Nach deas é? Ag Baint Sponcáin…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Nath cainte a chuaigh go mór i bhfeidhm orm nuair a léas An tOileánach, measaim, don gcéad uair fadó ná ‘ag baint sponcáin’. Níor thuigeas in aon chor é ag an am agus, dá bhrí sin, bhí orm dul i muinín fhoclóir Uí Dhónaill. Seo é an t-eolas a thugtar dúinn anso:

sponcán, m.(gs. áin). 1. Tinder. 2. (In phrase) Ag baint sponcáin chun duine, having s.o. on, chaffing s.o.

Ní dóigh liom gur chuala riamh an nath so sa chaint bheo ach go bhfuil meathchuimhne agam go raibh sé ag Mícheál Ó Sé Raidió na Gaeltachta fadó, cé go mb’fhéidir gur tomhais a bhí á chur aige ar an lucht éisteachta. Is ag a leithéid de chainteoir breá a bheadh sé, áfach.

Ní díreach mar a chéile é seo agus a bheith ag magadh fé dhuine, im thuairim, agus mar sin más ‘having somebody on’ atá i gceist agat a rá seachas fonóid a dhéanamh fé dhuine, nó má thánn tú ag iarraidh duine a chur sa tsiúl, b’fhéidir gur ag baint sponcáin chuige nó chuichi athánn tú. Ag baint Sponcáin…

Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ag Baint Sponcáin…'