Ná bac an soccer mom, seo chugainn an ‘Mamaí Camógaí’!

Tá cluiche ceannais na hÉireann buaite ag Gaillimh den chéad uair le 29 bliain agus níl Beainín na Naíonáin Bheaga ‘bit’ calm faoi. Tá sí  uafásach ‘excited’!

Ná bac an soccer mom, seo chugainn an ‘Mamaí Camógaí’!

‘Tá an GAA go dona a’d, Mamaí, an raibh a fhios a’d é sin?’ arsa Beainín na Naíonáin Bheaga liom agus cuma na himní uirthi.

Deirtear liom, ach níl a fhios agam an gcreidim é, nach bhfuil sí sna naíonáin bheaga níos mó, is go bhfuil sí i Rang a hAon anois. Chaithfeadh go bhfuil dul amú ar dhuine éicint in áit éicint.

Chuir a ráiteas iontas orm ós rud é go raibh sí théis CúlCamp camógaíochta a dhéanamh agus go dtiocfainn uirthi moch maidine ag bun an staighre, clogad uirthi agus camán ina lámh aici, agus í ag fanacht go mífhoighdeach go mbeadh sé in am aici dul ann.

‘Ach nach bhfuil camógaíocht sa GAA, is bíonn tú ag imirt camógaíochta agus níl sé ag déanamh aon dochar dhuit?’ a dúirt mé. ‘Cé a bhí á rá sin leat?’

‘Ó!’ a dúirt sí, agus í sórt scaipthe is ag iarraidh cuimhneamh uirthi féin. ‘Eoin a dúirt é, ceapaim.’

Labhair sí arís. ‘An bhfuil a fhios agat céard é fhéin, ach b’fhéidir gur Baile Átha Cliath a bhí i gceist aige,’ a dúirt sí. ‘Ceapaim gurb in  é, mar is as Baile Átha Cliath é fhéin. Déarfainn go bhfuil sé ok i nGaillimh.’

Ó thosaigh sí ag imirt camógaíochta atá mé féin ag foghlaim faoi CLG. Meas tú an bhfuil mé i mo ‘Mamaí Camógaí’ anois, ar nós na soccer moms seo a gcloiseann tú fúthu? Agus más Mamaí Camógaí anois mé, céard iad na dualgais a théann leis an jab nua?

An t-aon uair ar imir mé féin camógaíocht, ná lá ar thug duine de na múinteoirí slám camán agus sliotair isteach chugainn i Scoil an Turlaigh Bhig. Bhí an fear bocht ag iarraidh shape éicint a chur orainn, is dócha.

Murach go bhfuair mé iarraidh de chamán isteach ar an mbaithis an lá sin, cá bhfios cén t-ualach trófaithe a bheadh ar mo chuid seilfeanna inniu? Bheadh amhras orm.

D’fhoghlaim mé ceacht tábhachtach amháin an lá sin, áfach; ná seas róghar don té a bhfuil an camán aici.

‘Cá bhfuil mo chamán?’ Suas le Beainín na Naíonáin Bheaga ar chathaoir agus í  ag tarraingt amach scaifeanna, málaí, liathróidí is miotógaí ón gcúinne sin sa halla ina sáitear chuile ní.

Is gearr go mbeadh foireann shinsir iománaíochta na Gaillimhe ar ais i bPáirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá agus Corn Mhic Cárthaigh faoina ascaill ag an gcaptaen. Bhí sí féin agus ‘Daidí Camógaí’ ag tabhairt aghaidh ar Bhóthar na Trá, in éineacht leis na sluaite eile, chun fáilte a chur rompu.

‘Feictear dom go bhfuil tú an-chalm faoin rud seo uilig, Daidí,’ a dúirt sí leis. Níl a fhios agam an é gur ar a shuaimhneas a bhí sé nó an é go raibh sé ag teacht ar an tuiscint gur gearr go mbeidís i lár slua mór millteach buachaillí is cailíní beaga a bhí, ní hamháin ar bís is ríméadach, ach i ngreim camáin chomh maith.

‘An bhfuil a fhios agat céard é fhéin, ach níl mise bit calm faoi. Tá mé uafásach excited!’ a dúirt sí ansin, ar fhaitíos nach raibh an méid sin déanta amach againn fós agus í gléasta ó bhun go barr i ndathanna na Gaillimhe agus ag déanamh bulla bó báisín ar fud an tí.

‘Seo linn!’ a dúirt sí agus tharraing sí amach an doras é. D’fhan mé sa doras ag breathnú orthu ag imeacht amach an bóthar. Ise i ngreim láimhe air agus á tharraingt ina diaidh. Greim ar a camán aici sa lámh eile agus é crochta in airde.

Bratach na Gaillimhe ceangailte aici timpeall ar a guaillí mar a bheadh clóca ag sárlaoch.

‘An Cailín Camógaí’ agus í ar an ionsaí, a clóca ag damhsa sa ngaoth.