Uaireanta níor mhiste don scríbhneoir hata an chuntasóra a chur air féin

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní ceird í an chuntasaíocht a bhfuil luí nádúrtha aici leis an scríbhneoireacht, ach…

Uaireanta níor mhiste don scríbhneoir hata an chuntasóra a chur air féin

Ar mhaithe leis an gcraic, shocraigh mé rud beag cuntasaíochta a dhéanamh agus an babhta eagarthóireachta deireanach ar m’úrscéal ar bun agam.

Ní figiúirí díolacháin atá i gceist agam anois (ar ndóigh níl a leithéid ar fáil do shaothar nach bhfuil foilsithe fós) ach líon na ‘dúirt sé’-anna a bhí á mbaint amach agam.

Ba é an chaoi go raibh duine de na léitheoirí cabhracha ar chuir mé an dréacht leathdheireanach de m’úrscéal chucu tar éis m’aird a tharraingt ar an méid uaireanta ar thug mé le fios, gan gá a bheith leis, cé acu de na carachtair a bhí i mbun cainte.

Níl leithéidí ‘dúirt sé’, ‘arsa sí’ nó ‘adeirim’ dofheicthe, mar a mheas mé féin ar feadh i bhfad, agus mar a mhínigh mé ar na leathanaigh seo tamall de mhíonna ó shin seasann na ‘clibeanna cainteora’ sin idir an léitheoir agus an scéal má bhaineann tú barraíocht úsáide astu.

240 clibeanna cainteora a bhain mé amach san iomlán.

Ceann amháin in aghaidh an leathanaigh, ar an meán.

Seo an riail a leag mé síos dom féin: má bhí sé soiléir ón gcomhthéacs cé acu de na carachtair a bhí i mbun cainte, bhí an chlib chainteora le scriosadh – ach amháin i gcorrchás fánach nuair a mheas mé go raibh rithim na habairte níos fearr leis an gclib chainteora iomarcach ann.

Ní clibeanna cainteora iomarcacha amháin a bhain mé amach.

Bhí duine eile de na léitheoirí cabhracha tar éis m’aird a tharraingt ar líon ollmhór na gcomharthaí uaillbhreasa a bhí in úsáid ag mo chuid carachtar agus iad i mbun cainte. Ní ag caint a bhí siad go minic ach ag béiceach! Fiú amháin agus iad ag caint leo féin ina gceann féin!! Agus mar a fheicfidh tú, is beag rud i dtéacs scríofa a chuirfeadh as duit chomh mór sin agus barraíocht chomharthaí uaillbhreasa!!!

Chuaigh 191 acu sin isteach sa bhosca bruscair.

Níor chomhair mé na haidiachtaí, na dobhriathra agus na mínithe gan ghá a bhain mé amach (faraor géar níor smaoinigh mé ar chuntas a choinneáil orthu sin go dtí go raibh mé leathbhealach tríd an mbabhta eagarthóireachta), ach nuair a bhí mé críochnaithe bhí laghdú 3.6 faoin gcéad tagtha ar thoirt an úrscéil agus bhí líon na bhfocal tite ó 70,000 go 67,500.

Mar sin féin, tháinig méadú ar líon na leathanach: 4 leathanach breise, a bhuíochas sin leis na scórtha bristí líne breise a chuir mé isteach d’fhonn rud beag aeir a thabhairt don téacs, a bhí an-tiubh in áiteanna.

Úrscéal níos lúfaire an toradh, tá súil agam, agus téacs a fhágfaidh níos mó spáis do shamhlaíocht an léitheora.

Focal scoir. Ní mholfainn anailís mar seo a dhéanamh ar shaothar gach uile bhabhta eagarthóireachta; ní ceird í an chuntasaíocht a bhfuil luí nádúrtha aici leis an scríbhneoireacht agus níor mhaith leat go dtiocfadh meon aigne ceirde amháin salach ar mheon aigne na ceirde eile. Ní eolaíocht chruinn í an scríbhneoireacht (mar is léir, mar shampla, ó na cásanna ar mheas mé gurbh fhearr clib chainteora iomarcach a fhágáil ann ar mhaithe leis an rithim.) Ach ní haon dochar tabhairt faoi anailís mar seo ó am go chéile, féachaint an dtabharfaidh na staitisticí a bhaileoidh tú greim níos doichte duit ar do chuid scríbhneoireachta féin.

Fág freagra ar 'Uaireanta níor mhiste don scríbhneoir hata an chuntasóra a chur air féin'