IMEACHTAÍ – 24 – 31 Deireadh Fómhair

Caitheann Tuairisc.ie súil ar imeachtaí phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Zombie

Ó pharáidí ildaite, oícheanta scéalaíochta agus féilte a thugann leo spiorad na Samhna, tá go leor ag titim amach timpeall na tíre i rith na seachtaine amach romhainn. Cé nach mbeidh Oíche Shamhna linn go dtí Dé Aoine 31 Deireadh Fómhair, cuireann Lá Saoire bainc, ar an Luan beag seo fad leis an cheiliúradh agus nach muid atá sásta faoi. Níor mhiste do dhaoine aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath don deireadh seachtaine, áit a mbeidh Fíbín ag cur Dracula ‘as Gaeilge’ i láthair tráthnóna Dé Domhnaigh.

Léiriú bunaithe ar an aistriúchán go Gaeilge le Seán Ó Cuirrín, a foilsíodh i 1993 faoin teideal céanna. Is mar chuid d’Fhéile Bram Stoker atá an t-imeacht á reáchtáil, féile a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht úrscéalaí ‘Dracula’, arbh as Baile Átha Cliath dó. Spéisiúil go leor, tá sé ráite gur as ‘drochfhuil’ a fuair Bram Stoker teideal dá shaothar.

Ní bheadh sé ina Oíche Shamhna cheart gan Macnas a bheith amuigh ag dathú na sráideanna. Más i nGaillimh atá do thriall Dé Domhnaigh nó Baile Átha Cliath Dé Luain, beidh deis agat mórpharáidí na Samhna a fheiceáil. Ní hamháin sin ach tá Macnas ag súil i mbliana go dtiocfar amach i bhfeistis agus cibé cultacha bréige a chuirfidh leis an ócáid.

Ag coimhéad ar a bhfuil ag tarlú i bhféilire na nGael, tá sraith imeachtaí á reáchtáil ag Glór na nGael in ionaid ar leith ar fiú aird a dhíriú orthu. Oícheanta siamsa agus scéalaíochta a bheidh i gceist, mar a mbeidh caint ar thaibhsí i measc ábhar eile. Beidh na hoícheanta sin dírithe ar theaghlaigh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga tí acu.

Is maith an iarracht a rinneadh teacht ar ionaid den scoth. Bheinn féin scanraithe ag oíche shiúil i bPríosún Chill Mhantáin, gan trácht ar Chaisleán Bhéal Feirste. Ó dheas linn agus cuirfear tús le Scléip na hÓige thíos i gCill Airne Dé Máirt seo chugainn agus leanfar le clár imeachtaí an aosa óig go dtí an Déardaoin seo chugainn.

Rud eile de, a chairde Gael: ní fada uainn an tOireachtas.

 


CONNACHTA


 

FÉILE: Féile na Samhna, 24-27 Deireadh Fómhair, Béal Átha na Muice, Co. Mhaigh Eo. Baileoidh an chuid is fearr de cheoltóirí Mhaigh Eo le chéile d’fhéile cheoil thraidisiúnta ag an deireadh seachtaine. ‘The Rambling House’ atá mar théama ag an fhéile i mbliana agus díreofar ar nósanna siamsa agus ceoil a bhíodh ann tráth den saol. Bí ag súil le hallaí damhsa, scéalaithe, bacstaí agus níos mó. Tuilleadh eolais: https://comhaltas.ie


PARÁID: ‘Symphony for the Restless’, Mórpharáid na Samhna le Macnas, Dé Domhnaigh 26 Deireadh Fómhair, ag toiseacht ag a 4.45i.n, Cathair na Gaillimhe. Beidh an pharáid ag fágáil ‘Fisheries Field’, faiche taobh thiar de Dhroichead na mBradán, ag a 4:45i.n agus rachaidh sé i dtreo Shráid na Siopaí. Tá fáilte roimh éadaí bréige agus feistis ar bith a chuirfidh le ceiliúradh Oíche Shamhna. Tuilleadh eolais: https://macnas.com/


