Cogadh do Chonraitheoirí
“Tabhair dúinn Cogadh, a Thiarna”
Seán Mistéal a chuir suas an ghuí úd agus chuir sé suas óna chroí í. Agus bhí an ceart aige. Chomh fada is atá ciníocha ar dhroim an domhain a bhfuil a saoirse caillte acu, a bhfuil smacht ag ciníocha nach iad orthu, beidh an ghuí sin ag éirí go cathaoir Rí na nGrást ó chroí loiscthe na ndaorchiníocha. Níl leigheas eile ar scéal na ndaorchiníocha ach an cogadh dearg. Gach aon áit i stair na náisiún a léimid gur thug cine a saoirse do chine eile, baineadh amach í le faobhar claímh agus goin gha. Tá aon eiseamláir amháin ar thíoránach a thug a saoirse do chine a bhí faoina smacht, ach rinne míorúilt Dé an obair in ionad troda an uair sin .i. nuair a lig Faró do chlann Iosrael imeacht as an Éigipt. Ach cás eile ní heol dom. Bhí Impireacht na Róimhe ag titim as a chéile sula bhfuair aon chine de na Proibhinsia [provinciae] saorchead a mbeatha féin a stiúradh; agus an scéal céanna ag Impireacht na Múrach, ag Impireacht na Spáinneach, ag Impireacht Napoleon, ag Impireacht na dTurcach agus ó shin siar.
Is de bhrí agus nádúir Impireachta an tsaoirse a chur faoi chois agus satailt uirthi. Agus féach gur annamh a éiríonn le daorchine a saoirse a fháil go mbristear ar an Impireacht atá mar thíoránach orthu ag Impireacht mhór eile nó ag cumhacht mhór tíoránach cosúil léi féin. Nuair a thitfidh na tíorántachtaí amach agus doirteann siad fuil a chéile go flúirseach is ansin atá seans ag an daorchine a n-anam féin a bhreith leo. Mar sin bhí an ceart ag Seán Mistéal nuair a ghuigh sé “a Thiarna, tabhair dúinn cogadh”.
An mhuintir a mholann an tsíth do dhaorchine níl siad dáiríre agus níl siad cneasta. “Ní fiú deoir fola an tsaoirse,” arsa siad ach níl gíog astu nuair a dhoirtear na tuille fola i gcogadh na dtíoránach. “Maith do bhur naimhde,” a deir siad agus cuma na cráifeachta orthu, ach ní hiad ár naimhde atá i gceist ach naimhde ár dtíre. “Déan dearmad den am atá caite,” a deir siad i modh is go ligfimid don tíoránach cur isteach orainn faoi láthair. Dá ndéanfaí brá de shaordhuine agus é a dhíol le haicme barbarach, an ndéarfaí leis gan a shaoirse a iarraidh ach dearmadadh go raibh sé ina shaorfhear riamh? Agus is mó an díchéille é mar chomhairle do chine ná do dhuine: óir gheobhadh duine bás agus ansin tá sé saor ó bhraighdeanas ach ní bhfaighidh cine bás; is fíorbhuan an cine. Ach an cine a dhéanann síth lena dtíoránach tá an cine sin caillte agus damanta go brách na síoraíochta.
Sinne inár nGaela, teastaíonn cogadh agus síorchogadh uainn. Teastaíonn saoirse ár dtíre uainn. Teastaíonn ár dteanga féin uainn agus tá teanga an Eachtrainn ag cur as di. Teastaíonn ár dteanga féin uainn i scoileanna na tíre agus is í teanga ár namhad atá iontu faoi láthair. Teastaíonn stair ár gcine dá teagasc sna scoileanna. Is í stair bhréagach ár namhad atá á teagasc iontu faoi láthair. Teastaíonn go mbeadh gnó na tíre, saothar agus déantúis na tíre, faoinár lámha féin againn, agus nach lomfar agus nach bhfeannfar sinn le dubhchíos do Ghaill mar atá á dhéanamh faoi láthair.
“Tabhair dúinn cogadh, a Thiarna,” go mbrisfear ar ár naimhde, go mblaisfimid deoch shlánaithe na saoirse arís; go mbeidh Éire faoi réim arís; go mbeidh an Ghaeilge i réim arís; in aon fhocal go mbeidh Éire ina náisiún saor ó chontúirt agus saor ó eagla.
Neart
Guth na mBard
Agallamh idir Art Mac Cumhaigh agus Caisleán na Glasdromainne
I. Art.
A Aolchloch dhaite a bhí seal ag Síol Néill
ar dtús,
Gur básaíodh in Eachroim gach aicme de
na Gaeil, mo chumha,
Le séideadh na mara thug Acolus aréir
do Lúb,
Gur réabadh faoi thalamh do bhallaí ina
mbladhma dubha.
II. An Caisleán
Ní léir dom do fhreagra cé go
gcanann tú an Ghaeilge nua,
Ní leigheasfar mé feasta, is é a mheasaim,
go mbead ar shiúl;
Tá gach sabhaircín thairis dá mbíodh
agam ag méadú clú,
Faoi liaga sa Chreagán is nach bhfeicim
iad go héag ansiúd.
III. Art.
A shaordhúin mhaisigh is deise ná na
céadta cúirt,
An féidir leat seasamh go dtreiseodh
na Gaeil do lúb?
Is é Feidhlim an gleacaí d’aicme Shíol
Néill na rún
Chuirfeadh Séarlas i mbratach ar an
neamhchead do lucht plé i gcúirt.
IV. An Caisleán.
Nach deacair dom seasamh is gan foscadh
nó díon ’mo chúl,
Is fíorscoth na coille in éis a millte
is a géaga dlútha,
Na héanlaith is binne is a gceiliúr
go léir faoi smúit
Ag ceithearnaigh na mbatóg ag eascairt
Dún Réimhe ar shiúl
V. Art
A ghrianáin an fhíona a dtig friothamh na
gréine ’do chúl,
An dtréigfidh tú do thuirse go n-aithriseoidh tú
do scéala dúinn,
Faoi Éire dhaite d’aicme Mhíle
úir,
Shíolraigh an macaomh a d’fhág tusa
faoi léan, mo chumha.
Vi. An Caisleán
Is é fágáil Thoirealaigh a d’fhág arraing
i mo thaobh ar dtús,
Oidhre de threibh Uí Néill Fhrasaigh a
thréig an chúirt,
Tá géimneach allúrach in áit sailm
na cléire cliúine,
Ag Jane agus Woolley do mo chreathnú
le méileach nua.
VII. Art
A árais na seirce a mbíodh gaiscígh
agus iarlaí fút,
Nach fágtha duit ceasnú le caismirt
a méilí nua!
Tá an Spáinneach ag tosú le treise
chun scaoileadh dúinn.
Agus carnfaidh sé Woolley agus a bhunadh go
sléibhte Mhaigh Dhorn.
Fág freagra ar '‘Tabhair dúinn cogadh, a Thiarna, go mbrisfear ar ár naimhde, go mblaisfimid deoch shlánaithe na saoirse arís…’'