‘Wouldn’t you rather admit to being a pig than being Irish?’ Baghcat fógraíochta molta mar gheall ar mhasla ciníoch

Cáipéisí Stáit 1985: Lean conspóid mhór foilsiú colún nuachtáin ina raibh tagairt chiníoch ann d’Éireannaigh

John Junor
John Junor

D’éiligh Cónaidhm na nEagraíochtaí Éireannacha sa Bhreatain ar an Rialtas i 1984 ordú a thabhairt do chomhlachtaí a bhí ag fáil tacaíochta ón stát gan fógraí a bhaint amach i nuachtáin de chuid Express Newspapers go dtí go ngabhfadh eagarthóir an Sunday Express leithscéal as masla ciníoch a thabhairt d’Éireannaigh.

Ina cholún Current Events sa nuachtán sin, scríobh an Tiarna John Junor ar an 28 Deireadh Fómhair, 1984 go mbeadh bean chéile Norman Tebbit, Margaret, ag múscailt san otharlann an mhaidin sin agus gan fios aici an mbeadh sí in ann siúl ariamh arís:

“It is all so sad. But surely the saddest, sickest thing of all is that along the Shankhill Road and in Republican homes in Crossmaglen and elsewhere, glasses have been raised and no doubt still are being raised in exultation at what the Brighton assassins achieved in the name of Ireland. With compatriots like these wouldn’t you rather admit to being a pig than being Irish.”

Ag eascairt as an cholún sin, scríobh Jim McGrath, Rúnaí Onóireach Cónaidhm na nEagraíochtaí Éireannacha, chuig an Taoiseach, an Dr Garret Fitzgerald, agus chuig Ambasadóir na hÉireann sa Bhreatain, Noel Dorr, ar an 21 Nollaig, 1984, ag éileamh go gcuirfí cosc ar fhógraíocht i nuachtáin an Express go dtí go ngabhfadh Junor leithscéal le pobal na hÉireann “for the insulting and racist remark’.

Rinne Comhairleoir de chuid Pháirtí Lucht Oibre na Breataine, Luke Kearns (a rugadh i nGaillimh) gearán chuig an Chomhairle Preasa faoin alt agus fuair sé tacaíocht ó bhreis is scór comhairleoirí eile ar Comhairle Chathair Bhradford i Yorkshire. Ach dhiúltaigh Ard-Aighne na Breataine, an Tiarna Michael Havers, John Junor a chúiseamh faoi Acht Ord Poiblí na tíre sin.

Cháin Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, Peter Barry, an méid a bhí le rá ag Junor sa Dáil. Dúirt sé go raibh an t-alt maslach agus ciníoch agus go raibh sé ag iarraidh daoine a ghriogadh d’aon ghnó. Ba thromchúiseach an beart é, dar leis, go ndéanfadh eagarthóir nuachtán náisiúnta neamhaird ar an cháineadh a rinne ceannairí polaitiúla na tíre seo agus grúpaí pobail na nÉireannach sa Bhreatain ar an uafás. 

Chuaigh Roinn an Taoisigh i gcomhairle le hAmbasáid na hÉireann sa Bhreatain agus leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha maidir le héileamh na Cónaidhme i dtaobh staonadh ó fhógraíocht i nuachtáin an Express. I litir a scríobh Rúnaí Príobháideach an Taoisigh chuig an Chónaidhm ar an 14 Feabhra, 1985, dúradh go ndearna an rialtas gearán oifigiúil faoin alt chuig Rialtas na Breataine:

“…the Minister is acutely aware of the offence taken by so many in the Irish Community at the tone of the remarks in question.”

Lena chois sin, dúradh gur chuir an Ambasáid a míshásamh faoin alt in iúl do lucht ardbhainistíochta an nuachtáin.

Dhiúltaigh an Rialtas, áfach, brú a chur ar chomhlachtaí a bhí ag fáil tacaíochta uathu gan fógraí a chur sna nuachtáin úd ach tugadh le fios go bhféadfadh an Chónaidhm féin tionchar a imirt orthu:

“With respect to advertising by the semi-state companies in the Express Group Newspapers, you will be aware that the operational policies of these companies, which includes decisions by the management of each individual company. Any influence which the Federation would wish to bring to bear in this regard should therefore be directed at the management of the companies concerned.”

Ina ainneoin sin, tharraing an comhlacht farantóireachta B&I fógraí siar agus d’admhaigh an nuachtán go bhfuair siad gearáin ó Aer Lingus agus ó Bhord Fáilte fosta. I mBealtaine 1985, rialaigh an Chomhairle Preasa in éadan Junor agus cáineadh é as a chuid focail chiníocha.

Iriseoir conspóideach ab ea Sir John ar a dtugtaí the ‘Laird of Auchtermuchty’ mar leasainm air. Níorbh é an t-alt úd an t-aon ráiteas conspóideach a rinne sé faoi Éireannaigh. Agus é i mBéal Átha Póirín, Co Thiobraid Árann, do chuairt Uachtarán SAM Ronald Reagan sa bhliain 1984, scríobh Junor: “I’d infinitely prefer to spend three days in June looking for worms in a dung heap.”

I ndeireadh ama, ghabh an Tiarna John Junor ‘leithscéal’ teoranta faoin chomparáid a rinne sé idir Éireannaigh agus muca. Tuairiscítear gur thiomáin baicle bheag Éireannach go dtí a theach cónaithe a bhí 30 míle taobh amuigh de Londain le hagóid a dhéanamh in éadan an méid a scríobh sé. Mar thoradh air sin, d’eisigh sé ráiteas a chuir deireadh leis an chonspóid. “The people on my doorstep could not have been more courteous or polite. But clearly they had been flicked to the raw by my comment. So let me make it clear that I think that the vast majority of Irish people are decent and law-abiding and abhor violence just as much as I do.”

Ach mar ba dhual dó, chuir sé aguisín beag leis an ‘leithscéal’ seo: “And as for the yobboes who do support the IRA and rejoice in barbarities like the Brighton Bomb? On that issue I also make an apology. To pigs.”

Fág freagra ar '‘Wouldn’t you rather admit to being a pig than being Irish?’ Baghcat fógraíochta molta mar gheall ar mhasla ciníoch'

  • Pádraig Mac Cearáin

    Tá cuimhne mhaith agamsa ar John Junior, seanchancrán de chuid na heite deise. Bhí sé chomh nimhneach sin go dtiocfadh leis a bheith greannmhar amannaí. Bhí gráin aige ar an saol nua-aimseartha. Agus é ag scríobh faoi Ian Botham dúirt sé go raibh a chuid gruaige chomh fada sin go bhféadfadh sé cocán a dhéanamh de. Níor lú leis an donas ná daoine aeracha.

  • Pól Réamonn

    D’oibrigh sé mar cholúnaí leis an MoS. Ná habair a thuilleadh.