An crith talún a sciob foireann eitpheile agus a d’fhág a gcairde croíbhriste

Ar cuairt chuig an Chipir a bhí éineacht le criú teilifíse a bhí ár gcolúnaí nuair a meabhraíodh di scéal na foirne eitpheile scoile a maraíodh sa chrith talún anuraidh sa Tuirc

An crith talún a sciob foireann eitpheile agus a d’fhág a gcairde croíbhriste

Derya agus Özgü

Bhí an scéal cloiste agam faoin bhfoireann eitpheile scoile a maraíodh sa chrith talún anuraidh sa Tuirc. Ach fós féin, bhain sé creathadh asam, agus mé ag siúl thart i mbaile Famagusta i dtuaisceart na Cipire, nuair a chonaic mé an pictiúr mór ina n-onóir i lár an bhaile.

An lá roimhe sin, agus beirt chailíní ón scoil (Çamlik Acadamy Gazimagusa Türk Maarif) ag caint linn, d’inis siad dúinn faoin lá a bhfuaireadar an drochscéala faoina gcuid cairde. Níor thuigeamar an lá sin go mbeadh muid ag dul thar an scoil féin lá arna mhárach.

Ar cuairt chuig an Chipir a bhí mé in éineacht le criú teilifíse a bhí i mbun cláir faoin tír sin agus go háirithe faoin gcaoi a réitíonn an dá phobal – na Turcaigh agus na Gréagaigh lena chéile. Tá tuaisceart na tíre fós faoi smacht na dTurcach ón uair a ndearna siad ionradh ar an Chipir i 1974. Ní aithníonn aon tír eile ar domhan an stádas sin – ach amháin an Tuirc.

Ní minic a thugann daoine cuairt ar an gcuid sin den oileán ná ní minic a fhaigheann daoine deis an saol ansin a fheiceáil agus labhairt le daoine faoi.

Ba thruamhéalach an scéal a insíodh dom faoin mhaidin chinniúnach sin i mí Feabhra 2023.

Cailini on Scoil le Mehmet an Príomhoide

Bhí Derya agus a dlúthchara Özgü ag freastal ar an scoil, agus b’imreoiri eitpheile iad freisin. Is léir gur cineál coláiste ardleibhéil atá ann – trí Bhéarla a dhéantar an oiliúint ann agus tá caighdeán fíormhaith Béarla ag na mic léinn.

Bhí an crith talún a bhuail an Tuirc ar an 6 Feabhra, 2023 ar ceann de na tubaistí ba mhó a tharla sa réigiún le blianta fada. Bhí sé ar an gcrith talún ba mheasa a bhuail an tír le hos cionn 20 bliain – mharaigh sé os cionn 50,000 duine.  Tugadh an creathadh faoi deara i bhfad ó láthair – san Éigipt agus sa Chipir féin.

Níor éirigh le Derya áit a fháil ar an bhfoireann eitpheile a chuaigh go dtí an Tuirc don chomórtas. Ach bhí sí i dteagmháil go minic lena cairde a bhí imithe go cathair Adiyaman, áit a rabhadar ag fanacht in óstán ard, galánta.

I ndorchadas  na hoíche, bhraith siad an creathadh sa Chipir. Thosaigh na daoine óga ón scoil ag cur teachtaireachtaí chuig a chéile.

‘Céard a tharla? Crith talún sa Tuirc.’

‘An bhfuil sé gar don áit a bhfuil ár gcairde ag fanacht?’

‘Ní féidir teagmháil a dhéanamh leo.’

‘Ná bíodh imní ar bith ort – nach bhfuil siad in óstán cúig réalt?’

‘Tóg go réidh é – cloisfimid uathu maidin amárach.’

An chéad scéal a chuala siad go moch an mhaidin ina dhiaidh sin, chuir sé ar a suaimhneas iad – bhí ainmneacha na ndaltaí scoile ar liosta a thug le fios go bhféadfaí iad a bhailiú. Ach ní raibh aon fhírinne ann agus de réir a chéile fuaireadar amach cé chomh dona is a bhí an scéal.

An comóradh I lár Famagusta

Idir imreoirí óga, mhúinteoirí, chóitseálaithe agus tuismitheoirí, maraíodh 35 a raibh baint acu leis an scoil. Maraíodh an dream a bhí ar an bhfoireann shóisearach – idir 11 agus 14 bliana. Bhí foireann eile in éindí leo a tháinig slán – thosaigh an foirgneamh ina rabhadar san ag fanacht ag tabhairt uaidh, ach bhíodar in ann éalú.

