Gaoth Dobhair, Na Gaeil Óga agus Clann na nGael i gcluichí leathcheannais, deireadh déanta ag iománaithe Chois Fharraige

Bhí cluichí tábhachtacha ag foirne Gaeltachta an deireadh seachtaine seo agus an iomaíocht ag éirí níos géire sna craobhacha

Gaoth Dobhair, Na Gaeil Óga agus Clann na nGael i gcluichí leathcheannais, deireadh déanta ag iománaithe Chois Fharraige

Dún na nGall

Bhí deireadh seachtaine mór ann i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall agus torthaí gan choinne sna babhtaí ceathrú ceannais. Tá Gaoth Dobhair agus Naomh Adhamhnáin tagtha slán go dtí na babhtaí leathcheannais, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar a chéile, ach ba é scéal mór an deireadh seachtaine ná gur cloíodh Cill Chartha agus na seaimpíní le dhá bhliain anuas, Naomh Conaill.

Den chéad uair ó 2016, ní bheidh fir na nGleanntach i gcluiche ceannais an chontae tar éis do Naomh Adhamhnáin an ceann is fearr a fháil orthu oíche Dé Sathairn, 0-10 i gcoinne 0-9. Bhí cuma i bhfad níos láidre ar Naomh Adhamhnáin sa gcéad chuid den chluiche agus iad 0-5 in aghaidh 0-1 chun tosaigh théis ceathrú uaire. Bearna ceithre phointe a bhí fós idir na foirne ag leath ama, 0-7 in aghaidh 0-3.

Tháinig Naomh Conaill ar ais go láidir sa dara leath, áfach, agus cúig scór as a chéile acu chun dul chun tosaigh den chéad uair agus thart ar dheich nóiméad fágtha. Tháinig Naomh Adhamhnáin ar ais chun na scóranna a chothromú arís agus ba é Eoin McGeehin a d’aimsigh an scór cinniúnach in am cúitimh chun Naomh Conaill a chloí faoi dheireadh.

Casfaidh Naomh Adhamhnáin anois ar Ghaoth Dobhair tar éis d’fhoireann Rónáin Mhic Niallais an ceann is fearr a fháil ar na Ceithre Máistrí, 0-9 in aghaidh 0-7. Bhí fir na Gaeltachta pointe chun deiridh agus deich nóiméad fágtha ach d’aimsigh Éamonn Ó Colm agus Daire Ó Baoill pointí chun borradh a chur faoi Ghaoth Dobhair arís agus d’fhág scór eile ag Ethan Ó Harcáin gur farasbarr dhá phointe a bhí acu ar deireadh.

Coimhlint ghéar a bhí ann i gcaitheamh an tráthnóna i mBealach Féich agus na foirne cothrom ag leath ama, 0-4 an taobh. Dómhnall Mac Giolla Bhríde agus Daire Ó Baoill a d’aimsigh péire de phointí Ghaoth Dobhair sa gcéad leath sin agus fuair Mac Giolla Bhríde agus Éamonn Ó Colm péire eile leath bealaigh tríd an dara leath sular thosaigh teacht aniar Ghaoth Dobhair i gceart.

Naomh Micheál agus an Clochán Liath a bheidh sa gcluiche leathcheannais eile sa gCraobh Shinsir tar éis dóibh buanna gan choinne a bhaint amach.

Rinne Naomh Micheál teacht aniar dochreidte chun Cill Chartha a shárú, 2-8 in aghaidh 0-13. Cé gur bhuaigh Naomh Micheál a gceithre chluiche i mbabhta an ghrúpa, bhí Cill Chartha fós mar rogha na coitiantachta chun an cluiche seo a bhuachan agus ba léir cén fáth nuair a bhíodar seacht bpointe chun tosaigh ag leath ama, 0-9 in aghaidh 0-2.

D’aimsigh Patrick McBrearty a chúigiú phointe sa chluiche luath sa dara leath chun an bhearna sin a mhéadú agus bhí deis aige Cill Chartha a chur níos faide fós chun cinn agus 20 nóiméad fágtha nuair a bronnadh cic éirice ar a fhoireann. Shábháil cúl báire Naomh Micheál, Mark Anthony McGinley, cic McrBrearty. Thug an gaisce sin spreagadh do Naomh Micheál agus laghdaíodh an bhearna le scóranna ó Daniel agus Michael McGinley sular scóráil Colm McFadden an chéad chúl sa chluiche chun í a laghdú tuilleadh.

