‘Níl deich PhD eile ar fhilíocht an seachtú haois déag de dhíth’

Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean gur cheart níos mó béime a leagan i léann na Gaeilge ar an bpleanáil teanga agus ar an tsochtheangeolaíocht seachas ar fhilíocht ársa

‘Níl deich PhD eile ar fhilíocht an seachtú haois déag de dhíth’

Deir duine de na gníomhaithe teanga is aitheanta sa tír go bhfuil an iomarca taighde á dhéanamh faoin nGaeilge féin seachas faoi conas í a choinneáil slán agus í a chur chun cinn.

Ag labhairt dó i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Fís an Phobail, Líonra Pleanála Teanga Bhéal Feirste, go bhfuil an iomarca dua á chaitheamh le filíocht Ghaeilge an 17ú haois agus gur chóir béim níos mó a chur i gcúrsaí léinn ar an bpleanáil teanga.

“Níl aon treoirleabhar ann don phleanáil teanga. Níl aon chéimeanna nó slat draíochta maidir le hathbheochan teanga, athréimniú teanga. In amanna, caithfidh muid triail a bhaint as rudaí i ngan fhios dúinn, b’fhéidir go n-éireodh leo, b’fhéidir nach n-éireodh leo. Tá muid ag cruthú earnála. Tá muid ag cruthú cur chuige.”

“Tá [gá] níos mó le seo a bheith fréamhaithe i dtaobh taighde. Tá cultúr anseo in Éirinn maidir le lucht léinn na Gaeilge, tá i bhfad barraíocht béime ar thaighde sa teanga féin. Tá an-suim agam i bhfilíocht na seachtú haoise déag ach ní dóigh liom go bhfuil deich PhD eile de dhíth ar fhilíocht na seachtú haoise déag.

“Tá níos mó taighde le déanamh ar an tsochtheangeolaíocht, ar na rudaí atá ag obair.

“Tá níos mó de lucht léinn de dhíth orainn agus caithfidh an rialtas amharc ar na straitéisí tríú leibhéal le fáil amach an bhfuil na sruthanna ann atá ag cur níos mó de na daltaí iontacha ag freastal ar na coláistí fud fad na tíre, an bhfuil deiseanna acu níos mó taighde a dhéanamh ar na samplaí anseo go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus cad iad na ceachtanna gur féidir linne a chur i bhfeidhm anseo le cuidiú linn go logánta le pobal s’againne a neartú.”

Bhí Fís an Phobail i measc na ngrúpaí a bhí i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, mar a raibh plé ann faoi chúrsaí pleanála teanga sna ceantair atá aitheanta mar líonraí Gaeilge.

Ar na dúshláin a luaigh na toscaireachtaí ag an gcruinniú bhí imeallú na Gaeilge sa státchóras, easpa seirbhísí i nGaeilge, easpa maoinithe agus easnaimh an chórais gaeloideachais.

Chuir toscaireacht ó Charn Tóchair, an ceantar tuaithe i nDoire a luaitear go minic mar eiseamláir ó taobh cur chun cinn na Gaeilge, plean i láthair an choiste do “athbhunú” na Gaeilge i gceantair thuaithe ar fud na tíre.

Fág freagra ar '‘Níl deich PhD eile ar fhilíocht an seachtú haois déag de dhíth’'

  • Lillis Ó Laoire

    Is mór an trua go gcaithfidh gníomhaithe teanga an cur chuige lochtach seo i dtaca le l
    Léann na Gaeilge a ghlacadh. Is é atá a dhíobháil maoiniú ceart iomlán d’earnáil na Gaeilge, idir léann feidhmeach agus léann traidisiúnta. Chaill ceathrar a gcuid post ó thuaidh le deich mbliana anuas agus fágadh an Roinn sin gan mhisneach gan bhrí dá bharr. Níor fostaíodh ceathrar pleanálaithe teanga nó pleanálaithe ar bith eile ina n-áit. Cuirfidh ráitis gháifeacha den chineál seo aoibhneas ar na bainisteoirí iomadúla sa 3ú leibhéal ar mhaith leo tuilleadh ciorruithe a chur i bhfeidhm ar na ranna Gaeilge, mar go dtuigfidh go maith an scoilt atá san earnáil. Ba mhaith an fear scéil an té a chruthódh go bhfull 10 bPh.D. ar ábhar ón 17ù haois déag á ndéanamh in Éirinn faoi láthair. De dhíobháil maoinithe tá laghdù ar líon na mac léinn iarchéime sa Ghaeilge agus sna Dána go ginearálta.
    Bhí cúrsaí go leor ar siúl cheana sa phleanáil teanga roimhe seo agus cuireadh deireadh leo díobháil éilimh. Forbairt atá a dhíth ar earnáil léinn na Gaeilge trí chéile rud atá aitheanta san alt fosta, ach nach é a roghnaíodh mar cheann líne. Cad é an mhaith a bheith ag baint leathchoise de dhuine amháin agus a bheith ag iarraidh an ghéag sin a chur le gualainn duine eile, ag déanamh go ndéanfaidh sí ionad láimhe dó? Ná bímis ár lot féin. Ní neart go cur le chéile.

