Ticéid do Taylor Swift as Gaeilge á gceannach go sciobtha ag na Swifties Gaelacha

Beidh an seó nua ‘Tionscadal Taylor Swift – Sreang Dhofheicthe’ ar stáitse an Pavillion i nDún Laoghaire an mhí seo chugainn mar chuid d’fhéile Imram 2024

Ticéid do Taylor Swift as Gaeilge á gceannach go sciobtha ag na Swifties Gaelacha

Tá an-dúil ag daoine in amhráin Taylor Swift a chloisteáil as Gaeilge agus sciob sceab ar thicéid do dhá cheolchoirm bunaithe ar aistriúcháin ar a cuid saothar.

Beidh an seó nua Tionscadal Taylor Swift – Sreang Dhofheicthe ar stáitse faoi dhó in Amharclann an Pavillion i nDún Laoghaire an mhí seo chugainn mar chuid d’fhéile Imram 2024.

Róisín Seoighe, amhránaí as Conamara,  agus an banna Imlé a chuirfidh ar stáitse na leaganacha Gaeilge de chuid de na hamhráin is cáiliúla leis an réalta pop is mó dá linn.

An file agus aistritheoir Gabriel Rosenstock, a chuir Gaeilge ar liricí Swift agus beidh íomhánna a chruthaigh Margaret Lonergan le feiceáil ar an scáileán le linn an tseó.

Deir lucht eagraithe IMRAM go bhfuil an chéad cheolchoirm, a bheidh ar siúl ar an 7 Samhain, nach mór díolta amach cheana féin agus go bhfuil na ticéid don dara ceann, a bheidh ar siúl an oíche dár gcionn, á gceannach go sciobtha ag na ‘Swifties Gaelacha’.

Beidh IMRAM, an fhéile litríochta Gaeilge, ar siúl idir an 7-16 Samhain. Seolfar clár na féile an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ticéid do Taylor Swift as Gaeilge á gceannach go sciobtha ag na Swifties Gaelacha'

  • Carraig

    Cad déarfadh Breandán Mac Gearailt léi?
    Ara, seo libh a Thuairisceoirí, ceannaigh ticéad dó!