Tá ciste €900,000 fógartha ag Roinn na Gaeltachta chun deis a thabhairt d’os cionn 800 dalta atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta freastal ar choláistí samhraidh Gaeilge.
Bronnfar na scoláireachtaí do na coláistí Gaeilge ar dhaltaí ó iar-bhunscoileanna DEIS.
Comhionannas deiseanna a chur ar fáil do dhaltaí scoile is aidhm leis an scéim DEIS.
Fógraíodh an scéim dar teideal DEIS Gaeltachta in 2019 nuair a cuireadh ciste €50,000 ar fáil do 50 scoláireacht. Fógraíodh méadú ar an gciste go dtí €400,000 in 2022.
Is fiú, €950, nó 85% de tháille iomlán cúrsa samhraidh trí seachtaine, an scoláireacht. Tá an scéim scoláireachtaí á riar don Roinn ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB).
Agus an maoiniú breise á fhógairt, dúirt Airí na Gaeltachta go raibh tábhacht mhór ag baint léi.
“Tá tábhacht nach beag leis an scéim seo agus níos mó deiseanna á gcruthú do dhaoine óga seans nach bhfaigheadh an deis de ghnáth freastal ar chúrsa samhraidh,” a dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
“Ní hamháin gur chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta an scéim seo ach chun leasa an phobail trí chéile mar a bhaineann sé le hionchuimsiú sóisialta.”
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne gur aitheantas an t-ardú ar luach na scoláireachta – ó €850 go dtí €950 –ar an ngá atá leis an mbearna idir táillí an chúrsa agus an scoláireacht féin a líonadh.
“Tá tábhacht faoi leith le bearta mar seo i dtéarmaí inrochtaineachta, comhionannais agus cuimsitheachta,” arsa an tAire Stáit.
Fág freagra ar '€900,000 curtha ar fáil le deis a thabhairt do 800 dalta freastal ar choláistí samhraidh Gaeltachta'