DRÁMA: ‘Mar a chéile muid’, Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair, 8.30i.n sa Taibhdhearc, Cathair na Gaillimhe. Dráma grinn de chuid Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha á léiriú ag Ciarán Ó Flatharta agus cóirithe le haghaidh stáitse ag Cumann Drámaíochta Chaorán Aodh Leitir Mealláin. Cead isteach: €12/€8/€6


 

FÉILE SCANNÁIN:Why Not’ Adventure Film Festival, Dé Sathairn 25 Deireadh Fómhair, óna 5.30i.n – 11.00i.n, sa Taibhdhearc, Gaillimh. Féile scannáin bhliantúil a dhíríonn ar na scéalta taobh thiar de imeachtaí spóirt eachtraíochta agus ar na daoine a bhíonn ag plé leo. Tuilleadh eolais: whynotadventurefilmfestival.com/


CEARDLANN: ‘Ceardlann Puipéadóireachta do Dhaoine Óga’, Dé Sathairn 25 Deireadh Fómhair, óna 10.30r.n -11.30r.n, i Scoil Phádraig Naofa. Díreofar ar phearsantacht a léiriú agus carachtair éagsúla a chruthú le puipéid adhmaid. Is é Marc Mac Lochlainn, stiúrthóir agus bunaitheoir ‘Branar’ a chuirfidh an ceardlann i láthair. Is mar chuid d’fhéile ealaíne Roolaboola atá an t-imeacht seo á reáchtáil. Costas: €7 Tuilleadh eolais: linennhall.ie nó 094 902 3733


CEARDLANN:‘Damhsa ar an sean-nós’ le Seosamh Ó Neachtain, Dé Sathairn 25 Deireadh Fómhair, óna 1-2i.n i Scoil Phádraig Naofa. Deis atá sa cheardlann seo cúpla steip a fhoghlaim ó dhuine de na damhsóirí is fearr sa tír. Ceardlann damhsa do pháistí agus tuismitheoirí araon. Is mar chuid d’fhéile ealaíne Roolaboola atá an t-imeacht seo á reáchtáil. Costas: €7 Tuilleadh eolais: linenhall.ie nó 094 902 3733


DRÁMA: ‘The Way Back Home’, Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair, ag a 10r.n agus a 7.00i.n, Dé Sathairn 25 Deireadh Fómhair ag meán lae, sa Linenhall Arts Centre, Leagan stáitse de leabhar le Oliver Jeffers faoi bhuachaill beag a bhfuil samhlaíocht mhór aige. Léiriú gan aon teanga de chuid Branar atá ann atá á thaispeáint mar chuid d’Fhéile ealaíne Roolaboola. Tuilleadh eolais: linenhall.ie nó 094 902 3733

 


LAIGHIN


 

DRÁMA: ‘Dracula As Gaeilge’, Dé Domhnaigh 26 Deireadh Fómhair, ag a 2i.n, Caisleán Bhaile Átha Cliath. Dráma curtha i láthair ag Áras Inse Gluaire/Ionad Ealaíne Iorrais i gcomhpháirtíocht le Fíbín a thugann tuiscint nua ar sheanscéal uafáis le casadh Gaelach. Bunaithe ar an aistriúchán go Gaeilge a rinne Seán Ó Cuirrín ar leabhar Dracula ‘as Gaeilge’ a foilsíodh i 1993, déantar ceangal sa dráma idir saothar Bram Stoker agus an béaloideas. Deirtear gur as an chur síos ‘Drochfhola’ a fuair an t-údar teideal dá shaothar. Is mar chuid d’Fhéile Bram Stoker, 24-27 Deireadh Fómhair, a bhfuil an t-imeacht seo á reáchtáil. https://entertainment.ie/tickets/


