‘Caithim an oíche sa seomra feithimh san ionad éigeandála’ – fear gan dídean

Ní bheifear ag comhaireamh William sna figiúirí d’othair ‘ar thralaithe’ sna hospidéil

‘Caithim an oíche sa seomra feithimh san ionad éigeandála’ – fear gan dídean

William an t-ainm a bhí air agus bhí sé tar éis an oíche a chaitheamh i seomra éigeandála Ospidéal an Mater.

Bhí an Mater plódaithe, a dúirt sé – níos measa ná an gnáthphlódú. Go hiondúil bíonn cúrsaí níos fearr in Ospidéal Beaumont, a dúirt sé.

‘An mbíonn tú san ospidéal go minic?’ a d’fhiafraigh muid agus imní ag teacht orainn faoin bhfear bocht.

‘Caithim an oíche sna seomraí feithimh sna rannóga éigeandála,’ a d’admhaigh sé go neamhbhalbh.

‘Ach cá gcodlaíonn tú?’

‘Codladh? Codlaím sa chathaoir an oíche ar fad, sea.’

Ní chuireann an torann sna hospidéil mhóra sin isteach ná amach air. Níl tada mícheart leis – ó thaobh a chuid sláinte, is léir, ach bíonn sé in ann sleamhnú isteach ar bhealach éicint, ag seachaint na híocaíochta a chaithfeas an duine tinn nó an duine gortaithe a dhéanamh.

‘Tá taobhdhoras ann – téim isteach an bealach sin,’ dúirt sé, ag caochadh súl.

‘Ach má chuirtear ceist orm, deirim go bhfuil rud áirithe ag cur isteach orm – go bhfuil mé tinn.’

‘Beidh mé imithe arís sula mbeidh siad tagtha chomh fada liom – tá siad chomh plódaithe sin gur féidir an oíche ar fad a chaitheamh ann – gan aon chur isteach orm.’

As Baile Dhún Laoghaire ó dhúchas do William. Luaigh se eastát beag tithíochta  cois farraige ar an gCarraig Dhubh. Is ann a bhíodh a sheanmháthair ina cónaí. Tá cuimhne mhaith aige ar an mbaile agus ar cheantar Dhún Laoghaire.

Bhí aithne aige ar na háiteacha agus na bruachbhailte ar fad i ndeisceart na cathrach. Ach cé nach raibh sé sean, ná ní raibh cuma an drabhláis air, bhí an saol compordach sin imithe agus fágadh gan dídean é. Tharla rud éigin idir é féin agus an Chomhairle Contae, agus dá bharr sin, chaill sé an t-árasán beag a bhí aige.

Bhí cupán caife aige. An íosfadh sé rud éigin? Ní íosfadh, go raibh maith agat.
Ní raibh cuma ródhona air agus ní raibh aon chosúlacht mhór an ocrais air ach an oiread.
Cén chaoi a gcaitheann sé an lá mura bhfuil aon áit le dul aige?

‘Tá mé ceart go leor, bím ag dul ó áit go háit ar na busanna, agus críochnaím gach oíche san ospidéal,’ d’admhaigh sé.

Bhí mé ag déanamh amach nach dtugann aon duine aon aird air – ní fheictear é in aon áit ar leith. Ní bhaineann sé le haon áit ar leith. Ní bheifear á chomhaireamh sna figiúirí d’othair ‘ar thralaithe’ sna hospidéil.

Nuair a casadh William orm, bhí mé fós ag smaoineamh ar an scannán a chonaic mé an lá roimhe- Io Capitano. Má bhí tú ag smaoineamh ariamh ar an dream a théann ar thurais fhada chontúirteacha ó thíortha éagsúla san Afraic le teacht chuig an Eoraip, seo an scannán a insíonn an scéal óna dtaobh siúd. Is ar éigean go bhfuil duine geal ar bith ann.

Scannán fíorchumhachtach é. Bhí sé ainmnithe do na Gradaim Oscar don scannán idirnáisiúnta ab fhearr i mbliana.

Ach bhuail Zone of Interest é ar deireadh. Chaithfeadh sé go bhfuil sé sin fíormhaith go deo chun an scannán seo a bhualadh.

Bhí mé chomh tógtha le scéal na beirte a d’fhág an tSeineagáil agus na contúirtí éagsúla a ndeachaigh siad tríothu, go raibh mé fós greamaithe de mo shuíochán ag an deireadh. Ní bhíonn a fhios agat go dtí na nóiméid dheireanacha ar éirigh leo nó nár éirigh.

