Uair na cinniúna tagtha do Luimneach agus an Clár

Tá craobh na Mumhan in airde déine ceart anois agus seaimpíní na hÉireann ag tabhairt aghaidh sa bhaile ar a gcomharsana

Uair na cinniúna tagtha do Luimneach agus an Clár

Tá craobh na Mumhan in airde déine anois ó rinne Tiobraid Árann agus Luimneach slad ar chontae an Chláir agus ar Phort Láirge. Bhí trua agam do na Déise mar gheall ar an léasadh a thug Luimneach dóibh. D’imir curaidh na bliana seo caite chomh maith is a bhíodar ag imirt le linn na sraithe.

Tá Corcaigh sa bhaile anocht agus iad lán de mhuinín i ndiaidh dóibh bua lán spioraid a fháil ar Luimneach coicís ó shin. Tá coicís sosa faighte acu agus Port Láirge ar cuairt chucu agus iad, cheapfá, in umar na haimléise. Ní fheicim ach toradh amháin anseo ach má tá ábhairín beag den bhród fágtha i measc imreoirí na nDéise déanfaidh siad cluiche maith de mar seo an seans deireanach acu a chinntiú go mbeidh scéal dearfach éigin acu i ndiaidh an chraobhchomórtais seo.

Beidh coimhlint i bhfad níos suimiúla ar siúl i bPáirc na Gael i Luimneach amárach agus an fhoireann bhaile ag tabhairt aghaidh ar a gcomharsana as contae an Chláir atá gonta go mór i ndiaidh drochthaispeántas agus drochthoradh i gcoinne Thiobraid Árann. Ba bheag de ‘gháir an Chláir’ a bhí le cloisteáil sna seastáin an tseachtain seo caite agus leamh go maith a bhí an fhoireann ar pháirc na himeartha chomh maith. D’éirigh le himreoirí Thiobraid Árann ceannairí an Chláir a choimeád faoi smacht ó thús. Rinne Brendan Maher an-jab ar Tony Kelly agus rinne an t-ionadaí Barry Heffernan amhlaidh ar John Conlon. Ní fhacamar mórán de Cholm Galvin ná Shane O’Donnell agus bhí tosaithe na dTiobraid Árannach i bhfad róchliste agus an liathróid á seachadadh go tapa snasta acu ó thús deireadh na himeartha.

Bhí údarás ag baint le himirt Luimnigh ina gcluiche siúd chomh maith ach is é bun agus barr an scéil nach bhfuil ach dhá phointe ar an mbord ag an dá chontae, rud a chiallaíonn go bhfuil duais mhór le buachaint i Luimneach amárach. Chaithfeá a rá go bhfuil an móiminteam agus an mhuinín ag Luimneach agus gur acusan atá na dintiúir is fearr. Mar sin féin is é an Clár a bhuaigh na cluichí craoibhe a bhí eatarthu le cúpla bliain anuas. Agus má bhuann Corcaigh anocht agus an Clár amárach beidh a rás rite ag Luimneach i gcraobh na bliana seo is cuma pé toradh a bhíonn ann bhabhta deireanach in aghaidh Thiobraid Árann.

Bunaithe ar an méid a chonaiceamar an Domhnach seo caite ba dheacair gan an fhoireann bhaile a roghnú.

Tá cluiche thar a bheith tábhachtach eile ar siúl i bPáirc Uí Nualláin amárach agus an Ghaillimh ag tabhairt aghaidh ar na Cait. Caithfidh nach bhfuil lucht bainistíochta, imreoirí ná leantóirí na Gaillimhe róshásta leis an bhfeachtas go dtí seo. Ní rabhadar iontach i gcoinne Cheatharlach sa chéad chluiche agus ligeadar do Loch Garman teacht ar ais coicís ó shin cé go raibh an lámh in uachtar acu féin ar fud na páirce. Braitheann siad uathu a laoch Joe Canning agus is boichte iad gan a thaithí, a cheannaireacht agus a ghaiscí scórála. Más fíor na ráflaí, b’fhéidir nach fada eile a bheidh sé ar an taobhlíne. 

Níl ach pointe idir iad féin agus Cill Chainnigh atá ar bharr an tábla. Tá an dá cluiche atá imeartha ag na Cait buaite acu agus cuid mhaith gortuithe ag cur isteach orthu. Anuraidh bhí an bua ag an nGaillimh i mBóthar an Trá ach amárach is dócha go bhfuil Cill Chainnigh mar rogha na n-údar toisc iad a bheith ar a bpaiste féin.

Ní haon áit a bheidh an amárach don imreoir anbhách. Beidh sé ina chogadh ceart ann.

Is deacair a rá cé a bhuafaidh ach ní rachainn i gcoinne na foirne baile.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna tagtha do Luimneach agus an Clár'