PARÁID:‘ The Summoning’, mórpharáid an Samhna le Macnas, Dé Luain 27 Deireadh Fómhair, ag toiseacht ag 5:30i.n, ó áiteanna éagsúla i gcathair Bhaile Átha Cliath. Beidh trí chuid den pharáid ag déanamh a mbealaigh go Cearnóg Wolfe Tone, áit a mbuailfidh siad le chéile am éigin idir 6-6.30i.n. Fáilteofar roimh éadaí bréige agus feitis ar bith a chuirfidh le ceiliúradh na Samhna. Tá an pharáid á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Bram Stoker. Tuilleadh eolais: https://macnas.com/


GRÚPA SIÚLÓIDE: ‘Bímis ag siúl agus ag caint’, gach maidin Dé hAoine, 11.r.n, ag Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Bí ag foghlaim agus aclaí ag an am céanna. Tagann grúpa Gaeilge le chéile go seachtainiúil le tabhairt faoi siúlóid uair go leith timpeall na cathrach. Ní gá áirithintí a dhéanamh agus tá fáilte roimh roimh fhoghlaimeoirí agus cainteoirí líofa ar aon. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar https://dublincity.ie/.


OÍCHE GHAELACH: ‘Oíche Ghaelach’ le Cumann Gaelach Ollscoil Mhaigh Nuad, oíche Dé Máirt, Tigh Uí Bhrádaigh i lár bhaile Mhaigh Nuad. Reáchtálfar an oíche Ghaelach gach seachtain le linn an téarma ollscoile in éineacht leis an Chumann Ceol Traidisiúnta. Tuilleadh Eolais: gaeilge@nuimsu.com

 


ULADH


 

DRÁMA: ‘Makaronik’ le Dave Duggan curtha i láthair ag Aisling Ghéar, 24-25 Deireadh Fómhair ag a 8i.n agus Dé Domhnaigh 26 Deireadh Fómhair ag a 3i.n sa Lyric Theatre, Béal Feirste. Dráma dátheangach atá suite sa bhliain 2084, am nuair atá teangacha an domhain mhóir faoi cheannas ag an ‘impireacht’. Cuirtear inár láthair an fiántas bagrach arbh é Béal Feirste é tráth den saol. Scéal faoin bhaile, faoin tsábháilteacht agus faoin bhunriachtanas dhaonna a thugann orainn teaghlach agus pobal a chruthú. Beidh Makaronik ar camchuairt timpeall na tíre ó thús mhí na Samhna. Ticéad: £12 & £10 Tuilleadh eolais: lyrictheatre.com


CEOLCHOIRM: ‘Folk on Fridays’, Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair, ag a 9i.n, i gCultúrlann Uí Chadhain, Doire. Ceolchoirm mhíosúil a thugann ardán do cheoltóirí tuaithe i gcéin is i gcóngar. An tseachtain seo, is iad Winter Mountain, Sean O’Donnell (Battlefield Band), Siobhán Shiels, and Declan McLaughlin a bheidh i mbun ceoil. Saorchead isteach. Tuilleadh eolais: https://www.culturlann-doire.ie/


CIORCAL CHOMRÁ: ‘Comhrá agus Craic’ gach oíche Dé Luain óna 7-8.3i.n sa chaife ‘Bake My Day’, Eurospar, Ard Mhaca. Fóirsteanach do gach leibhéal. Tuilleadh eolais: cairdeteo.com


CÓR: ‘Cór Loch Lao’ gach Déardaoin óna 7-9i.n sa Chultúrlann, Béal Feirste. Bíonn an cór ag cleachtadh faoi stiúir Dhoiminic Mhic Giolla Bhríde go seachtainiúil agus bíonn fáilte i gcónaí roimh bhaill nua. Deis iontach atá sa chór bualadh le daoine nua, amhráin Ghaeilge a thabhairt leat agus muinín a chothú mar dhuine agus amhránaí. Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie.

