Saothar Liam Uí Mhuirthile, dúshlán na mionteangacha, meantóireacht i nDoire agus féile d’ógánaigh Chonamara

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Saothar Liam Uí Mhuirthile, dúshlán na mionteangacha, meantóireacht i nDoire agus féile d’ógánaigh Chonamara

COMHDHÁLACHA

Saothar Liam Uí Mhuirthile á phlé

Cuirfear Comhdháil na Bealtaine Roinn na Gaeilge Coláiste Mhuire gan Smál ar bun ar an Aoine, an 24 Bealtaine. Is é téama na bliana seo ná Saothar Liam Uí Mhuirthile agus beidh an chomhdháil ar siúl ag Campas Phádraig, Durlas.

Cuirfidh aoichainteoirí cainteanna i láthair i rith an lae agus breathnófar ar ghnéithe éagsúla de shaothar Uí Mhuirthile. Tá an chomhdháil á heagrú ag Stephen Newman, Laoise Ní Cheallaigh agus Breandán Ó Cróinín ó Roinn na Gaeilge Choláiste Mhuire gan Smál.

Is é an Dr Finn Ó Murchú, Ceannasaí Scoil an Oideachais Iar-Scoile i gColáiste Mhuire gan Smál, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil maidin Dé hAoine. An file Ailbhe Ní Ghearbhuigh an chéad aoichainteoir a labhróidh agus ‘Crainn agus Adhmad i bhfilíocht Liam Uí Mhuirthile’ ábhar a cuid cainte.

Beidh Alan Titley ar an bpóidiam agus é ag caint faoi shaothar iriseoireachta Liam Uí Mhuirthile faoin teideal ‘Ag comhrá leis an ndúchas; gné d’iriseoireacht Liam’.

Tabharfaidh Pádraigín Riggs caint faoin teideal ‘Driscoll, ar oilithreacht fána anam’.

Cuirfear léamh filíochta ar bun i lár an lae agus dánta á n-aithris ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Laoighseach Ní Choistealbha, Alan Titley agus Liam Mac Peaircín.

I ndiaidh am lóin tabharfaidh Máire Ní Annracháin caint faoin teideal ‘An Colm Bán / la blanche colombe: úrscéal réalaíoch?’. Beidh Eimear Nic Conmhaic ag trácht ar shaothar deireanach Uí Mhuirthile ina caint ‘Tá ina lá …’: gné na hoilithreachta i saothar déanach Liam Uí Mhuirthile’.

Beidh fáiltiú ar siúl chun clabhsúr a chur ar an gcomhdháil agus beidh cnuasach nua gearrscéalta le Pádraic Breathnach á sheoladh. Is í an Dr Laoise Ní Cheallaigh a sheolfaidh Póg Mó Thóin agus Scéalta Eile, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, an chéad chnuasach gearrscéalta nua le Pádraic Breathnach le beagnach fiche bliain.

Tá clár na comhdhála le fáil anseo.

 

Mionteangacha á bplé i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh

Beidh comhdháil dhátheangach á reáchtáil ag Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ar an Déardaoin an 6 agus an Aoine, an 7 Meitheamh. Is é téama na comhdhála ‘An Inbhuanaitheacht agus na Mionteangacha’.

Tá clár cuimsitheach cainteanna leagtha amach don dá lá agus cúig aoichainteoir déag ag glacadh páirt sa gcomhdháil, chomh maith le triúr cainteoirí as Ionad na Gaeilge Labhartha féin.

Cuirfidh Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, John O’Halloran, tús leis an gcomhdháil maidin Déardaoin. Helen Prosser, Stiúrthóir Múinteoireachta agus Foghlamtha in Ionad Náisiúnta Foghlaim Breatnaise sa Bhreatain Bheag a thabharfaidh an chéad chaint. Labhróidh sí faoi na haidhmeanna atá acu chun líon na gcainteoirí Breatnaise a mhéadú go milliún cainteoir faoin mbliain 2050.

Níos deireanaí Déardaoin, labhróidh Aoife Ní Shéaghdha, Oifigeach Oideachais Iar-Bhunscoile leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, faoi na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an oideachais iar-bhunscoile trí Ghaeilge in Éirinn agus faoi na léargais atá ar fáil ó thaighde atá déanta ar an ábhar.

Cuirfidh Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge clabhsúr leis an gcéad lá cainteanna. Ábhar a chuid cainte ‘An leor na polasaithe reatha le hinbhuanaitheacht teanga a bhaint amach don Ghaeilge?’. Beidh aistriúchán comhuaineach ar fáil.

Beidh clár mór cainteanna ar bun ar an dara lá den chomhdháil agus aoichainteoirí i láthair as Éirinn, an Bhriotáin, Tír na mBascach agus áiteanna eile. Labhróidh Brian Ó Donnchadha ar ábhar an aistriúcháin agus na deiseanna agus na dúshláin don Ghaeilge sa saol comhaimseartha.

