D’fhéadfadh ionsaí eile ar an suíomh cartlainne Archive.org a bheith an-tromchúiseach don Ghaeilge, a deir saineolaí ríomhaireachta.
Bhí cartlann dhigiteach Archive.org agus an Wayback Machine as feidhm ar feadh seachtaine nuair a rinneadh cibirionsaí ar an Internet Archive níos túisce an mhí seo.
Dúirt an saineolaí ríomhaireachta Gaeilge Kevin Scannell le Tuairisc go bhfuil “go leor leor leabhar Gaeilge” sa chartlann agus go mba mhór an trua mura mbeadh an t-ábhar sin ar fáil don phobal – go mór mór i bhfianaise na n-athruithe a rinneadh ar shuíomh Google Books le deireanas.
“Tá go leor leor leabhar Gaeilge ar fáil sa chartlann gan dabht, leabhair nach bhfuil fáil orthu aon áit eile i bhfoirm dhigiteach agus is mór an trua nach bhfuil an t-ábhar sin ar fáil don phobal faoi láthair. B’fhéidir seachtain ó shin bhí mé ag lorg blúire téacs ó Annála Loch Cé – ba í an Chartlann an t-aon fhoinse amháin a fuair mé ar líne. D’athraigh Google an suíomh Google Books sa chaoi nach mbíonn ach ‘snippet view’ ar fáil go minic, fiú ar leabhair atá saor ó chóipcheart,” a dúirt Scannell le Tuairisc.
Tá an chartlann ar líne arís ach gan ann ach leagan ‘read-0nly’, rud a chiallaíonn nach féidir cur léi i láthair na huaire. Is féidir teacht ar 916,000,000,000 leathanach gréasáin ar an Wayback Machine agus tá an t-uafás leabhar agus cáipéisí eile ar fáil sa chartlann.
Tá go leor de na seirbhísí a chuireann The Internet Archive ar fáil as feidhm fós agus tá ráite ag lucht an tsuímh gur goideadh sonraí ó 31 milliún seoladh ríomhphoist le linn an ionsaithe freisin.
Chomh maith leis an taisce leabhar Gaeilge atá ar Archive.org tá an chartlann tábhachtach do phobal na Gaeilge ar bhealach eile – tá an leagan Gaeilge den suíomh ciclipéide An Vicipéid ag brath go mór uirthi, dar le Scannell.
“Cúis eile go bhfuil an chartlann tábhachtach ná go bhfuil an Vicipéid ag brath go láidir ar an gcartlann mar saghas cúltaca ar thagairtí atá luaite sna hailt. San alt maidir leis an bPicnic Leictreach, mar shampla, tá ocht dtagairt ann ag deireadh an ailt. Cuireann bot naisc leis an Internet Archive isteach, agus dá bharr sin, nuair a imíonn suíomh ón idirlíon, nó nuair a athraítear an URL, beidh fáil ar an bhfoinse mar sin féin agus beidh an t-eolas san alt infhíoraithe fós.
“Tharla sé seo i gcás tagairtí #2 agus #3 san alt faoin bPicnic Leictreach cheana, ceann amháin ón sean-nuachtán Foinse – agus níl ach ceist ama sna cásanna eile,” a dúirt Scannell.
Dúirt foireann an Internet Archive nach mbeidh cuid de na seirbhísí ar fáil go dtí go mbeifear in ann laigeachtaí an tsuímh a iniúchadh agus a láidriú in aghaidh ionsaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo.
Bríd
Iontach Maitiú a bheith ar ais anseo. Ábhar an-spéisiúil aige i gcónaí.
Seán Mag Leannáin
‘Cuireann bot naisc leis an Internet Archive isteach, agus dá bharr sin, nuair a imíonn suíomh ón idirlíon, nó nuair a athraítear an URL, beidh fáil ar an bhfoinse mar sin féin agus beidh an t-eolas san alt infhíoraithe fós.’ Ní thuigim an abairt seo go háirithe ‘bot naisc’ agus ‘infhíoraithe’ (verifiable?).