Ní bheidh Al Porter ag glacadh páirte i seónna GaelGÁIRÍ fad is a bheidh sé ‘ar sos’

Tá seónna grinn i nGaeilge déanta ag Al Porter leis an gclub grinn Gaeilge

Ní bheidh Al Porter ag glacadh páirte i seónna GaelGÁIRÍ fad is a bheidh sé ‘ar sos’

Níl an club grinn GaelGÁIRÍ sásta ráiteas a thabhairt faoin gcaidreamh a bheidh ag an gclub leis an bhfuirseoir Al Porter amach anseo. Tá Porter sáite i gconspóid faoi láthair mar gheall ar líomhaintí faoi mhí-iompar agus d’éirigh sé as roinnt post a bhíodh aige dá bharr.

Rinne Al Porter seónna grinn i nGaeilge le GaelGÁIRÍ mar chuid d’Fhéile Ghrinn na Gaillimhe le dhá bhliain anuas agus tá sé ar dhuine de na fuirseoirí is aitheanta atá luaite leis an gclub grinn Gaeilge.

Tá sé curtha i leith an fhuirseora gur sheol sé teachtaireachtaí míchuí chuig aíonna a bhí ar a chlár raidió ar TodayFM agus gur chuir sé a lámh ar fhir in aghaidh a dtola ag ócáidí éagsúla le tamall de bhlianta anuas.

D’éirigh sé as an bpost mar láithreoir raidió agus teilifíse i bhfianaise an scannail agus fógraíodh an tseachtain seo nach mbeadh aon pháirt aige i ngeamaireacht na Nollag in amharclann an Olympia i mBaile Átha Cliath mar a bhí beartaithe.

Dúirt urlabhraí de chuid GhaelGÁIRÍ le Tuairisc.ie nach bhfuil aon ráiteas le déanamh ag an gclub grinn faoin gconspóid, ach go nglacann an club leis nach mbeadh spéis aige páirt a ghlacadh in imeachtaí an chlub fad a bheidh sé “ar sos” ón obair.

“Tá Al Porter ag rá go mbeidh sé ag glacadh sos ó gach rud, agus cuirimidne GaelGÁIRÍ san áireamh ansin. De ghnáth, dhéanadh sé GaelGÁIRÍ mar chuid den fhéile [na Gaillimhe]. Ní dhearna sé seó GhaelGÁIRÍ ina aonar riamh, mar sin ní fheadar faoin gcaidreamh atá againn leis. Ní bheidh sé ag obair, agus mar sin ní bheidh sé ag obair linne,” a dúirt an t-urlabhraí.

Ní raibh aon ráiteas le déanamh ag GaelGÁIRÍ faoi na líomhaintí atá curtha i leith Porter.

D’eisigh Porter ráiteas an tseachtain seo caite inar mhaígh sé nach raibh sé i gceist aige riamh cur isteach ar dhuine ar bith lena iompar. Dúirt sé gur bhain na tuairiscí sna meáin, agus ar na meáin shóisialta, siar as.

“Cé go sílfeadh go leor daoine go raibh m’iompar, a bhí ag teacht leis an persona gáifeach áiféiseach atá agam, maslach agus nach bhféadfaí glacadh leis, ní raibh sé i gceist agam riamh cur isteach ar dhuine ar bith.

“Go dtí seo, ní raibh cloiste agam faoi na gearáin seo ná an tionchar a bhí ag m’iompar ar dhaoine agus tá brón ó chroí orm faoi aon mhíshuaimhneas a chothaigh mé i gcásanna a shíl mise a bheith éadrom agus dea-chroíoch,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Ní bheidh Al Porter ag glacadh páirte i seónna GaelGÁIRÍ fad is a bheidh sé ‘ar sos’'

  • Tuigim

    Al i d’alt: “Cé go sílfeadh go leor daoine go raibh m’iompar, […], maslach agus nach bhféadfaí glacadh leis, ní raibh sé i gceist agam riamh cur isteach ar dhuine ar bith.
    “Go dtí seo, ní raibh cloiste agam faoi na gearáin seo ná an tionchar a bhí ag m’iompar ar dhaoine agus tá brón ó chroí orm faoi aon mhíshuaimhneas a chothaigh mé i gcásanna a shíl mise a bheith éadrom agus dea-chroíoch,” a dúirt sé.

    Uaimse:
    ‘Bhfuil ‘fhios agat, Maitiú, go bhfuil daoine ann agus fiú má deireann tú leo go bhfuil siad maslach agus má mhíníonn tú dóibh an tionchar atá ag a n-iompar (go gcuireann siad daoine fásta ag caoineadh fiú), tá cuid acu nach ndéarfaidh go bhfuil brón acu ó chroí ach leanfaidh siad ar aghaidh níos láidre ná ariamh ag maslú an duine a d’inis sin dóibh. An gcreidfeá sin, Maitiú? An dtuigeann tú anois, Maitiú?