Chuaigh Naomh Micheál chun tosaigh den chéad uair nuair a d’aimsigh Carlos O’Reilly cúl théis 53 nóiméad agus cé gur chuir McBrearty na foirne ar comhscór arís, fuair Michael McGinley cúilín an bhua in am cúitimh chun an bua a thabhairt do Naomh Micheál, a rinne a n-éacht gan an t-imreoir contae Michael Langan a bheith ar fáil acu.

Rinne Gleann tSúilí iarracht ar theacht aniar i gcoinne an Chlocháin Léith sa gcluiche ceathrú ceannais eile ach d’éirigh leis an bhfoireann Ghaeltachta teacht slán le haon phointe amháin, 2-8 in aghaidh 0-13.

Cúil ó Dhaire Gallagher agus Darren Curran a bhí sa gcéad dhá scór a d’aimsigh an Clochán Liath sa gcluiche chun tús iontach a thabhairt dóibh ach ní rabhadar ach dhá phointe chun tosaigh ag an mbriseadh, 2-2 in aghaidh 0-6. D’fhág cic saor ó Michael Murphy go raibh Gleann tSúilí ar comhscór agus ceathrú uaire fágtha. D’aimsigh an Clochán Liath ceithre phointe as a chéile ansin chun ceannas a ghlacadh ar chúrsaí arís agus cé gur tháinig Gleann tSúilí ar ais arís le trí scór dá gcuid féin, níor éirigh leo an comhscór a fháil.

Sa gCraobh Idirmheánach, tabharfaidh Naomh Columba agus an Tearmann aghaidh ar a chéile sa gcluiche ceannais tar éis dóibh a gcluichí leathcheannais a bhuachan ag an deireadh seachtaine.

Cúl glan a bhí a bhí idir Naomh Columba agus Málainn, 2-10 in aghaidh 1-10. Paddy Byrne a d’aimsigh an chéad chúl d’fhir Ghleann Cholm Cille luath sa gcluiche agus d’aimsigh Ryan McNern an dara ceann ag tús an dara leath chun bearna chinniúnach a chur idir na foirne.

Thóg an Tearmann ceannas ar a gcluiche i gcoinne Naomh Muire sa cheathrú dheireanach chun bua cuimsitheach a bhaint amach, 2-15 in aghaidh 1-8. Bhí na foirne ar comhscór agus ceathrú uaire fágtha ach d’aimsigh an Tearmann 1-7 gan freagra agus cuireadh fir Íochtar na Rosann go tóin poill.

Ciarraí

Tá Daingean Uí Chúis tríd go dtí an chéad bhabhta eile de Chraobh Shinsir an Chontae i gCiarraí tar éis dóibh bua maith a fháil ar Chiarraí Theas, 0-13 in aghaidh 0-7. Chaill an Daingean in aghaidh Chiarraí Láir sa gcéad bhabhta agus bhí siad d’uireasa Tom O’Sullivan, Mikey Geaney, Conor Geaney agus Cathal Bambury don chluiche seo. Bhí fir an Daingin faoi bhrú ag teacht isteach sa gceann seo ach bhí siad chun tosaigh ó thús go deireadh Dé Domhnaigh.

Paul Geaney a d’aimsigh an chéad phointe dóibh théis cúpla nóiméad agus sé phointe ar fad a scóráil an t-imreoir contae. Bhí an Daingean dhá scór chun tosaigh ag leath ama, 0-6 in aghaidh 0-4, ach mhéadaigh siad an bhearna sin sa dara leath le scóranna ó leithéidí Geaney, a chol ceathrair Dylan agus Barry Dan O’Sullivan.

Tá deireadh déanta ag Ciarraí Thiar i gcraobh an chontae tar éis dóibh cailliúint don dara deireadh seachtaine as a chéile. Bhí bua 1-16 in aghaidh 1-11 ag an Ráth Mhór orthu an uair seo. Bhí rás fhir Chorca Dhuibhne nach mór rite ag leath ama agus iad naoi bpointe chun deiridh, 1-9 in aghaidh 0-4, agus cé gur laghdaigh siad an bhearna sa dara leath, bhí an iomarca le déanamh agus an lá le fir na Rátha Móire.

Corcaigh

Tá deireadh déanta ag Béal Átha an Ghaorthaidh freisin i gCraobh Shinsir A Chorcaí ach tá fir Mhúscraí slán ag an ngrád sin don bhliain seo chugainn tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Choiscéim, 1-12 in aghaidh 0-7.