Tá Derya agus Özgü croíbhriste i ndiaidh a gcuid cairde. Iompraíonn an bheirt acu cártaí beaga a bhfuil pictiúir den fhoireann agus dá gcuid cairde féin priontáilte orthu.

Ar nós go leor de na tráchtairí a labhair faoi ag an am, faigheann siad beirt locht ar na húdaráis sa Tuirc agus ar an droch-chaighdeán tógála a mheasann siad a úsaideadh go forleathan sa cheantar ba mheasa a buaileadh. Tá an tragóid á fiosrú sa Tuirc agus daoine tugtha chun cúirte mar gheall uirthi.

Bhí moill mhór ar iarrachtaí cabhrach i ndiaidh na tubaiste. Deir Derya agus Özgu go raibh daoine ag scríobadh na talún lena gcuid lámh ag iarraidh teacht ar aon duine beo. D’éirigh le duine de na máithreacha í féin a scaoileadh as a leaba agus teacht go barr an smionagair.

Dúirt na cailíní linn gur frítheadh coirp na ndaoine óga ar deireadh agus iad fós ina gcuid leapacha. Is cosúil go ndeachaigh foirne tarrthála ón Chipir chun cabhrú leis an iarracht tarrthála sa Tuirc. Ag an am, bhí bóithre tite as a chéile, droichid briste, an t-aerfort as feidhm agus bealaí taistil in aimhréidh ar fad. B’éigean do dhaoine a mbealach féin a dhéanamh go dtí láthair na tragóide.

Tar éis lá a chaitheamh i Famagusta, ag féachaint ar láithreacha stairiúla – ar nós na sráideanna tréigthe i ngeall ar an gcogadh, bhíomar ar ár mbealach ar ais chuig an mbus, nuair a chonaic mé Derya agus Özgü agus cairde leo ag dul isteach an geata chuig foirgneamh mór bán. Ní raibh aon chosúlacht ar an áit go raibh éinne thart ann.

Chas Derya timpeall chugainn– ‘Seo í ár scoil – tar isteach go bhfeicfidh sibh í.’ Ba léir go raibh siad thar a bheith bródúil as an scoil – bhíodar an-sásta seasamh le haghaidh pictiúr nó dhó. An chéad rud eile, tháinig príomhoide nua na scoile, Mehmet, amach chun fáiltiú romhainn.

Cé go raibh sé faoi bhrú agus an scoil ag réiteach don téarma nua scoile, thug sé isteach sa halla fáiltithe muid agus thaispeáin sé na pictiúir de na daltaí agus na daoine fásta a fuair bás sa chrith talún dúinn. Bhí cara a bhí ar an ollscoil leis i measc na marbh, chomh maith le rúnaí na scoile agus daoine eile a bhí bainteach leis an eitpheil. Bhí tocht ina ghlór agus é ag inseacht dúinn fúthu.

‘Bhí an tógáil chéanna ar gach duine againn,’ a dúirt Derya ina dhiaidh sin. ‘Bhí gaol de shaghas éigin idir gach duine againn.’

Ba léir gur fhág an tragóid a rian ar gach duine sa scoil. Dúirt sí go bfaca sí páistí ag siúl thart go ciúin sa chlós scoile, agus an chéad rud eile, bhrisidís amach ag caoineadh. Tá sise in ann labhairt faoi ach is léir gur buille an-trom a bhí san eachtra.

Dúnadh an scoil tar éis na tragóide agus b’uaigneach an radharc é. Ansin maidin amháin, tháinig dhá lánúin Ghréagacha ar cuairt chun na scoile agus d’fhág bláthanna i ndathanna na scoile ar leac an dorais. Bhí cárta leis- ‘Níl sibh fágtha in bhur n-aonar, tabharfaidh muid tacaíocht daoibh, táimid libh.’

Chuaigh an teachtaireacht sin i bhfeidhm go mór ar dhaoine. Tháinig na sluaite ag féachaint ar na bláthanna agus ar an teachtaireacht.

Scoilteadh an dá phobal óna chéile i 1974, ach tá comharthaí dóchais anseo is ansiúd fós.

Fág freagra ar 'An crith talún a sciob foireann eitpheile agus a d’fhág a gcairde croíbhriste'