An tAire Gaeltachta ar cuairt chun na Gaeltachta den chéad uair ó ceapadh í in 2014

Bhí an tAire Humphreys i gcathair na Gaillimhe aréir chun Féile Ealaíon na Gaillimhe a sheoladh agus tabharfaidh sí cuairt inniu ar Roinn na Gaeltachta sna Forbacha den chéad uair ó leagadh cúram na Gaeltachta ar dtús uirthi i mí Iúil 2014

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tabharfaidh An tAire Gaeltachta Heather Humphreys a céad chuairt oifigiúil mar aire ar cheantar Gaeltachta inniu.

Bhí an tAire Humphreys i gcathair na Gaillimhe aréir chun Féile Ealaíon na Gaillimhe a sheoladh, agus tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist aici inniu cuairt a thabhairt ar Roinn na Gaeltachta sna Forbacha den chéad uair ó ceapadh ina hAire sinsearach í ar dtús i mí Iúil 2014.

I ndiaidh di bualadh le foireann a Roinne, beidh cruinniú ag an Aire Humphreys i gceannáras Údarás na Gaeltachta atá taobh leis an Roinn sna Forbacha.

Bhí an tAire Humphreys ar cuairt ar The Print Works ar Shráid an Mhargaidh i gcathair na Gaillimhe aréir chun Féile Ealaíon na Gaillimhe, a bheidh ar siúl ón 11 go dtí 24 Iúil, a oscailt go hoifigiúil. 

Thug an tAire Humphreys le fios an tseachtain seo caite gurb é an t-ainm oifigiúil ar a Roinn feasta An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus go léirítear “trí na healaíona a chur ag tús an teidil go ndéanann an rannán ealaíon suas an chuid is mó de bhuiséad [a] Roinne”. 

Fág freagra ar 'An tAire Gaeltachta ar cuairt chun na Gaeltachta den chéad uair ó ceapadh í in 2014'

  • VB

    Cén fáth a mbíonn daoine i rialtas na hÉireann chomh diúaltach sin i leith gach rud a bhaineann leis an nGaeilge?! An tAire post an tseachtain seo caite, an tAire Gach Rud Eile agus Gaeltachta an tseachtain seo. An cineál searmanas insealbhaithe do airí rialtais atá ann Gaeilge a chaitheamh sna fataí lofa?

  • padraig

    ‘agus an focal ‘Gaeltacht’ thiar i ndeireadh an teidil mar iarsmaoineamh faon lag gan lagbhrioch’ ba cheart di a ra

  • Myles Carroll

    I have a great interest in stories and very much like to improve speaking Irish.
    Regards
    Miley

  • Fionnbarra

    Agus an t-Aire i gCasla, nil a fhios agam cen fath a cloisim guth Banrion Eilis II i mo cheann: “A Uachtaran agus a chairde …”

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.” D’éirigh le lucht na healaíona an tosach a fháil. Tá an Ghaeltacht fágtha ag an deireadh chuile bhealach sa Roinn seo. In áit a bheith ag iarraidh Aire Gaeltachta b’fhearr a bheith ag iarraidh Roinn na Gaeltachta a athbhunú mar Roinn Stáit as féin le buiséad agus modhanna oibre dá chuid féin. Tá tábhacht na Gaeltachta sa Roinn ag lagú le gach athrú rialtais.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bord Náisiúnta na Gaeilge atá ‘dhith ar an tír, seitbhís phoiblí don tír iomlán, agus gnóthaí Gaeilge sa Ghaeltacht mar fho-roinn ann.

    Níl a fhios agam an raibh ateangaire ar fáil don Aire Humphreys nuair a thug sí cuairt ar ‘Roinn’ na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta? Nó ar thiompaigh achan duine ar an Bhéarla ar mhaithe leis an duine amháin seo?

  • Pól Ó Braoin

    An ghaeltacht fágtha go deireadh theideal fhada na roinne sin… Ná ceapaimis go bhfuil aird dá laghad ag an roinn ná ag an rialtas sin ar an ngaeltacht ná ar an nGaeilge… fúinn féin atá sé seans ar bith a thabhairt / a throid ar son leas cheantar na nGael. Bímis bródúil as ár dteanga féin is cuma faoin rialtas sin atá ar a bhionda le beag is fiú a dhéanamh di.