shéimhiú easnamhach agus drochfhoghraíocht, agus is mó dochar ná sochar a dhéanfaidh sé seo don úsáideoir nach bhfuil taithí aige ar fhuaimeanna na Gaeilge.

Bhí an fhadhb chéanna ag Duolingo na Gearmáinise ach amháin gur ríomhaire a ghin an glór do na taifid fuaime don chúrsa sin.

Fuair múinteoirí na Gearmáinise locht ar an bhfoghraíocht chiotach sin.

Screenshot_2014-12-02-10-58-16Locht beag eile ná an easpa tuisceana a léirítear san aip ar na bealaí éagsúla atá ann le rudaí a rá.

Mar is léir sa phictiúr thíos, nuair a cuireadh an cheist ‘cuir Gaeilge ar ‘the dog goes towards the cat’ níor glacadh ach le ‘téann an madra chuig an gcat’ mar fhreagra dlisteanach.

Ar ndóigh, ba dheacair gach trá a fhreastal agus i ndáiríre ní chuirfidh an fhadhb seo isteach ar an nglantosaitheoir.

Thairis sin, is iontach an feidhmchlár é.

Moltar go hard an leagan soghluaiste freisin, a dhéanfaidh an fhoghlaim éasca ar dhuine a bhíonn ar an mbus ar feadh leathuair a chloig gach maidin is gach tráthnóna nó atá ag iarraidh an t-am a mheilt am lóin.

Tá cothromaíocht dheas idir comhréir na n-abairtí agus stór na bhfocal (cé go mbíonn rian an Bhéarlachais le feiceáil in áiteanna) agus tá ciall leis na rannóga éagsúla.

Is maith freisin mar a thosaítear ag an mbunleibhéal agus mar a osclaítear leibhéal i ndiaidh leibhéil de réir a chéile; leibhéil stór focal; leibhéil nathanna; agus leibhéil ghramadaí.

Foghlaimeoir nua:taithíNí luaitear aon aoisghrúpa le Duolingo agus féadfaidh duine ar bith é a úsáid ach feictear dúinne gur chun leasa an ghasúir nó an déagóra a rachadh sé.

Fágann an fhéiniomaíocht a spreagann sé agus leagan amach na gcluichí go bhfuil sé foirfe do ghlúin na bhfón cliste agus, le cúnamh Dé, spreagfaidh sé na foghlaimeoirí óga le níos mó spéise a chur sa teanga agus cúrsaí níos doimhne a dhéanamh lena sealbhú i gceart.

Céard é ár mbreithiúnas mar sin?

Íoslódáil Duolingo mar tá sé saor in aisce agus déanann sé teanga spreagúil agus spraoíúil den Ghaeilge.

Ach ná bí ag brath go huile is go hiomlán air le hí a fhoghlaim.

Ní bhuailfeadh tada múinteoir maith, tréimhse dianstaidéir ná, thar aon rud eile, seal sa Ghaeltacht.