‘Cúis náire’ don Stát an easpa scoileanna lán-Ghaeilge

Beidh grúpaí atá i mbun feachtais chun gaelcholáistí a thógáil ina gceantar féin chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí in earnáil an ghaeloideachais i láthair ag cruinniú i dTeach Laighean inniu

‘Cúis náire’ don Stát an easpa scoileanna lán-Ghaeilge

Beidh grúpaí feachtais ó áiteanna ar fud na tíre i dTeach Laighean tráthnóna a chun a n-éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge nua a chur faoi bhráid Teachtaí Dála agus Seanadóirí.

Beidh ionadaithe os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais ó na feachtais chun gaelcholáistí a bhunú i gCaisleán an Bharraigh, contae Mhaigh Eo; Cloch na Coillte, contae Chorcaí; Cill Dhéagláin, contae na Mí; agus An Tulach Mhór, Contae Uíbh Fháilí. An t-éileamh ar an ngaeloideachas “nach bhfuil á shásamh ag an stát” ábhar an chruinnithe.

Chomh maith leis na hionadaithe ó na grúpaí feachtais, beidh ionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeloideachas, Conradh na Gaeilge agus an Foras Pátrúnachta i láthair chomh maith chun an scéal a phlé.

Nuair a tháinig an rialtas i gcumhacht in 2020, gealladh go ndéanfaí líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge a dhúbailt ach tá céatadán na ndaoine óga a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge tite ó 6.3% in 2019-2020 go dtí 6.1% in 2022-23.

Tá sé mar sprioc ag an Rialtas freisin gaelscoileanna agus gaelcholáistí a chur ar fáil áit a bhfuil éileamh mór ann orthu, ach údar imní ag lucht feachtais an easpa soláthair i dtaobh an ghaeloideachais.

Deir an Roinn Oideachais gur bunaíodh trí ghaelscoil nua in 2021 agus bunaíodh gaelcholáiste nua in 2020 nuair a rinneadh iarbhunscoil neamhspleách d’aonad Gaeilge a bhí ag feidhmiú i scoil Bhéarla.

De réir tuarascála a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais in 2022, i 21 as 26 contae téann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

De réir na bhfigiúirí céanna, níos lú ná aon trian de dhaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i 19 den 26 contae.

“Is cúis náire don Stát é, breis is 100 bliain tar éis a bhunaithe, go bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á dhiúltú don chuid is mó de dhaltaí na hÉireann,” a deir Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh.

“Cé go bhfuil roinnt Gaelcholáistí ann, is é fírinne an scéil nach dtugtar an rogha don chuid is mó de dhaltaí na hÉireann tabhairt faoin nGaeloideachas, más mian leo é sin a dhéanamh,” arsa an Teachta de chuid Shinn Féin.

Deir sé gur léir go bhfuil éileamh ann ar an ngaaeloideachas i measc daltaí agus tuismitheoirí ach nach bhfuil an t-éileamh sin á shásamh.

“Is léir nach bhfuil an Stát fiú sásta freastal ar an éileamh ar an nGaelscolaíocht atá ann ón bpobal cheana féin, gan trácht ar an dualgas atá air, éileamh ar an nGaelscolaíocht a chruthú agus a chothú, a chomhlíonadh. Beidh sé soiléir ó na grúpaí a bheidh os comhair an Chomhchoiste amárach go bhfuil an Roinn Oideachais ag loiceadh ar dhaltaí nuair a theipeann sí an deis a thabhairt dóibh freastal ar scoil ina bhfuil siad ag foghlaim go hiomlán in ár dteanga náisiúnta.”

Chomh maith leis na grúpaí a bheidh i dTeach Laighean, tá feachtais ar bun freisin chun gaelcholáistí nua a thógáil chun freastal ar cheantair BÁC 2, 4, 6, 8, ar Choill na Silíní agus ar Shord i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Príomhfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, le Tuairisc go bhfuil éileamh ann le haghaidh tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge agus go roghnódh daltaí agus tuismitheoirí an tumoideachas dá gcuirfí an rogha sin ar fáil.

Is é seo an chéad chruinniú i sraith cruinnithe ina ndéanfaidh an Comhchoiste scagadh ar an ábhar seo agus ina dtabharfaidh sé tacaíocht d’eagraíochtaí áirithe ar fud na tíre atá ag iarraidh an deis a thabhairt dá gcuid bpáistí oideachas lán-Ghaeilge a fháil.

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley an tseachtain seo caite go bhfuil céim eile tugtha maidir le  foirgnimh nua a thógáil do Ghaelscoil Lir i dTeach Sagard i mBaile Átha Cliath. Tá Litir Intinne le heisiúint chuig conraitheoir chun foirgneamh nua 16 seomra ranga a thógáil ar shuíomh i dTeach Sagard ar a bhfuil foirgneamh nua eile le tógáil d’iarbhunscoil Bhéarla, Coláiste Pobail Fóla.

Fág freagra ar '‘Cúis náire’ don Stát an easpa scoileanna lán-Ghaeilge'

  • Fergus na Foghraíochta

    Déanann sé dochar mór don fhéinmhuinín náisiúnta i leith na Gaeilge nuair a chuireann an Stát fhéin bacanna ar fhás an Ghaeloideachais. Gan fás ar an an earnán Gaeloideachais ní bheidh fáil ar an 20% sin de Ghaeilgeoirí líofa sa seirbhís poiblí, rud atá leagtha síos go soiléir san Acht Teanga.
    Agus na grúpaí seo ag troid ar son Gaeloideachais da bpaistí tá sé soiléir go bhfuil obair an Stáit fhéin á dhéanamh acu; ach é sin in ainneoin an Stáit fhéin!