Clár buan bricfeasta seolta ag Raidió na Life

Beidh Bricfeasta Blasta mar chuid seasta de sceideal an stáisiúin uirbigh as seo amach. Is í Lisa Madden a bheidh á chur i láthair

Raidió na Life

Tá tús curtha le clár nua bricfeasta ar an stáisiún Raidió na Life i mBaile Átha Cliath. Beidh An Bricfeasta Blasta mar chuid de sceideal buan stáisiún Gaeilge na hArdchathrach feasta.

Beidh an clár á chur i láthair ag Lisa Madden ó Luan go hAoine gach maidin idir 8 agus 9rn agus láithreoirí éagsúla ina teannta ó mhaidin go maidin. Ina measc sin, beidh Cian Mac Cárthaigh, bainisteoir Raidió na Life, Aonghus Ó Lochlainn, Pádraig Ó Conghaile agus Caoimhe Ní Chathail.

Is é seo an chéad uair a bheidh clár maidine buan ar Raidió na Life ó bunaíodh an stáisiúin breis agus 20 bliain ó shin. Ar an gclár nua, déantar plé ar mhórscéalta nuachtán, cúrsaí spóirt an lae agus réimse eile ábhar; an aclaíocht, an teicneolaíocht agus cúrsaí áilleachta ina measc.

Dar leis an láithreoir Lisa Madden go raibh bearna sa sceideal ar maidin arbh fhiú é a líonadh.

“Thaitin sé liom i gcónaí a bheith ag éisteacht leis an gclár bricfeasta ar Raidió na Life am ar bith a bhíodh sé ar siúl. Mheas mé go raibh spás ann ar maidin do rud éigin nua agus éagsúil – níl an clár ródháiríre ná rósheafóideach. Tá meascán ann, idir chúrsaí nuachta, spóirt agus spraoi agus, ar ndóigh, bíonn ceol den scoth le cloisteáil gach maidin,” a dúirt Lisa Madden.

Mar chuid den chlár, beidh míreanna grinn – Raidió Ráiméis – á gcur i láthair ag baill an chumainn grinn GaelGÁIRÍ atá tar éis dul i bhfeidhm go mór ar lucht na Gaeilge le cúpla mí anuas.

Tá sé i gceist ag Raidió na Life comórtais a reáchtáil ar an gclár nua maidine freisin. Tá ticéid d’fhéile agus t-léinte Raidió na Life le bronnadh ar bhuaiteoirí chomórtais na seachtaine seo.

Is stáisiúin pobail é Raidió na Life a chraolann trí mheán na Gaeilge seacht lá na seachtaine i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird.

Fág freagra ar 'Clár buan bricfeasta seolta ag Raidió na Life'