  • Gabriel Rosenstock

    Cúrsaí léinn, cúrsaí filíochta, pleanáil teanga . . . i dteannta a chéile is fearr iad.
    Níor mhaith liom go mbeadh na scoláirí teanga scartha ón teanga bheo (rud a tharlaíonn) ná na gníomhaithe teanga scartha ón litríocht (rud a tharlaíonn chomh maith).

  • Siún De Barra

    Luaiter teangeolaithe agus níl áit níos fearr le tosú leo sin ná ins an Ghaeltacht. Nach dteastaíonn líon mór teangeolatihe, socheolaithe srl. agus oibrithe pobail lánaimseartha chun an “Pleanáil Teanga” a chur chun cinn seachas do bheith ag braith ar coistí dheonacha agus oibrithe sealadacha?
    Is beag am atá fágtha de réir an Staidéir Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa. Ghaeltacht 2007.

  • An Scoláire Prótó-Ghaeilge

    An sórt tuairimíochta a chloistear go minic i saol na Gaeilge. An bhfuil na daoine sin a dhéanfadh staidéar ar fhilíocht an 17ú haois déag ar an dream céanna a dhéanfadh staidéar ar ‘pleanáil teanga’. Ní féidir teanga a phleanáil. Ní mór do dhaoine a bhfuil grá acu don teanga (filíocht san áireamh) cinneadh a dhéanamh a saol ar fad nó chomh fada is féidir a chaitheamh trí Ghaeilge agus mar cuid de sin gan a bheith ag socrú síos le daoine gan Ghaeilge a chuirfidh ceangail ort Béarla a labhairt gach aon lá, (b’fhéidir go bhféadfaidís cleamhnas a iarraidh ar an bpleanálaí teanga). Má tá aon bhuntáiste ag gabháil le ‘pleanáil teanga’ ligimis dúinn an dream sin a fheiceáil ag tabhairt pobail Bhéarla slán faoin tuath i dtús báire agus stad a chur le bánú na tuaithe. Is ionann cuid mhaith de na fadhbanna sa dá phobal teanga ach na seirbhísí a bheith curtha ar fáil sa teanga chuí. Uathmheaisíní bainc, oifig an phoist, cúpla teach tábhairne agus córas iompair le gur féidir freastal orthu, scoileanna agus cúrsaí printíseachta/tríú leibhéal i ngaireacht a thabharfadh na scileanna do dhaoine fanacht sa cheantar, fostaíocht nach mbrúfadh an Béarla chun cinn agus ina mbeadh na bainisteoirí féin ag feidhmiú trí Ghaeilge. Imeachtaí sóisialta agus féilte a chuirfeadh beocht san áit agus meáin chumarsáide Ghaelacha atá neamhspleách ón dioschúrsa gallda le nach bhfréamhódh na meáin Ghallda díospóireachtaí agus tuairimí an phobail (níl rud ar bith mar sin againn) agus an rud is tábhachtaí tuilleadh páistí de bhunadh na háite a thabhairt ar an saol. An gá PhD a dhéanamh sa mhéid sin? Is túisce go mbeadh muinín agam go mairfidh an teanga glúin amháin eile fad agus a bheidh daoine ag titim i ngrá le filíocht a gcuid sinsir agus ag infheistiú beocht a n-anama agus neart a ngéag i gcur chun cinn leanúnachas an chultúir Ghaelaigh.

  • An Dr Séamas Ó Donnghaile

    Caithfidh sé go bhfuil ábhar ar leith léite ag duine a déarfadh, i mbeagán focal, nach fiú mala a thógáil le cuid an-luachmhar dár n-oidhreacht liteartha a thabhairt slán. Rinneadh beag den léann, mo léan, ach tá mé ag fáiltiú roimh an díospóireacht a eascróidh as saoibhdhearcadh. Gach seans gur fágadh cuid den chomhthéacs ar lár – guím gur fágadh, más fíor. Ní neart go cur le chéile.

  • Ciarán Ó Coigligh

    Ní bhainfinn muinín ar bith as duine ar bith ná as eagras ar bith a mba í an ‘phleanáil’ teanga an chloch is mó ar a bpaidrín, ní áirím ‘pleanáil teanga taobh amuigh den Ghaeltacht’, arae ciallaíonn Gaeltacht ‘daoine a labhraíos an Ghaeilge agus a chleachtas nósanna Gaelacha.’ Tuilleadh staidéir ar an teanga a theastaíos agus ní h-ea a mhalairt.

  • Nóilín Nic Bhloscaidh

    Mo cheol thú, a Lillis, an ceart ar fad agat.