Scéalta ón gCibearspás (le @ceartateanga agus Prime Time in Árainn)

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontas agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?
@ceartateanga (Coimisinéir Teanga)

Cé hé féin?
Cuntas oifigiúil Twitter Oifig an Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill. Ní hé an Coimisinéir féin atá ina bhun ach an bainisteoir cumarsáide san oifig. Cruthaíodh an cuntas an tseachtain seo caite agus cheana féin tá os cionn 230 giolcaire á leanacht.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?
Cé nach bhfuil sé ar an bhfód ach seachtain nó mar sin, tá beagnach 100 giolc seolta ag @ceartateanga go dtí seo. Tá an cuntas á úsáid chun nuacht agus eolas faoin Oifig a scaipeadh ach táthar ag dul i mbun comhrá le lucht an leanta freisin agus ag déanamh athghiolcadh ar theachtaireachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn.

Cén fáth a leanfainn é?
Is féidir gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga trí Twitter! An-smaoineamh a bhí ann glacadh le gearáin ar na meáin shóisialta. Níl le déanamh ach aird fhoireann na hOifige a tharraingt trí ghiolc a sheoladh chucu agus a dheimhniú gur mhaith leat go ndéanfaí gearán thar do cheann trí theachtaireacht dhíreach a chur. Tá an Oifig ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí ag duine ar cás leis cearta teanga agus ba cheart d’aon ghiolcaire ar cás leis na rudaí céanna í a leanacht ar Twitter.

Giolc na Seachtaine

Tá scéal Árann fós i mbéal an phobail, agus bhí iontas ar lucht féachana Prime Time aréir nuair nach raibh an tAire Joe McHugh i láthair lena chinneadh a chosaint.

Bhain giolc Declan Varley gáire asainn!

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Bhí Miriam O’Callaghan agus foireann Prime Time in Árainn le cúpla lá anuas agus mír á déanamh acu ar scéal Aer Arann agus Executive Helicopters. 

Craoladh an mhír ar an gclár aréir agus bhí muintir na hÉireann ag breathnú air. Bhí idir cháineadh agus mholadh do sheasamh na nOileánach maidir leis an tseirbhís ingearáin atá beartaithe d’Árainn, agus idir shúgradh agus dáiríre le brath sna giolcacha.

Ba i mBéarla a bhí a bhformhór acu agus corrcheann Gaeilge anseo is ansiúd. Seo thíos blaiseadh den méid a bhí le rá ag pobal Twitter faoin gclár.

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás (le @ceartateanga agus Prime Time in Árainn)'

  • cormac

    ar mhiste leat/libh earraiocht a bhaint as ‘soibearspas’ seachas an ghibris ‘on gCibearspas’? Nil aon deallramh leis an litriu sin. Tabhair ceannaireacht chun rudai a athru chun feabhais.