FÍSEÁN: ‘Tuigim go maith an Ghaeilge, ach cloífidh mé leis an bhFraincis murar mhiste libh!’ – Francois Hollande

Bhain ceist a chuir an t-iriseoir Máire Treasa Ní Cheallaigh gáire inniu as Uachtarán na Fraince a lig air féin go dtuigeann sé an Ghaeilge. Dúirt an Taoiseach gur chruthaigh Ní Cheallaigh ‘gur féidir le hÉireannaigh cúpla teanga a labhairt’

Kenny Hollande

Bhain ceist a chuir iriseoir ó Nuacht TG4 gáire inniu as Uachtarán na Fraince Francois Hollande a lig air féin go dtuigeann sé an Ghaeilge agus é ag preasócáid i mBaile Átha Cliath in éineacht leis an Taoiseach.

Chuir Máire Treasa Ní Cheallaigh ó TG4 dhá cheist i ndiaidh a chéile le linn na preasócáide, ceann i nGaeilge don Taoiseach agus ceann i bhFraincis don Uachtarán Hollande.

Agus é ag gáire i ndiaidh na gceisteanna sin, lig Hollande air féin gur thuig sé go maith an Ghaeilge( ‘cette langue là’ agus ‘votre langue’) ach go mb’fhearrde dó cloí leis an bhFraincis agus é ag freagairt na ceiste a chuir Ní Cheallaigh air.

Ag labhairt dó i ndiaidh Hollande, dúirt an Taoiseach go raibh Ní Cheallaigh “tar éis a chruthú gur féidir le hÉireannaigh cúpla teanga a labhairt”.

Ag preasócáid an lae inniu, dúirt Kenny agus Hollande beirt gur cheart don Bhreatain tús a chur chomh luath agus ab fhéidir leis an bpróiseas a bhaineann leis an Aontas Eorpach a fhágáil.

Thug Uachtarán na Fraince le fios nach mbeadh teacht a thuilleadh ag an Ríocht Aontaithe ar mhargaí an Aontais Eorpaigh dá gcuirfí cosc ar shaoirse gluaiseachta oibrithe.

Dúirt Hollande gur chóir go mbeadh áit ar leith sna cainteanna faoi Brexit ag ceist phróiseas na síochána agus an limistéir shaorghluaiseachta idir Éirinn agus an Bhreatain.

Físeán: Merrionstreet.ie

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Tuigim go maith an Ghaeilge, ach cloífidh mé leis an bhFraincis murar mhiste libh!’ – Francois Hollande'