‘Gaelmail’ – leagan Gaeilge de Gmail seolta

Fáilte mhór curtha roimh sheoladh leagan Gaeilge de Gmail i mBaile Átha Cliath inniu

20141211_162439

Sheol Hector Ó hEochagáin leagan Gaeilge den chóras ríomhphoist Gmail i gceannáras Google i mBaile Átha Cliath inniu.

I láthair ag an seoladh bhí na haistritheoirí a chuir Gaeilge ar chomhéadan na seirbhíse ríomhphoist le bliain anuas.

Cuireadh tús leis an togra nua anuraidh nuair a sheol an tOllamh Kevin Scannell ríomhphost chuig Google ag fiosrú na bhféidearthachtaí maidir le logánú Gaelach a dhéanamh ar Google.

Tá cáil bainte amach ag an Ollamh Scannell i measc na nGael cheana féin mar gheall ar na héachtaí aistrithe atá déanta aige i dtaca le táirgí eile ríomhaireachta ar nós Adaptxt (an méarchlár don chóras Android) agus an comhéadan Gaeilge don bhrabhsálaí Firefox.

Chuir an tOllamh Scannell meitheal le chéile ina raibh idir shaineolaithe logánaithe, ríomhaireachta agus aistriúcháin.

D’oibrigh an mheitheal seo go dian ar bhonn deonach chun Gmail a chur ar fáil sa Ghaeilge.

Ar dhuine de na saineolaithe teanga a d’oibrigh ar an togra bhí Cormac Breathnach, atá ag obair ar an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge atá á chur le chéile ag Foras na Gaeilge i láthair na huaire. Thosaigh Breathnach ag obair ar Gmail tuairim is ocht mí ó shin.

“Bhí an obair dúshlánach go maith ach ní raibh aon leisce orm tabhairt faoi. Is táirge ollmhór é agus ceapaim go raibh dualgas orainn glacadh leis an gcuireadh. Bhí orainn go leor ábhair a aistriú nach mbeadh le feiscint go brách ag Gaeilgeoirí ach a raibh tábhacht ag baint leis mar sin féin,” a dúirt sé.

Mhol Breathnach tosaitheoir an togra, Kevin Scannell, go hard na spéire.

“Caithfear Kevin a lua. Gan saineolas Kevin, bheadh sé deacair rud mar seo a chur i gcrích. Is saineolaí logánaithe é a bhfuil tuiscint ar leith aige ar an logánú agus ar an teanga araon – cén áit ar chóir ainm briathartha a úsáid nó ar chóir modh ordaitheach a bheith ann agus mar sin de.

“Tá sé an-deacair an táirge a shamhlú agus tú ag obair air ach tá Kevin in ann é a shamhlú roimh ré agus chabhraigh sé sin linn go léir.”

Obair dheonach ar fad a bhí i gceist leis an logánú. D’oibrigh an mheitheal le chéile i Meiriceá agus in Éirinn chun an táirge a sholáthar.

Tá obair dheonach mar seo ag teastáil, dar le Cormac Breathnach.

“Tá sé tábhachtach go mbeidh daoine sásta tograí agus tionscadail mar seo a chur i gcrích go deonach. Dá mbraithfimis ar airgead Stáit an t-am ar fad, ní bheadh a leithéid de rud agus Gmail i nGaeilge againn.

“Tá dualgas orainn seasamh sa bhearna bhaoil mar Ghaeil agus seilbh a ghlacadh agus na rudaí seo a aistriú dúinn féin mar níl éinne eile dul iad a aistriú dúinn.”

Gmail Gaeilge 1000px

Tugadh cuireadh do dhaltaí meánscoile chuig ceannáras Google. Ina measc siúd, bhí daltaí Phobalscoil Ghaoth Dobhair a bhí beo ó Thír Chonaill ar scáileán mór.

Bhí daltaí Choláiste Íosagáin i láthair freisin lena múinteoir ríomhaireachta Orla de Bhailís, a bhí an-tógtha leis an ócáid.

“Go minic, cuirtear an teicneolaíocht agus an tsamhlaíocht i mboscaí difriúla. Déantar amhlaidh leis an eolaíocht agus an mhatamatic agus teangacha agus ealaín.

Déanaimid codú i nGaeilge sa scoil agus feiceann na daltaí an bhaint atá idir an Ghaeilge agus an teicneolaíocht.

“Tugann Gmail as Gaeilge beocht don teanga agus is spreagadh iontach dos na cailíní ar fad a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den rang. Tá ár nGaeltacht bheag féin againn sa scoil ach tá seo go hiontach mar go mbaineann sé leis an saol taobh amuigh di sin,” a dúirt Orla de Bhailís ó Choláiste Íosagáin.

Chuir na daltaí a bhí i láthair fáilte mhór roimh an scéal go mbeadh Gmail ar fáil i nGaeilge feasta.

“Bhí iontas orm nach raibh sé i nGaeilge cheana féin; tá mo chuntas Facebook i nGaeilge agus is amhlaidh an scéal do go leor cailíní eile sa rang liom. Sílim go nglacfar leis agus go n-úsáidfear é i measc an aosa óig. Tá sé iontach go bhfuil sé ann,” a dúirt Hannah Kate Ní Shioradáin, atá san idirbhliain i gColáiste Íosagáin.

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an táirge nua freisin.

Mhol Sinéad Ní Dhomhnaill, Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge a úsáidí is a bheidh sé don phobal Gaeilge.

“Cabhróidh sé go mór le gnónna agus le daoine atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid ina saol. Is dea-shampla é do chomhlachtaí eile cé chomh simplí agus chomh tapaidh is gur féidir seirbhísí sásúla trí Ghaeilge a chur ar fáil más mian leo é sin a dhéanamh.”

“Tá súil againn go spreagfaidh Gmail i nGaeilge comhlachtaí eile chun an rogha dhearfach chéanna a dhéanamh,” a dúirt sí.

Le teacht ar an gcomhéadan Gaeilge, níl le déanamh ag an úsáideoir ach an treoir seo a leanas a leanúint:

 

  1. Brúigh “Settings”
  2. Roghnaigh “Display language”
  3. Roghnaigh “Gaeilge”
  4. Brúigh “Save settings” ag bun an leathanaigh.

 

Fág freagra ar '‘Gaelmail’ – leagan Gaeilge de Gmail seolta'