Gaelghiolcaire na Seachtaine
@TgLurgan (TG Lurgan)
Céard é féin?
Is beag Gael nach bhfuil a fhios aige cé hé TG Lurgan. Seo an cainéal idirlín atá ag Coláiste Lurgan in Indreabhán i gCois Fharraige – ceárta phopcheol na Gaeilge. Tá cáil dhomhanda ar TG Lurgan as na físeáin spleodracha cheoil atá déanta acu i nGaeilge agus na hamhráin nua-chumtha atá tar éis teacht amach as a stiúideo le tamall de bhlianta anuas.
Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?
Caithfear a admháil go mbíonn an cuntas seo sách ciúin i gcaitheamh na bliana ach nuair a bhíonn na cúrsaí Gaeilge faoi lán seoil sa choláiste i nGaillimh is anseo a bhíonn an chéad radharc ar fhíseáin TG Lurgan. Bíonn ceol le Gaeil eile á roinnt acu freisin chomh maith le pictiúir den mhéid a tharlaíonn nuair a bhíonn siad i mbun taifeadta.
Cén fáth a leanfainn é?
Ba cheart do dhuine ar bith a bhaineann sult as físeáin TG Lurgan an cuntas seo a leanúint óir is anseo a gheofar an chéad radharc ar na hamhráin nua agus b’fhéidir cúpla leid freisin faoi na hamhráin atá fós le teacht.
Giolc Meme na Seachtaine
Indulge yourself in some beautiful poetry
Posted by RTÉ 2fm on Déardaoin, 16 Iúil 2015
Tá os cionn 10,000 ordóg faighte ag an bpictiúr seo a chroch RTÉ 2FM ar a leathanach Facebook ag meán lae inné agus taitníonn sé go mór linn ar Scéalta ón gCibearspás. Chuirfeadh sé an fógra teilifíse do Carslberg i gcuimhne do dhuine – ‘Ciúnas Bóthar Cailín Bainne’ ach é i bhfad níos cliste ná sin.
Mar sin féin, is mór an trua gurb é seo an méid Gaeilge a gcuimhníonn formhór mhuintir na hÉireann air i ndiaidh na hArdteiste.
Ragham amú tamall eile…
Here’s the full Vivaldi dance. Hope you like it. :)RTÉ Concert Orchestra Cork Opera House #Classical #Vivaldi #Irish #tap #contemporary
Posted by PRODIJIG on Dé Máirt, 7 Iúil 2015
Rinneadh an físeán seo a thaifeadadh cúpla seachtain ó shin ach crochadh ar na meáin shóisialta i gcaitheamh na seachtaine é agus tá os cionn 35,500 duine tar éis súil a chaitheamh air ó shin.
Is iad Prodijig, an grúpa iomráiteach damhsa atá le feiceáil san fhíseán agus iad ag déanamh damhsa Ghaelach le ceol Vivaldi. Bhí Ceolfhoireann RTÉ ag casadh i gCeoláras Chorcaí ag tús na míosa agus bhí Prodijig in éineacht leo.
Is é an píosa L’inverno ó Le Quattro Stagioni atá le cloisteáil anseo.
An Chaint sa tSráidbhaile ar líne…
Tharraing an t-alt a scríobh Róisín Ní Ghairbhí faoin méid a tharla di agus í ag triail a ceadúnas tiomána a fháil ón tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána go leor cainte ar Tuairisc.ie agus ar na meáin shóisialta ó foilsíodh Dé Céadaoin é.
Bhíothas ann a thaobhaigh le Róisín agus an cáineadh a rinne sí ar an tseirbhís ach bhí léitheoirí eile ann a bhí den tuairim go raibh an ceart ag an NDLS a hiarratas a dhiúltú mar ní raibh cruthúnas a seolta aici i nGaeilge.
cormac
‘ón gCibearspás’….ta’s agam gurb in e an litriu caighdeanach ach ta se bunoscionn le foghraiocht na teanga dar liom……….on Soibearspas, Bhun ‘ciniciuil’ ann trath, ta se in am ‘soibearspas’ a scriobh agus a ra feasta freisin.