 


MUMHAN


 

FÉILE: Scléip na hÓige, Dé Máirt 28 Deireadh Fómhair – 1 Samhain, Cill Airne, Ciarraí. Cuirfear ‘Cluichí agus Ceilí’ tús leis an fhéile oíche Dé Máirt seo chugainn in Óstán Ghleann an Iolair, Cill Airne. Féile ealaíon bhliantúil atá mar chuid de chlár imeachtaí Oireachtas na Samhna. Tiocfaidh baill de chlubanna Ógras, Spleodar, Cumann na bhFiann agus eile le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar gach a mbaineann le cultúr na nGael. Leanfar le comórtais damhsa agus amhránaíochta ar an sean-nós agus ceardlanna de gach cineál Dé Céadaoin agus Déardaoin. Tuilleadh eolais: antoireachtas.ie


CIORCAL COMHRÁ: ‘Caint agus Craic’ gach maidin Dé Sathairn óna 11r.n-12n, sa chaife ‘Suas’ i gCarraig Donn, agus gach oíche Déardaoin 8-9i.n sa Templegate Hotel, Baile Inse. Tá fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí agus Gaeil atá ar cuairt i gCo.an Chláir.


CÚRSA: ‘Bunchúrsa sa Ghrianghrafadóireacht Dhigiteach’, Dé Máirt 11,18, 25 Samhain agus 2 Nollaig, 6i.n-8i.n, san Ionad Lae, Baile Mhúirne, Múscraí, Corcaigh. Costas €50. Más mian leat freastal ar an chúrsa déan teagmháil le Marie Ní Chríodáin, i gComharchumann Forbartha Mhúscraí Teo ar 026-40877 nó trí ríomhphost: marie@cfmteo.com


CÚRSA: ‘Cúrsa ríomhairí agus idirlín do thosnaitheoirí’ Dé Máirt 11,18, 25 Samhain agus 2 Nollaig, 10r.n-12n, san Ionad Lae, Baile Mhúirne, Múscraí agus óna 2i.n- 4i.n i gCuan Barra, Béal Átha an Ghaorthaidh, Corcaigh. Costas – Saor in aisce. Más mian leat freastal ar an chúrsa, déan teagmháil le Marie Ní Chríodáin i gComharchumann Forbartha Mhúscraí Teo ar 026-40877 nó trí ríomhphost: marie@cfmteo.com

 


TIMPEALL NA TÍRE


 

COMÓRTAS: ‘Comórtas Scríbhneoireachta Ealaíona’ – comórtas Nua-Ealaín dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge. Táthar ag lorg léirmheas gearr 400 focal ar a mhéad ar aon taispeántas comhaimseartha ealaíne. €200 / €50 atá ar fáil mar dhuaiseanna agus tá dhá chatagóir ar leith ann, ceann do dhaoine fásta agus ceann do dhaltaí scoile dara leibhéal. Lillis Ó Laoire a dhéanfaidh na buaiteoirí a roghnú. Spriocdháta 5.in 14 Nollaig. Tuilleadh eolais: https://nuaealain.files.wordpress.com


SIAMSA: Sraith oícheanta taibhsí, Dé Céadaoin 29 agus Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair, in ionad ar leith i ngach cúige. Oíche siamsa agus scéalaíochta do theaghlaigh a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáththeanga an tí acu. Tá Glór na nGael atá ag eagrú sraith oícheanta taibhsíochta do theaghlaigh Ghaeilge le haghaidh cheiliúradh na Samhna i gcomhpháirt le heagraíochtaí Gaeilge áitiúla i mBéal Feirtse, Cill Mhantáin, Gaillimh agus Port Láirge. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag +353 86 171 9755 nó ar r.phost ag marcas@glornangael.ie.

Caisleán Bhéal Feirste, Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair, ag a 6.30i.n

Príosún Chill Mhantáin, Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair, ag a 7.30i.n

Teach Gaeilge Loch Riach, Loch Riach, Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair ag a 6.30i.n

Halla Cholmáin sa Sean Phobal, Port Láirge, Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair ag a 6.30in