Agus an chéad dá chluiche i nGrúpa 1 caillte acu, is ag iarraidh na babhtaí díbeartha a sheachaint a bhí Béal Átha agus rinneadar sin le taispeántas cumasach go maith. Bhíodar gan Ben Seartan don chluiche agus ní raibh siad ach pointe chun tosaigh ar Choiscéim ag leath ama. Chuir cúl Matt Ó Ríordáin ar bhóthar a leasa iad agus níor bhain mórán dua lena mbua ina dhiaidh sin.

Port Láirge

Is ag dul i dtreo na mbabhtaí díbeartha atá peileadóirí na Rinne tar éis dóibh cliseadh i gcoinne an Ruáin Mhóir tráthnóna Dé Sathairn, 1-8 in aghaidh 0-6.

Ba iad fir na Gaeltachta ab fhearr a thosaigh agus iad cúpla pointe chun cinn agus ceathrú uaire imeartha. Ach chuaigh an Ruán Mór chun tosaigh orthu nuair a d’aimsigh Eddie Nolan, a d’imir sacar d’fhoireann na hÉireann, cúl théis 17 nóiméad.

An cúl sin a bhí idir na foirne ag leath ama, 1-3 in aghaidh 0-3, agus cé gur aimsigh Donie Breathnach agus Ferdia Ó hAodha pointí don Rinn, níor éirigh leo an bhearna a thabhairt isteach agus bhí a gcéad bhua riamh sa gcraobh shinsir ag fir an Ruáin Mhóir.

Baile Átha Cliath

Tá cluiche amháin idir na Gaeil Óga agus Craobh Idirmheánach Peile Bhaile Átha Cliath tar éis d’fhoireann na bhfear a gcluiche ceathrú ceannais a bhaint amach an deireadh seachtaine seo. Dhá phointe a bhí le spáráil ag na Gaeil Óga ar Ghaeil Naomh Séamas ar an Domhnach i gcluiche a chríochnaigh ar 0-14 in aghaidh 0-12.

Imreoidh na Gaeil Óga i gcoinne Ghaeil Raghnallach i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe faoi cheann coicíse. Chinnteodh bua sa gcluiche sin áit i gcluiche ceannais an chontae don chumann lán-Ghaeilge chomh maith le háit sa ngrád idirmheánach den chéad uair riamh.

Gaillimh

Tá iománaithe Mhaigh Cuilinn slán sa gCraobh Shinsir A i nGaillimh an bhliain seo chugainn tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Mullach sna babhtaí dícháilithe, 0-23 in aghaidh 2-16.

Bhí Maigh Cuilinn cúig phointe chun deiridh ag leath ama, 1-10 in aghaidh 0-8, ach d’fhág gaiscí scórála ó leithéidí Diarmuid Davoren agus Colm Cunningham go raibh siad imithe chun tosaigh agus deich nóiméad fágtha. Bhí fir na Gaeltachta i dtrioblóid arís théis 55 nóiméad, áfach agus cúl agus pointe ó Stephen Cahalane á bhfágáil ceithre pointe chun deiridh. Ach tháinig Maigh Cuilinn ar ais go láidir uair amháin eile agus d’fhág pointí ó Davoren agus Cunningham na foirne ar comhscór arís sular aimsigh Davoren a dheichiú pointe ó phoc saor chun an cluiche a bhuachan.

Tá a rás rite ag an dá fhoireann Ghaeltachta a bhí fágtha sa gCraobh Shóisir A Iomána i nGaillimh. Ba iad na cúil a mharaigh an Spidéal i gcoinne Bhaile Átha an Rí agus bua 4-10 in aghaidh 0-14 ag an dream as oirthear na Gaillimhe. Bhí na Sáirséalaigh róláidir do Mhicheál Breathnach an tráthnóna céanna agus foireann eile Chois Fharraige cloíte 4-24 in aghaidh 2-15.

An Mhí

Tá Clann na nGael tríd go dtí babhtaí leathcheannais na Craoibhe Sóisear A i gcontae na Mí tar éis dóibh greadadh a thabhairt do Naomh Ultan, 2-18 in aghaidh 1-10. D’aimsigh Seán Óg Tiernan cúl breá luath sa gcluiche do Chlann na nGael chun tús maith a thabhairt dóibh agus bhíodar naoi bpointe chun tosaigh ag leath ama agus bhí an obair chrua déanta acu faoin am ar aimsigh Tiernan cúl eile sa dara leath

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair, Na Gaeil Óga agus Clann na nGael i gcluichí leathcheannais, deireadh déanta ag iománaithe Chois Fharraige'