Beidh Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag caint faoi gheilleagar na Gaeilge agus labhróidh Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, faoin obair atá idir lámha ag an eagraíocht sin.

Níl aon táille ar an gcomhdháil ach caithfear clárú roimh ré.

SCÉIM

 

Réaltán Ní Leannáin

Meantóireacht i gCultúrlann Uí Chanainn

Tá Cultúrlann Uí Chanainn i nDoire ag cur tús le scéim meantóireachta do scríbhneoirí Gaeilge. Is í Réaltán Ní Leannáin an scríbhneoir cónaitheach reatha atá lonnaithe sa gcultúrlann. Cuireann an scéim meantóireachta maoiniú ar fáil do scríbhneoir amháin ar feadh tréimhse áirithe chun am a chaitheamh ag obair ar a saothar.

Tá an scéim oscailte do scríbhneoirí nach bhfuil saothar foilsithe acu go fóill agus atá idir 18 agus 35 bliain d’aois. Daoine a scríobhann i gcanúint Chúige Uladh atá á lorg acu go sonrach.

An spriocdháta d’iarratais an 3 Meitheamh, 2024 agus tá tuilleadh eolais le fáil ó Shiubhán Nic Amhlaoibh, Stiúrthóir Chultúrlann Uí Chanainn ag siubhan@culturlann.org.

FÉILE

 

Pictiúr: Andrew Downes, Xposure

‘Amuigh 24’ – féile nua aon lae amháin do dhaoine óga i gConamara

Tá féile nua aon lae amháin dírithe ar dhaoine óga á cur ar bun ag Cruinniú na nÓg i gcomhar le Cúla4 agus Fíbín Media ar an 15 Meitheamh, 2024. Déanfar ceiliúradh ar chruthaitheacht, ealaín agus taibhléiriú na n-óg ag an bhféile seo ina mbeidh réimse imeachtaí trí Ghaeilge á chur ar fáil do dhaoine óga. Cuirfear imeachtaí agus siamsaíocht ar fáil do theaghlaigh agus do dhaoine óga agus iad dírithe ar thrí aoisghrúpa ar leith: 0-5 bliana, 6-12 bliain, agus 13–18 bliain d’aois.

Ceann de na haidhmeanna atá luaite ag na an lucht eagraithe leis an bhféile nua seo a chinntiú go mbeidh deis ag an lucht freastail a bheith rannpháirteach i gceardlanna idirghníomhacha, chomh maith le taitneamh a bhaint as léirithe ealaíne agus ceol beo. Tá súil ag na heagraithe go gcuideoidh an fhéile seo leis an tsamhlaíocht a neartú, an chruthaitheacht a chothú agus suim sna healaíona a spreagadh sa chéad ghlúin eile.

Tabharfar deiseanna freisin do na daoine óga ardán a bheith acu lena gcruthaitheacht féin, a dtallann agus a scileanna ealaíne a chur i láthair.

Beidh ceol beo ann ó Jessica McKean, iarrthóir Junior Eurovision, Trad Rave agus Colm Seoighe & na hEasógaí mar aon le ceardlanna agus léirithe beo ó Circus le Croí, Laureate na nÓg, Trish Forde agus Leabhair Pháistí Éireann, drámaíocht, bácáil, ceardaíocht agus neart ócáidí eile i rith an lae.

Aidhm na féile an tsamhlaíocht a neartú, an chruthaitheacht a chothú agus suim sna healaíona a spreagadh sa chéad ghlúin eile.

Beidh an fhéile ar bun ag Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulaigh, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe (H91 T224) ar an 15 Meitheamh ó 11am go dtí 10pm.

Tá tuilleadh eolais anseo.

 

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge An Cheathrú Rua

Fiach Focal

Beidh an chéad seisiún eile ag Fiach Focal faoi stiúir ábalta Mháire Feiritéar ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua an Satharn beag seo, an 25 Bealtaine ón 11.00-12.30.

Tagann lucht spéise na cainte agus na teanga le chéile uair sa mí le teanga na dtéamaí éagsúla a phlé agus an Satharn seo ‘An Duine’ a bheidh á chíoradh sa rómhar teanga spéisiúil.

Bíonn neart le cur ag an gcomhluadar leis an léann dúchais agus an seanchas. Coiste Cultúir agus Oidhreachta na Ceathrún i gcomhar le Pobal Rua a eagraíonn na hócáidí spéisiúla seo agus bíonn fáilte roimh an bpobal.

Fág freagra ar 'Saothar Liam Uí Mhuirthile, dúshlán na mionteangacha, meantóireacht i nDoire agus féile d’ógánaigh Chonamara'

  • Siún de Barra

    A Mhuintir Ionad na Gaeilge Labhartha.
    L
    Is teangacha mionlaithe imeallaithe iad na teangacha Cheilteacha.
    Mionlaithe de bharr neamhaird nò namhaideas na Stáit/ Ríochta.