Ceann de na dúshláin a bhí romham nuair a dhiúltaigh mo ghníomhaire litríochta don úrscéal a bhfuilim ag obair air ná ciall a bhaint as ráiteas rúndiamhrach dá cuid maidir leis an saothar: mhothaigh sí go raibh an léitheoir ‘scoite amach’ ón scéal.
Scoite amach? Bhí mearbhall orm. San úrscéal sin agam, insíonn beirt phríomhcharachtar an scéal sa chéad phearsa, ar a seal. Táimid istigh i gcloigeann agus i gcolainn na beirte sin ó thús deireadh; faighimid mionchur síos ar a gcuid smaointe agus airímid braistintí a gcuid céadfaí. Cén chaoi ar mhothaigh an gníomhaire litríochta go raibh sí ‘scoite amach’?
Ar mhí-ámharaí an tsaoil, ní raibh sí féin in ann é a mhíniú ach oiread.
Léitheoir eile, duine de dheichniúr profléitheoirí ar chuir mé an saothar chucu, a thug tús léargais dom nuair a tharraing sé aird ar fhrása beag fánach ar bhain mé úsáid as go rómhinic, dar leis: ‘[caint dhíreach], a lean sé air, [caint dhíreach]’.
‘Ní gá duit a mheabhrú dúinn seasta cé atá i mbun cainte,’ a dúirt an profléitheoir sin, ‘táimid féin in ann é a oibriú amach.’ Ar ndóigh bhí an ceart ar fad aige.
Shocraigh mé breathnú arís ar an gcaoi a raibh an chaint dhíreach san úrscéal léirithe agam: ar an bhfrása folamh úd ‘a lean sé air’, gan dabht, ach ar na ‘dúirt sé’-anna agus na ‘arsa sí’-anna ar fad chomh maith.
Bhí i bhfad an iomarca acu ann.
Arís is arís eile, b’in mise ag míniú cé a bhí i mbun cainte nuair nach raibh gá ar bith leis.
In iarracht chun an téacs a dhéanamh chomh soléite agus a d’fhéadfainn, bhí mé tar éis botún bunúsach, ach ceann tromchúiseach, a dhéanamh: ní raibh mé tar éis a cheart a thabhairt do chumas léitheoireachta na léitheoirí.
Ní hamháin sin, ach gach uair dár mheabhraigh mé don léitheoir cén carachtar a bhí i mbun cainte gan gá a bheith leis, mheabhraigh mé don léitheoir go raibh mise ann – an scríbhneoir. Agus ní maith le léitheoirí cuimhneamh, agus ficsean á léamh acu, go bhfuil máistir puipéad ar chúl na bhfocal ar an leathanach.
Gach seans gurbh é sin an chonstaic a mhothaigh an gníomhaire litríochta a bheith idir í agus an scéal, an chúis gur mhothaigh sí ‘scoite amach’: balla a thóg mé le meall mór ‘dúirt sé’-anna. Balla cosúil leis an gclúdach gloine a bhíonn ar chruinneachán sneachta – tá a fhios agat, na bréagáin sin ina mbíonn ‘sneachta’ ag titim ar radharc geimhriúil má iompaíonn tú bunoscionn iad – ach balla, mar sin féin.
D’fhoghlaim mise ariamh go bhfuil an mhír ‘dúirt sé’ ionann is dofheicthe; go deimhin, go bhfuil an frasa céanna chomh neodrach sin go bhfeiceann an léitheoir é mar a bheadh cineál poncaíochta ann (ní hionann agus leithéidí ‘scread sé’, a léimeann amach ón leathanach.)
Ach tá mé tar éis teacht ar an tuiscint anois nach dofheicthe atá ‘dúirt sé’ dáiríre, ach trédhearcach: má bhaineann tú barraíocht úsáide as, scoithfidh tú an léitheoir amach ar bhealach atá chomh deacair sin le tabhairt faoi deara nach mbeidh sí féin in ann a mhíniú cén fáth gur mhothaigh sí scoite amach.
Seacht míle ‘dúirt sé’ a scriosadh amach, sin é an tásc atá romham inniu.
Fág freagra ar 'Tasc an lae inniu: seacht míle ‘dúirt sé’ a scriosadh amach'