‘Údar imní agus éadóchais’ faillí an BBC Trust i leith na Gaeilge

Níl aon leagan Gaeilge ar fáil d’fhoirm chomhairliúcháin an BBC Trust atá ar fáil i nGáidhlig agus i mBreatnais ach ann, agus aon tagairt amháin don Ghaeilge atá ar a suirbhé nua

BBC

Tá foirm chomhairliúcháin an BBC Trust maidir lena a bhfuil i ndán do sheirbhísí an BBC ar bhonn réigiúnach curtha ar fáil i nGáidhlig agus mBreatnais ach níl a leithéid curtha ar fáil i nGaeilge.

Déanann an BBC Trust seirbhísí an BBC a athbhreithniú gach cúig bliana agus bíonn deis ag an bpobal tuairimí faoina seirbhísí in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann a nochtadh.

Ní dhéantar ach aon tagairt amháin don Ghaeilge ar shuirbhé chomhairliúcháin nua an BBC. Luaitear an teanga mar chuid de cheist faoi shainchúraim BBC Uladh agus an chaoi a dtugann an stáisiún faoi na sainchúraim sin.

Tá ocht bhfoirm sa suirbhé agus idir cheist amháin agus 11 ceist ar gach aon cheann acu. Baineann trí cinn de na foirmeacha sin leis na tíortha Ceilteacha.

Baineann ceist amháin ar fhoirm na hAlban go sonrach le seirbhísí BBC Radio na Gàidheal agus tagraíonn ceist eile uirthi go sonrach do sheirbhísí BBC Alba. Baineann ceist amháin ar fhoirm na Breataine Bige go sonrach le seirbhísí BBC Radio Cymru.

Nuair a osclaítear leathanach baile an tsuirbhé, tugtar rogha ar thaobh na láimhe deise den scáileán foirm Gháidhlig nó foirm Bhreatnaise a líonadh in áit na gnáthfhoirme Béarla. Níl a leithéid de rogha ann don Ghaeilge.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, nach bhfuil “iontas ar bith” ar Chonradh na Gaeilge faoin easpa rogha Gaeilge.

“Tá díomá mhór orainn faoina laghad aird a thugtar ar chraoltóireacht na Gaeilge sa chomhairliúchán is deireanaí a dhírionn ar chairt de chuid an BBC a bhaineann go príomha leis an tseirbhís a chuireann siad ar fáil ar bhonn réigiúnach.

“Is údar imní agus éadóchais é fosta nach bhfuil leagan Gaeilge den cheistneoir ar fáil, mar atá i nGáidhlig agus sa Bhreatnais. Mar sin féin, níl iontas ar bith ar Chonradh na Gaeilge maidir leis seo agus tá seo ag teacht leis an leatrom leanúnach atá déanta ag an BBC ar phobal na Gaeilge ó thuaidh le fada an lá,” a dúirt sé.

Bhí an Conradh gníomhach ar cheist na Gaeilge sa chomhairliúchán deiridh a bhí ar siúl ag an BBC níos luaithe i mbliana a bhain le cairt an BBC. Dúirt Mac Giolla Bhéin le Tuairisc.ie go lorgóidh an Conradh cruinniú leis an Roinn Cultúir, Meáin agus Spóirt i Sasana chun an cheist seo a phlé.

“Tá sé ríthábhachtach go n-ardaíonn pobal na Gaeilge a nguth i leith na ceiste seo agus go gcuirtear ina luí ar an BBC go gcaithfear plé le pobal na Gaeilge ar an bhonn céanna is a phléitear le pobal na Gáidhlig agus na Breatnaise,” a dúirt se.

Fág freagra ar '‘Údar imní agus éadóchais’ faillí an BBC Trust i leith na Gaeilge'