Ach ina dhiaidh sin féin, má d’éirigh leo agus má chuaigh siad i dtír san Iodáil, mar a bhí beartaithe acu, céard a bhí rompu ansin? Agus iad ar a mbealach trasna na Meánmhara i seanbhád adhmaid a bhí ag titim as a chéile, ar shamhlaigh siad iad féin ag campáil ar chosán taobh amuigh d’oifigí i mBaile Átha Cliath?

Tá an aisteoireacht, an stiúradh, an tírdhreach agus gach a mbaineann leis an scannán seo chomh maith sin go gceapfá in amanna gur ag féachaint ar chlár faisnéise atá tú.

Bhí an teannas sin ag a dheireadh agus an chaoi a raibh na fir óga imithe i bhfeidhm chomh tréan sin orm, go raibh mé fós ag smaoineamh orthu agus mé amuigh luath an mhaidin ar casadh William orm.

Bhí an raidió ar siúl sa gharáiste nuair a chuamar isteach ann ar dtús. Scéal éicint faoi bhrúidiúlacht agus lasadh carranna, a bhris trí mo chuid brionglóidí.

Cás eile d’iarracht ar lóistín a chur ar fáil d’iarrthóirí tearmainn a bhí á thuairisciú i gContae Chill Mhantáin agus na gardaí faoi ionsaí fíochmhar ann.

Smaoinigh mé ar an scannán ina dtáinig Seydou agus a chol ceathrar Moussa ón tSeineagáil, trasna ghaineamhlach an Sahára. Ansin caitheadh an bheirt acu i bpríosún, céasadh duine amháin agus caitheadh an duine eile le gunna. Ar deireadh d’éirigh leo spás a fháil ar an seanbhád lofa a thabharfadh trasna na Meánmhara iad.

Bheadh súil agat nach gcríochnódh an scéal i dteach éigin ‘lóistín’ le hionad campála i gcontae Chill Mhantáin.

‘William’ an t-ainm a bhí ar mo chara san Applegreen. Ní raibh lóistín uaidh, a dúirt sé. Tá sé lánsásta leis na seomraí éigeandála ospidéil sa Mater agus i mBeaumont.

Caitheann sé an lá go sona sásta ag taisteal thart. Tá aithne mhaith air i gcuid de na tithe paróiste ar an mbealach. Inniu bhí sé chun bualadh leis an sagart i gCnoc Mhuirfean. Bhí ‘íocaíocht ‘ coicíse le fáil aige toisc go raibh bainis ann seachtain amháin agus chaill sé amach ar an déirc.

Ba léir go raibh daoine ag ceannach deochanna agus bia dó gach áit a stopadh sé. Ghlac sé le ceapaire ispíní an fhad is a bhí sé ag fanacht le dul suas ag an sagart áitiúil. Thosaíodh sé ag caint agus ag insint a scéil agus an chéad rud eile, bheadh cupán caife agus rudaí eile curtha ar an mbord os a chomhair, a dúirt sé.

‘Tá spiorad na Críostaíochta fós thart,’ a dúirt mo leathbhádóir.

‘Ó, d’fhéadfá a rá go bhfuil, chuile áit thart,’ d’aontaigh sé.

Ar nós Seydou agus Moussa, bhí na cleasanna agus na bunscileanna aige. Agus anois is arís, bíonn deis ag an dream ‘neamhfheicthe’ seo casadh le daoine Críostúla.

Fág freagra ar '‘Caithim an oíche sa seomra feithimh san ionad éigeandála’ – fear gan dídean'

  • JP

    Ait le rá é ach casadh a mhacashamhailt de dhuine gan dídean ormsa freisin a mbíodh bheith istigh na hoíche in óispidéil aige ar an gcuma chéanna. Níor cheistigh mé ró-dhian é ach tuigeadh dom go mbíodh tralaí ar a laghad aige! É socair sásta ann féin.
    Bhí fhios aige gach aon rud faoi na hóispidéil agus cén t-am ab fhearr le tabhairt faoi.
    Agus crutch mar theannta aige nó mar phrapa ba chirte a rá, ach dúirt sé liom nach raibh aon mhá gáinne air…
    Ní mé an bhfuil mórán daoine thart a dhéanann a leithéid? Agus an bhféadfadh an nós seo, más nós é, teanchar a imirt ar na figiúirí faoi thralaithe a thugtar amach gach lá?? Beirt eile ón Afraic a casadh orm a chaitheadh an oíche i leabharlann go deas teolaí nó go mbeireadh orthu. D’fhág siad roinnt giúirléidí ina ndeabhaidh, agus scéigh san orthu.
    Is fíor don seanfhocal (sa chás seo) adeir go ‘réitíonn an toil an tslí’.