“Uirlis náisiúnta a ligeadh i ndearmad”

Tá ómós á thabhairt i gCathair Chill Chainnigh do cheol ársa na cláirsí Gaelaí an tseachtain seo, áit a bhfuil an fhéile bhliantúil ‘Scoil na gCláirseach’ faoi lán seoil

Siobhán Armstrong
Siobhán Armstrong

As seo go dtí an Mháirt seo chugainn, beidh ranganna ceoil, ceolchoirmeacha, léachtaí agus imeachtaí eile á reáchtáil i gCill Channaigh ag ‘Scoil na gCláirseach’, féile a dhíríonn ar an seanchláirseach Ghaelach agus ar an cheol a bhain leis an traidisiún cruitireachta in Éirinn fadó.

Aithnítear ‘Scoil na gCláirseach’, atá sa tsiúl ó 2003, mar chuid lárnach den iarracht atá á déanamh chun uirlis ársa na nGael a athbheochan.

Le trí bliana déag anuas, tá an-dul chun cinn déanta maidir leis an bpobal a chur ar an eolas faoin tseanchruit agus meabhrú dóibh go bhfuil sí ann. Chomh maith le cuairteoirí as chuile chearn den tír, tá daoine i láthair i mbliana ón Rúis, ón tSeapáin, ón Eoraip, ó na Stáit Aontaithe agus ó thíortha eile eile nach iad.

Dúirt an cruitire Siobhán Armstrong, mac léinn a bhfuil dochtúireacht á déanamh aici faoin tseanchláirseach agus a raibh lámh aici i mbunú na féile, gur cuireadh an scoil cheoil ar bun chun aird a dhíriú ar ‘uirlis náisiúnta a ligeadh i ndearmad’.

“Ní raibh a leithéid d’fhéile ann agus mhothaigh mé go raibh sé an-aisteach, agus fiú náireach nach raibh eolas amuigh ansin faoin tseanchruit Ghaelach, uirlis atá mar shiombail náisiúnta againn.

“Cinnte bhí cleachtadh againn ar fad a bheith ag breathnú air ach ní raibh deis ag éinne fuaimeanna draíochta na huirlise a chloisteáil mar nach raibh mórán á seinm ná mórán uirlisí ar fáil,” ar sí.

Cén fáth ar ligeadh i ndearmad an tseanchláirseach? Go hathchomair, tháinig cruit eile isteach sa tír ón Eoraip ina háit ag tús na 19ú haoise, cláirseach a thug léi an t-ainm céanna.

“Is uirlis ársa í an ‘tseanchláirseach’ atá á seinm in Éirinn le breis agus míle bliain. Tháinig an chláirseach nua chun cinn ó sna 1820í,” a deir Siobhán Armstrong le Tuairisc.ie

Deir Armstrong go bhfuil “difear míle bliain” idir an dá uirlis ó thaobh fuaime, méide, agus crutha. Tá an stíl cheoil agus an cur chuige a bhaineann leis an dá uirlis go hiomlán éagsúil lena chéile freisin.

“Tá gaol i bhfad amach ag an tseanchláirseach leis an chláirseach nua-aimseartha, díreach mar a bheadh ceangal idir an damhsa ar an sean-nós agus an damhsa Gaelach nua-aimseartha. Is téaduirlisí triantánacha iad beirt, ach is mó difríocht atá eatarthu ná cosúlacht,” ar sí.

an tseanchruit i bhfad níos lú an chruit nua-aimseartha, bíonn téada níolóin uirthi agus baintear úsáid as barr na méire len í a seinm. Déantar sreanga práis a chur leis an tseanchruit, mar a rinneadh fadó, agus bíonn gá le hionga fada agus teicnicí traidisiúnta chun í a sheinm.

go mbíonn ríleanna agus poirt á casadh ar an chruit nua-aimseartha, baineann stór na seanchruitirí le hamhráin, caointe, foinn a chastaí ag ócáidí ceiliúrtha agus ócáidí brónacha.

tábhachtach do Armstrong go mbeadh teacht le chéile bliantúil ann chun saineolas a roinnt ionas gur féidir leo a bheith muiníneach go bhfuiltear ag bogadh chun tosaigh ar bhealach atá dílis don traidisiún.

“Historically Informed Performance.. nó ‘HIP’ mar atá sa chaint againn, sin an cur chuige a bhíonn in úsáid againn.”

“Is ag brath ar sean-lámhscríbhinní lán dusta agus ar fhianaise atá ar fáil i scríbhinní eile atá muid chun teacht ar an cheol a mhair i dtithe na n-uaisle agus ar na teicnicí a bhíódh ag na cruitirí fadó.

“Mar a chuirfeá snas ar sheansheoid, bíonn muid ag díriú ar cheol álainn na gcruitirí a thabhairt ar ais agus é á cur i láthair an phobail,” ar sí.

– Cuirfear tús anocht le sraith de cheolchoirmeacha atá á reáchtáil timpeall na tíre agus a mbeidh Siobhán Armstrong, Ann Heymann, an t-amhránaí Róisín Elsafty, agus an píobaire Ronan Browne páirteach ann. Tosaíonn siad ar fad ag a hocht a chlog. Tuilleadh eolais anseo. www.irishharp.org

Cill Channaigh: Eaglais Naomh Mhuire, Sráid San Séamas – hAoine 21 Lúnasa.

Gaillimh: Nun’s Island Theatre, Oileán Altanach – Déardaoin 27 Lúnasa

Béal Feirste: The Cresent Arts Centre – Dé hAoine 28 Lúnasa

Baile Átha Cliath:  Eaglais San Audoen – Dé Sathairn 29 Lúnasa

Fág freagra ar '“Uirlis náisiúnta a ligeadh i ndearmad”'