Ní fiú dom m’uimhir a thabhairt duit mura bhfuil WhatsApp agat

Ní féidir an guth daonna a shárú nuair a bhíonn cumarsáid i gceist, dar lenár gcolúnaí

Ní fiú dom m’uimhir a thabhairt duit mura bhfuil WhatsApp agat

Fadó fadó nuair ba dhéagóir mé, chaithinn cuid mhór den oíche i seomra oibre m’athar, áit a mbíodh príobháideachas agam nuair a bheadh sé féin thíos staighre. Chuirinn glaoch ar mo chairde ón scoil agus chaithinn uaireanta fada an chloig ar an bhfón leo. Ní mise a bhí ag íoc an bhille!

Tháinig deireadh leis na comhráite réchúiseacha sin nuair a bhog mé amach as teach mo mhuintire agus isteach i lóistín do mhic léinn i gcathair na Gaillimhe. Ní raibh fón sa bhloc árasán ina raibh mé i mo chónaí. Bhí orainn úsáid a bhaint as táillefhón i bhforhalla an bhloic árasán in aice linn. Bhí na cártaí fóin a ghlac an gléas sin daor, ach níorbh é sin an t-aon chúis amháin go mbíodh deifir orm ar an bhfón sna laethanta sin. Bhíodh duine éigin eile ag fústráil thart san fhorhalla fuar sin i gcónaí, ag fanacht ar dheis an diabhal fóin a úsáid.

B’in sa bhliain 1996. Is doiligh a chreidiúint go raibh fón póca ag chuile dhuine an bhliain dár gcionn – ach b’in mar a tharla. Ba é 1997 an bhliain gur ghlac an ‘píobaire póca’ – mar a bhaist léachtóir Gaeilge amháin in Ollscoil na Gaillimhe ar an ngléas nua-aimseartha sin ag an am – seilbh ar ár saol. 

Ach níor fhill laethanta na gcomhráite a mhaireadh uaireanta an chloig. Bhí táillí na bhfón póca ard go leor, agus lena chois sin bhí teicneolaíocht nua ann. Teachtaireachtaí téacs a bhí i gcuid mhór den phíobaireacht a bhí ar siúl ag na Nokias agus na Ericssons i bpócaí na ndaoine. In achar gairid, d’éirigh sé saghas mímhúinte glaoch a chur ar dhuine nuair a dhéanfadh teachtaireacht téacs cúis.

Ar aghaidh fiche bliain. An mhí seo caite, bhí comhrá osréalach agam le duine a d’iarr orm mo shonraí teagmhála a thabhairt dó.

‘Tabhair dom do WhatsApp.’

Dúirt mé leis nach bhfuil WhatsApp agam, ach thug mé dó m’uimhir ghutháin agus d’iarr air a uimhir féin a thabhairt domsa.

‘Ní fiú dom m’uimhir a thabhairt duit mura bhfuil WhatsApp agat. Ní dhéanaim guthghlaonna.’

Ní raibh teagmháil agam leis an duine sin ó shin.

Ach nach mór chuile oíche le leathbhliain anuas, caithim uair an chloig nó níos mó ar an bhfón le dlúthchara de mo chuid. Eisean a chuir tús leis an nós sin. Bíonn sé ag obair san oíche, tagann leadrán air agus cuireann sé glaoch ar a chairde, díreach mar a dhéanainnse nuair a bhí mé i mo dhéagóir. A bhuíochas leis an iomaíocht ó WhatsApp agus ó na modhanna cumarsáide téacsbhunaithe eile ar fad, ní chosnaíonn guthghlao faic sa lá atá inniu ann. Fiú mo dhlúthchara cainteach, ní éiríonn leis uasteorainn ghuthghlaonna a shíntiúis a bhaint amach.

Agus is maith sin. Agus muid ag caint agus ag éisteacht le chéile go réchúiseach agus go foighdeach, seachnaímid an strus agus na taomanna imní ar fad a thagann ar dhaoine a bhíonn ag fanacht ar theachtaireachtaí nach dtagann agus a bhíonn doiléir nuair a thagann siad. 

Ní theastaíonn straoiseoga ón té a bhaineann úsáid as an bhfón ar an gcaoi a raibh muid ceaptha úsáid a bhaint as an chéad lá riamh.

An guth daonna. Nuair a bhíonn cumarsáid i gceist, ní bhíonn a shárú le fáil.