Sórt réamhrá atá in ‘Homecoming’ Spider-Man

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Leagtar bunchloch i ‘Spider-Man: Homecoming’ ach caithfear facnacht nó go dtosóidh an t-aicsean ina cheart

Sórt réamhrá atá in ‘Homecoming’ Spider-Man

Ba í tuairim na coitiantachta gur chloch mhíle scannánaíochta faoi leith ab ea an triológ Spider-Man le Sam Raimi/Tobey Maguire (2002-2007). Ní hamháin go raibh an ceann sin ar thosach cadhnaíochta sa bhorradh a bheadh faoi iomaire na sárlaochra ach d’éirigh leis carachtracht a chniotáil le heachtraíocht, maisiúcháin agus greann.

Bhí an múnla leagtha ag an damhán alla, agus ag na X-Men a tháinig ar an bhfód dhá bhliain roimhe. Léiriú ar an mborradh céanna, agus ar an áiféis agus an cur i gcéill a bhaineann le tionscal na sárlaochra trí chéile, gurb é seo an dara babhta ag an laoch éirí as na mairbh.

In 2012 earcaíodh Andrew Garfield le tabhairt faoin ról agus bhí scannán leantach aige in 2014.  Ní rabhas féin róthógtha leis na táirgí sin óir go gcuireann Garfield pip orm, díreach mar a chuireann Hayden Christensen, ar chúis ait éigin.

Leis an bhforás a bhí ag teacht ar dhomhan scannánaíochta Marvel bhí cló nua á bheartú d’fhear na ngréasán. Theastaigh ón meitheal oibre go mbeadh cuma i bhfad níos óige ar an Spider-Man nua agus é taobh le Iron Man, Thor agus a gcomhghleacaithe sna Avengers.

Agus Garfield ceithre bliana déag ar fhichid an mhí seo chugainn cinneadh é a chur de dhroim seoil.

Cruálach ach cliste.

Don dara scannán le Captain America, ar geall le gála den Avengers é,  ba é Tom Holland a bhí sa chulaith dhearg, cháiliúil. Saghas caimeo a bhí ansin agus an táirge aonair le teacht ina dhiaidh. Mearbhall ort? Ná bac san, níor mhór céim mháistreachta san seánra seo a bheith agat le gach cor i bhforbairt na sárlaochra a thuiscint.

I ndeireadh thiar thall, ba é Holland an duine cuí le tabhairt faoin ról. Níl sé ach bliain is fiche agus cuma óigeanta go maith air. Ní raibh an dealramh seo ar Garfield nó Tobey Maguire go deimhin, agus is rud é a sholáthraíonn breis féidearthachtaí don táirge.

Tugann Holland taispeántas thar na bearta uaidh; é leochaileach, ceanndána, cúthail agus cróga ag an am céanna. Tá an carachtar atá idir lámha aige difriúil ós na sárlaochra agus éiríonn leis an aisteoir caithiseach seo é sin a chur abhaile orainn. Tá a chóta bán déanta anois mar tá ladhar mhaith scannán os a chomhair amach mar Spider-Man.

Ní bhactar le scéal an chúlra a thabhairt dúinn anseo, rud a bhí cliste, agus riachtanach ar shlí, óir go rachadh rudaí chun leadráin dá mbeadh orainn tabhairt faoi sin arís.

Tarlaíonn eachtraí an scannáin seo tar éis a chaimeo leis na Avengers. Titimid trí ladhar an phíce ar shlí mar níl scéal bunaidh againn agus táthar ag iarraidh an chomhghuaillíocht leis na sárlaochra eile a fhágaint fés na táirgí atá an bóthar isteach chugainn.

Tá cúpla radharc fánach againn le Iron Man (Downey Jr.) ach ní fiú an deich triuf iad. Bhí gaol an laoich lena uncail, agus an tslí a maraíodh é, mar mháithreacha le scéal Spidey i gcónaí agus dá uireasa sin tá coiscéim bhacaí sa charachtracht.

Gan amhras tá sé riachtanach míreanna snasta aicsin a sholáthar agus déantar sin cé nár bhain aon cheann acu m’anáil díom. Is é Keaton a thugann faoi ról an bhithiúnaigh agus cé go dtugann sé taispeántas ábalta uaidh, mar is dual dó, ní mhairfidh sé im chuimhne.

Bunchloch leagtha ach níl ann ach saghas réamhrá agus sinn ag fanacht nó go dtosóidh an t-aicsean ina cheart.

Fág freagra ar 'Sórt réamhrá atá in ‘Homecoming’ Spider-Man'