An Béarla ‘chun tosaigh’ i dtromlach ionaid oibre chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta i gCois Fharraige

Sa phlean teanga nua a d’ullmhaigh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga maítear go bhfuil faillí á déanamh ag Údarás na Gaeltachta i leith chaomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo

An Béarla ‘chun tosaigh’ i dtromlach ionaid oibre chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta i gCois Fharraige

Tá an Béarla chun tosaigh mar theanga sóisialta agus oibre i dtromlach na n-ionad oibre atá maoinithe ag Údarás na Gaeltachta i gCois Fharraige i gConamara, de réir an phlean teanga nua don cheantar.

Moltar sa phlean freisin go ndéanfaí iarracht “tuiscint fhoireann Údarás na Gaeltachta faoi thábhacht na Gaeilge san ionad oibre a fheabhsú”.

I ráiteas a thug Údarás na Gaeltachta do Tuairisc.ie aréir, dúradh go nglacann an tÚdarás leis an méid atá ráite sa dréachtphlean sa mhéid is go bhfuil an Béarla  “in uachtar i roinnt de na comhlachtaí” i gCois Fharraige.  Dúirt urlabhraí an Údaráis gurb é cuspóir forbartha agus fostaíochta an Údaráis “ná postanna a chruthú do mhuintir na Gaeltachta ar mhaithe le pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht”.

“Tugann an tÚdarás tús áite do ghnóthaí atá teangabhunaithe i gcónaí. Ach, ar an drochuair, níl a leordhóthain fostaíochta in earnáil na Gaeilge le freastal ar riachtanais dhaonra na Gaeltachta,” a dúirt an t-urlabhraí.

Sa phlean teanga a d’ullmhaigh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga i gcomhar leis an gcomhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga, maítear go bhfuil faillí á déanamh ag Údarás na Gaeltachta i leith chaomhnú agus láidriú́ na Gaeilge mar theanga bheo.

Deir an Fóram nach bhfuil “cothromaíocht” ann idir cuspóirí teanga agus eacnamaíochta an Údaráis agus go gcuireann an eagraíocht níos mó béime ar an bhforbairt eacnamaíochta agus ar fhostaíocht ná mar a chuireann sí ar chaomhnú agus láidriú na Gaeilge.

“Tá muid den tuairim go bhfuil ríthábhacht le tacaíocht fostaíochta le go mbeadh obair ann do mhuintir na Gaeltachta sa gceantar ach go dtiocfadh an fhostaíocht le bunchuspóir an Údaráis – caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo,” a deirtear i bplean teanga Chois Fharraige.

Maíonn an Fóram go léiríonn an taighde a rinneadh agus an plean á ullmhú go bhfuil an Béarla ina phríomhtheanga shóisialta agus oibre i dtromlach ngnóthaí i gCois Fharraige a fhaigheann maoiniú ón Údarás.

“Tá sé seo ag teacht salach ar bhunchuspóir an Údaráis,” a deirtear.

Luaitear chomh maith ról TG4 i gcaomhnú agus neartú na Gaeilge mar theanga phobail i nGaeltacht Chonamara.

“Cuireann Ranna stáit agus forais éagsúla maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge m.sh. TG4 agus, [agus] ach oiread le deontais ÚnaG, ní mór a chinntiú go bhfuil caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo mar sprioc lárnach acu.”

Cois Fharraige

Moltar sa phlean teanga go rachfaí i mbun cainte le hÚdarás na Gaeltachta agus leis na comhlachtaí i gCois Fharraige a ndéanann sé maoiniú orthu chun ceist na Gaeilge san ionad oibre a phlé.

Dúirt urlabhraí an Údaráis go bhfuil an eagraíocht “ag tabhairt aghaidh ar chur chuige nua i gcás na bpleananna teanga” sna comhlachtaí a ndéanann siad maoiniú orthu agus go moltar dá gcomhlachtaí “idirdhealú dearfach a dhéanamh i leith cainteoirí Gaeilge”. Dúirt sé go mbíonn lucht na gcomhlachtaí sin báúil don Ghaeilge ach “go bhfuil an tÚdarás ag brath go hiomlán ar a ndea-mhéin”.  Mhaígh an t-urlabhraí go bhfuil “infheistíocht mhór” déanta ag an eagraíocht, i gcomhar le hinstiúidí tríú leibhéal, i gcúrsaí oiliúna trí Ghaeilge a chur ar fáil “i réimse leathan ábhar”.